Top Issue 1-2024

25 June 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Tinte cnámha agus athraithe cultúrtha

Nuair a bhí mé ar mo bhealach ar ais ó Dhoire go Gaillimh an tseachtain seo, oíche Mháirt an 23 Meitheamh bhí focail amhráin de chuid Christy Moore i gcuimhne agam agus mé ag tiomaint tríd an dorchadas:
“It being on the 23rd of June/the day before the fair”.
Is é aonach Chnoc Uarchoille i gContae an Chláir atá i gceist san amhrán seo agus is beag duine nár chuala (nó nár chán) riamh é. Cé fios nár scríobhadh an t-amhrán ‘Beidh aonach amárach i gContae an Chláir’ faoin aonach céanna nó idir amhrán Christy agus draíocht na hainme féin tá Cnoc Uarchoille/Spancil Hill aitheanta go foirleathan in Éirinn agus thar lear. Ar dhátaí áirithe in áiteanna eagsúla in Éirinn bíonn aonach fadbhunaithe ar súil, mar shampla Aonach Lammas i mBaile an Chaistil ag deireadh Mí Lúnasa, nó Aonach na gCapall i mBéal Átha na Slua, agus aontaí a shíneann a stair siar, uaireanta, go dtí aois an réamhChríostaíochta in Éirinn.
Le titim na hoíche thosaigh mo phaisinéirí beaga ag tabhairt fa’ dheara go raibh go leor tinte cnámha á lasadh agus ós ár gcomhair bhí roinnt mhaith colúin deataigh ag éirí sna spéartha. Is ar an 23 Meitheamh a déantar comóradh de Naomh Eoin agus is siombal so-aitheanta é de bhua na Críostaíochta thar an phágánachas in Éirinn.

Mála plaisteach agus caoinfhulaing chreidimh
Is léir go dtugann muintiír na Gaillimhe aird agus meas ar na traidisiúin a bhaineann le hOíche Fhéile Eoin nó bhí tinte beaga (agus cuid mhaith acu mór go leor) i ngairdíní agus i bpáirceanna fan an bóthar ó bhaile Tuama go dtí gur bhain muid an baile amach. Níl tada agam in aghaidh na dTinte Cnámha cé nár lás mé féin tine ar an oíche seo le seacht nó hocht mbliana anuas – ó thosaigh an comhlacht athchúrsála ag bailiú plaisticí uainn! Tá mé ag magadh, ar ndóigh, ach leis an bholadh a bhí ag teacht ó chuid des na tinte cnámha anocht agus le dorchadas an deataigh féin ag éirí astu bhí cuma ar an scéal go raibh roinnt daoine ag ceiliúradh na hoíche seo mar leithscéal chun sean ábhar sa bhaile nár tugadh amach leis an gabhdáin athchúrsála a dhó! Bheadh sé deacair do na maoir timpeallachta scrúdú a dhéanamh ar luaithrigh gach uile suíomh tine cnámh sa tír le fianais a bhailú faoi daoine ag dó bruascair neamhcheadmhaigh sna tinte, sna mílte tinte. Dá bhrí sin thig linn súil dall a chasadh ar dhaoine ag déanamh damáiste don timpeallacht ar Oíche Fhéile Eoin ar son caoinfhulainge creidimh.
‘Sé an 23 Meitheamh an oíche a chéiliúraítear breith Naomh Eoin, nó Eoin Baiste mar a b’fhearr aithne air, colcheathair Íosa Críost. Roghnaíodh ar an dáta sin sna laethanta luaithe toisc gur rugadh Eoin, de reir na soiscéalta, sé mhí roimh breith Chríost. Ach ní gá go mbeadh Céim Dochtúra i gCreidimh agus Diagacht a bheith ag duine go dtabharfadh sé nó sí faoi dheara cé chomh cóngarach a’s atá an dáta a roghnaíodh (24 Meitheamh) do dháta págánta a bhí ann cheana: an grianstad samhraidh ar an 21 Meitheamh.
Díreach mar a rinne siad le go leor nósanna tráidisiúnta eile, ghabh Críostaithe seilbh ar na dátaí a bhí tábhachtach do na págánaigh in Éirinn agus rinne siad féilte Críostaíocha astu. I measc na bhféilte eile a d’fhulaing an dán céanna bhí Imbolg, Béaltaine, agus Samhain agus cé nach bhfuil na seanfhéilte ‘dearmadta’ tá an ceiliúradh nua-aoiseach difriúl ón fhéile siar in am a chur tús le ceiliúradh agus spraoi ar na dataí seo. Tharla sé seo i dtíortha eile chomh maith agus ní amháin gur ghabh siad seanfhéilire na ndraoithe isteach i bhféilire nua na Críostaíochta ach thosaigh siad ag déanamh suíomhanna páidreoireachta Críostaíochta as na háiteanna a bhí tábhachtach sna creidimh a chuaigh roimh teacht na Críostaíochta.

Féile Eoin Baiste
Maidir le Féile Eoin, féile talmhaíochta a bhí ann ar dtús, nuair a bhíodh na Gaeil ag tabhairt ómois don bhan-Dia Áine, ban-dia agus ban-ríona na Mumhain. Bhí pisreoga éagsúla ag baint leis an fhéile agus cosúil le nósanna agus traidisiún ar bith atá cruthaithe as an nua de shean-traidisiún, bhí idir iarsma den phágánacht agus gnéithe Críostaíocha araon sna nósanna úra a d’fhás suas timpeall ‘tinte Fhéile Eoin’.
Bhíodh na feirmeoirí ag guí do bheannachtaí ar an bharr agus toradh a saothaIr agus scaipfí luaithrigh an tine timpeall na páirceanna an lá dar gcionn. Bhíodh daoine ag leim tríd na lasracha sna tinte comh maith, cuid acu ag iarraidh bua don toradh, cuid ag maíomh as a gcrogacht, cuid mná óga ag leim tríd an tine ag lorg firchéile, agus cuid eile a leim tríd mar spraoi agus craic. Bhí daoine eile a leim tríd na lasracha mar comhartha gníomh dólais agus daoine eile a leim toisc go raibh gach duine eile ag leim. Tuairiscítear go raibh ceol, craic, comhluadar agus deochanna meisce mar chuid lárnach don chéiliúradh.
An tseachtain seo, áfach, nuair a bhí mé ag tiomaint agus ag amharc ar na tinte ní fhaca mé sluaite d’fhir óga, ná mná óga, ná aon cineal fir ná mná eile cruinnithe timpeall na tinte. Tinte uaigneacha ar thaobh an bhóthar a bhí i gcuid is mó acu. Tá an glúin seo sásta leanúint leis na tinte ach níl ann anois ach tine, tine gan comhthéacs (cé go ndeirtear liom go raibh roinnt mhaith tinte le bliain nó dó anuas a ceiliúradh ag lucht na haois nua sna sléibhte i ndeisceart na Gaillimhe agus b’é an grianstad seachas Féile Eoin ba chúis lena gcéiliúradh). An bhfuil an roth ag cásadh an chiorcal iomlán anois b’fhéidir? An bhfuil na págánaigh chun roinnt féilte a athghabhail?

An t-eireaball polaitiúil
‘Sin ráite, áfach, táimid i lár séasar na dtinte eile siúd, na tinte polaitiúla. Sna seachtainí romhainn beidh tinte cnámha oráisteacha á dtógáil i gceantair dhílseoireachta ar fud na Sé Chontae agus má a cheaptar go bhfuil damáiste á dhéanamh ag an corr píosa plaistigh sna tinte Fhéile Eoin samhlaigh an damáiste a déanfar ar oíche an 11 Iúil nuair a lastar tinte déanta as na mílte bonn rubair nó aon ábhar so-dhóite eile atá ar fáil. Ní nach ionadh nár chreid Sammy Mac an Domhain Cláraigh go raibh an duine freagrach as téamh domhanda agus é ag fás suas le boladh rubair dóite ag sásamh a shróin gach Iúil.
Agus níor chóir domh, ach an oiread, colún na seachtaine seo a chríochnú gan slán a rá le Greagóir (Fear Buí le hainm Pápa) Mac Cathmhaoil a d’imigh ón Roinn Cultúir, Ealaíona agus Fóillíochta an tseachtain seo gan orlach a gheilleadh don Ghaeilge. Nuair atá gach traidisiún agus cultúr eile sa domhan oscailte d’athraithe beaga, agus do chomhthathú gnéithe úra isteach ina gcultúr féin ‘seo chugainn Nelson Nach nDéanfadh Dada ar an Domhnach leis an traidisiún frithGhaeilge a chaomhnú. Focal rabhaidh dó: ní mhaireann aon rud go deo, bíodh reimeas na págánachtachta in Éirinn, nó ré na Críostaíochta neamh-dhushlánaithe i ndiaidh sin atá i gceist. Is cuid do-sheachanta den saol an t-athrú. Tiocfaidh Acht Gaeilge a luaithe nó a mhaille. Thig le Nelson an tine cnámha céiliúrtha a lasadh, nó thig linn polasaithe teipthe Nelson agus a leithéid a chaitheadh ar an tine céiliúrtha nuair a bhaintear an tAcht amach. Mar a bhí ann tráth do phágánaigh na tíre seo, beidh air cinneadh a dhéanamh a bheith páirteach sa ré nua nó a bheith dearmadta


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland