Top Issue 1-2024

16 July 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

thUMBs up do Bhanc na hÉireann

Tá mise ar na daoine sin a chreideann go mbíonn infhaiteacht na teicneolaíochta i gcónaí ag tarraing píosa fada siar ó cumas na teicneolaíochta atá ann, ‘sé sin le rá go mbíonn dáileadh agus roinnt na teicneolaíochta déanta i mbealach go mbíonn na soláthróirí céim nó dó chun tosaí orainn i bhfad sula dtugtar amach ar an ghnáth mhargadh aon ‘teicneolaíocht’ úr. Smaoin, mar shampla, ar ríomhairí, gutháin, seinnteoirí ceoil agus físe: ní tuisce go bhfuil ceannaithe agat ná go bhfuil ceann difriúil le tuilleadh cloigíní agus feadóga ar fáil. Is léir go mbíonn ‘drip-feed’ ó ráithe go ráithe, ó bhliain go bliain ag na tairgeoirí nó bíonn siad ag súil go mbeidh daoine ag iarraidh a bheith ‘suas go dáta’ leis an gléas nó uirlís is déanaí. Is mar sin a déantar brabús agus méadú díolúcháin.
Ach uaireanta coinnítear an teicneolaíocht siar gan cúis ná ciall agus bíonn ar dhaoine, ar ghnáth dhaoine, troid agus feachtais a eagrú ionas go mbeidh seirbhísí ar fáil. D’fhógair Conradh na Gaeilge an tseachtain seo go bhfuil siad i ndiaidh a leithéíd d’fheachtas a bhuachaint tríd feachtas a d’eagraigh Coiste Átha Cliath den Chonradh in aghaidh (nó i dtreo, b’fhéidir) Banc na hÉireann.

Rogha i ngach áit, ach in Éirinn?
Beagnach ón tréimhse gur thosaigh úsáid na n-UMB ag leathnú amach timpeall an domhain bhí deiseanna ann le níos mó ná teanga mháin a chur leis an bhógearraí ar na innill. In áiteanna chomh bhocht leis an Bolaiv, nó chomh ioltheangach leis an Ind, nó chomh saibhir leis an Nua-Séalainn nó chomh polaitiúil leis an Fhrain bhí Bancanna ag tabhairt rogha dá gcustaiméirí idir teangacha áitiúla, teangacha dúchasacha, teangacha móra tráchtála agus araile. Ach in Éirinn?
I ráiteas ó Chathaoirleach an Choiste, Seán Ó hAdmaill an tseachtain seo áfach, léirigh sé gur cúis mhór áthais do Chonradh na Gaeilge a chloisteáil go ndeachaigh an feachtas a thosaigh siad le rogha na Gaeilge a chur ar uathmheaisíní bainc (UMB) i bhfeidhm ar bhainistíocht Bhanc na hÉireann agus go bhfuil rogha teanga le fáil ar gach inneall airgid de chuid an bhainc anois.

Feachtas an Chonartha
 D’iarr Coiste Contae Átha Cliath ar bhaill an 200 craobh de chuid an Chonartha, agus ar Ghaeilgeoirí eile nach iad, litreacha a scríobh chuig an brainse áitiúil dá gcuid de Bhanc na hÉireann ag iarraidh ar an mbanc rogha na Gaeilge a chur ar siúl ar an UMB sa bhrainse. Is é toradh an fheachtais go bhfuil seirbhís Ghaeilge ar gach ceann de 500 gnáth-UMB Bhanc na hÉireann mar aon lena 800 UMB miondíoltóra sna siopaí sa 26 chontae anois.
Chuir Ó hAdhmaill fáilte roimh “céim dhearfach Bhanc na hÉireann i dtreo sheirbhís Gaeilge a chur ar fáil dá gcustaiméirí gur mhian leo é. Is cinneadh é a thabharfaidh deis do dhaoine fud fad na tíre beagán Gaeilge a chleachtadh gan stró, agus cuirfidh sé go mór le láithreacht agus stádas na Gaeilge.
“Léiríonn cinneadh an bhanc go bhfuil luach ag baint le seirbhísí Gaeilge a ofráil mar chuid den Fhreagracht Chorparáideach Shóisialta in Éirinn. Tá dea-chleachtas á léiriú ag Banc na hÉireann agus iarrann muid ar na bainc eile atá ag feidhmiú in Éirinn dea-shampla Banc na hÉireann a leanúint agus an seirbhís d’ard-chaighdéan a chuirtear ar fáil do chustáiméirí le Béarla a chur ar fáil do mhórphobal na Gaeilge.”
 
Tríocha bliain ag fanacht
Chuir Banc na hÉireann a chéad UMB i bhfeidhm in Éirinn beagnach 30 bliain ó shin i 1980, agus cé go raibh Gaeilge (ó am go ham) ar chuid des na hinnill i mbancanna san iarthar le deichniúr anuas ní raibh Gaeilge ar na hinnill miondíoltóirí i siopaí ná áiteanna nach raibh ceangailte le banc. Dá bhrí sin is céim chun tosaí í seo a chabhróidh go mór, mar a deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge “le feiceálacht na Gaeilge a chur chun cinn ar shlí uileghabhálach ar fud na tíre”.
Dúirt de Spáinn go bhfuil Banc na hÉireann le tréaslú go hard as rogha na Gaeilge a leathnú ar gach uathmheaisín bainc dá gcuid le déanaí, ach thug sé dushlán leis, ar eagla go mbeadh an Banc ná aon ghrúpa eile ag iarraidh sos a ghabhail i ndiaidh céim chomh bheag sin, nuair a dúirt sé gur  mhaith leis an Chonradh go leathnófaí rogha na Gaeilge mar chuid den tionscnamh UMB miondíoltóra ó thuaidh freisin amach anseo.”

 

Cois Teallaigh i Sráid Chill Dara

Ó am go ham bíonn ar dhaoine ó taobh amuigh an Pháil oíche nó dó a chaitheamh i mBaile Átha Cliath agus ar ndóigh mura bhfuil tú de bhunus na cathrach sin bíonn sé deacair uaireanta teacht ar áiteanna a mbeadh fáilte cuí romhat, mar ghaeilgeoir. Tá dea-scéa ann an tseachtain seo, mar sin, leis an nuacht go bhfuil áis iontach á cur ar fáil do phobal Gaeilge na príomhchathrach ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, is é sin go bhfuil íoslach na Comhdhála, nó ‘Cois Teallaigh’ mar a baisteadh ar an seomra galánta seo le déanaí ar fáil anois don phobal.
Ar dóigh is le fada an lá go raibh Club an Chonartha i Sráid Fhearchair mar cheann scríbe ag go leor Gaeilgeoirí nuair a bhainfidís a ard-chathair amach. Tá cáil agus clú ar an chlub i gcónaí agus amchlár d’imeachta a chlúdaíonn idir ciorcal cómhra, oícheanta do mhic léin, oícheanta idirCheilteach le Breizh, Alba agus eile clúdaithe, agus imeachtaí eile cosúil le seoltaí leabhair, féilte ealaíona agus eile.
Ach in áit chomh mór le Baile Átha Cliath, agus le daonra mór Gaeilgeoirí ann bhíodh daoine i gcónaí ag rá go raibh a roghana ‘teoranta’. Don óige bíonn Club Sult ann, ach ní bhíonn imeachtaí Gaelcultúr i mBarra an Teampaill ar súil i rith na bliana ar fad, agus dá bhrí sin le teacht an aonaid nua beidh neart imeachtaí amhail ciorcail chomhrá, oícheanta filíochta, agus tráth na gceist boird á reáchtáil ag an gComhdháil ‘Cois Teallaigh.’
Suite san íoslach, beidh atmaisféar breá compórdach, seimh ann, i seanfhoirgneamh Seoirseach, bricí dearga nochtaithe agus díonaithe ó trup na cathrach ós do cheann i Sráid Chil Dara. Tá an Comhdháil ag súil ‘Cois Teallaigh’ a chur ar fáil (ar cíos an-réasúnta dar leo féin) le haghaidh imeachtaí Gaeilge/Gaelacha aon uaire, nó le haghaidh sraith d’imeachtaí agus ba cheart fáilte a chur roimh aon ionad a cuirfidh leis a líon imeachta do Ghaeilgeoirí sa phíomhchathair. 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland