2 July 2009 Edition

Resize: A A A Print

Tábhacht nuachtáin don Ghaeilge

TÁ tábhacht ollmhór le nuacht-seirbhís trí mheán na Gaeilge.
Baineann an tábhacht sin le beocht na teanga, stádas na teanga agus le forbairt pobal na teanga.
Is féidir an tábhacht sin a mheas i gcomthéacs an tionchair a bhíonn ag an Bhéarla ar ár saolta agus ar an dóigh a thuigimid an domhain.
Ag teacht sna sála ar druidim Lá Nua roinnt bheag míonna ó shin is amhlaidh is mó díomá atá ar cainteoirí Gaeilge, bíodh siad taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht, go bhfuil deireadh tagtha do Foinse.
I rith na míonna ónar druideadh Lá Nua bhí Foinse i mbun plé le Foras na Gaeilge maidir le maoiniú agus téarmaí an chonartha nua a bhí á thairiscint ar an pháipéar. Cuireann sé isteach ar pobal na Gaeilge nár tháinig an dá dream ar aontas maidir leis an chonradh le seirbhís nuachta a sholáthar don cheithre bliana atá le teacht.
Bhí an nuachtán seachtainiúil ar an fhód ó bhí 1996 ann, ag tabhairt fostaíocht do dheichniúir go lán-aimseartha chomh maith le hobair do shaor-iriseoirí agus eile ar bhonn páirt-aimseartha.
Ainneoin go raibh Foras na  Gaeilge ag ofráil €56 breise in aghaidh na bliana ar an pháipéir thug úinéir Foinse, Pádraig Ó Céidigh, le fios nach dtiocfadh leis glacadh leis an chonradh a bhí ar tairiscint.

SEASAMH SHINN FÉIN
Léirigh an Seanadóir Piaras Ó Dochartaigh seasamh Shinn Féin ar an scéal nuair a thug sé le fios gur scannal amach is amach é nach bhfuil seirbhís nuachta i gcló ag cainteoirí Gaeilge sa chéad teanga oifigiúil.
In iarracht druidim an pháipéir a sheachaint d’iarr sé ar an rialtas tacaíocht a thabhairt dó le cinnte a dhéanamh go mbeidh nuachtán seachtainiúil ann trí mheán na Gaeilge. Ardaíonn teip an pháipéir a shábháilt ceisteanna faoi choimitmint an rialtais, ar sé.
Lean sé leis: “Is tragóid phearsanta é seo d’fhostaithe Foinse a chaillfidh a bpoist ag am a bhfuil sé deacair obair a fháil. Ba mhaith liom mo mheas a léiriú ar a bhfuil tugtha acu thar na blianta do na meáin Ghaeilge.
“Ba mhaith liom mo dhíomá a léiriú fosta nár lean úinéirí Foinse leis an idirbheartaíocht le tuilleamh roghanna a fhiosrú.”
Is teanga nua-aimseartha í an Ghaeilge. Bíonn moll mór postanna in Éirinn, sa Ghaeltachta agus taobh amuigh di, agus thar lear, ag brath ar cumas na bhfostaithe an Ghaeilge a labhairt.
Tá moll mór teaghlaigh le Gaeilge in achan contae sa tír. Fágann na mílte scoláire scoil in aghaidh na bliana agus leibhéil difriúla de chumas acu sa teanga.
Ní fiú aon ceann de na rudaí seo múna bhfuil láthair ag an Ghaeilge sa saol poiblí. Cluinimid go leor cainte faoi na meáin leictreonacha – raidió, teilifís agus an idirlíon ach ainneoin fás s’acu tá áit an leagan crua go fóill.

ÁIT LÁIDIR PHOIBLI DON GHAEILGE
Tá sé tábhachtach go bhfuil áit láidir phoiblí ann don Ghaeilge in Éirinn an lae inniu má tá an rath atá ar an teanga a bhuanú. Ní féidir le fís 20 bliain an rialtais don teanga a fhíorú múna bhfuil soláthar seirbhís nuachta ann.
Is amhlaidh is fearr go mbeidh seirbhís an nuachta sin a dhéanamh ar bhonn laethúil – múna bhfuil is gá do bheith go seachtainiúil.
Deirtear go bhfuil sé de rún ag Foras na Gaeilge conradh nua do sholáthar nuachtáin a chur ar thairiscint poiblí arís. Ba chóir an próiseas sin a thapú láithreach. Má tá ceachtanna le foghlaim as a bhfuil tarlaithe, go nglaca leis na ceachtanna sin.
Beidh baill Sinn Féin d’Fhoras na Gaeilge ag tacú leis an phróiseas seo agus déanfaidh siad gach iarracht le go gcuirfear i gcrích é gan mhoill.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland