Top Issue 1-2024

4 June 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Spóirt an Fhir Uaisle

Cé gur dhúirt mé an tseachtain seo nach ndéanfainn tagairt ar bith do chanbhásáil ná toghcháin an tseachtain seo, chuir radharc áirithe osréalach a chonaic mé agus mé ar an chanbhás, chuir sé mé ag smaoineamh faoi sport agus cultúr in Éirinn. Oíche amháin an tseachtain seo caite bhí mé ag dul trasna páirc fholamh idir dhá eastáit tithíochta ar imeall an baile nuair a chuala mé clic de slat ag bualadh liathróid.
Is dócha go bhfuil daoine ann, saineolaithe de short éigin, a thiocfadh leo aithint láithreach cén sort adhmaid agus cén sort liathróid a dhéanann cén sort fuaime. Cosúil le daoine a aithníonn fuaim feadaíl éanacha, nó fuaim cineálacha inneallacha gluaisrothar óna chéile le linn rás san Oileán Mhanainn nó Dún dTrod nó Rás an Thuaidh Thiar.

Fuinseog, feá, saileach nó mailp
Ar feadh nóiméid mhothaigh mé gur aithin mé an fhuaim: fuinseog agus sliotar, arsa mé liom féin, tá na leaids amuigh ag iománaíocht. Ach bhí an bearna ró-fhada idir buail amháin agus buail eile. Cluiche corr, a cheap mé liom féin, nó daorchluiche a bheas ann. Baineadh geit ceart as nuair a thiontaigh mé an cúinne nó bhí cluiche cruicéid ar súil ag grúpa Éireannaigh nua agus thuig mé ansin gurbh í fuaim sailí a chuala mé seachas fuinseog ná feá ná mailp. Cruicéad, agus iad cruinnithe timpeall a ngeaitín, cuid ag cosaint, duine ag babhláil... agus foireann ilnáisiúnta acu ón Phacastáin, Srí Lanca agus an Ind. Ní fios cé mhéad sean chogaidh a bhí dearmadta (nó ath-troidte) an oíche sin i mBaile Locha Riach ach rud amháin a thug mé fa’ deara ná nach raibh mórán Éireannaigh ar an láthair.

Mícheál Ó Cíosóg agus cruicéad
Níl mórán cruicéad le feiceáil sa cheantar seo cé go ndeirtear gur go Oirthear an chontae, (Gaillimh) a tugadh isteach an cluiche ar dtús ó Arm na Breataine is dócha, breis agus 160 bliain ó shin. In alt spéisiúil ag Seosamh Mac Donnchadha sa leabhar Carachtair Áitiúla, Tionchar Náisiúnta, cuimhníonn Iar Uachtarán an Chumann Lúthchleas Gaeil siar ar bhunaitheoir an chumainn Mícheál Ó Cíosóg, agus an fhíric aisteach gur imir Ó Cíosóg féin cruicéad sular imir sé na cluichí Gaelacha. Is áit, in ainneoin an chosc a chuir an Cumann Lúthchleas Gaeil ar imirt chluichí gallda i ndiaidh sin nár scoiltigh Cumann Cruicéad na hÉireann nuair a rinneadh an tír a chríochdheighilt ach gur mhair lucht an chruicéad, mar a bheadh cumann leath rúnda ar feadh na mblianta fada ó na ficheadaí go dtí na nóchaidí nuair a toghadh iad don chéad uair ar an Comhairle Idirnáisiúnta Cruicéid.

Cruicéad Poblachtánach
D’admhóinn, ní mór a rá, gur luascaigh mé bata cruicéid ó am go ham nuair a bhí mé óg. Taobh amuigh de uirligh catha sráide a bhí chomh éifeachtach a’s a bheadh camán bhí cruicéad féin coitianta go leor timpeall Taobh an Uisce, Ard Mhuire agus an ceantar máguaird nuair a bhí mé ag fás suas, sna seascaidí agus seachtóidí. Sular chúlaigh go leor gníomhaíochtaí pobail agus spóirt i ndá champa bhíodh club Cruicéid Bharr an Chnoic ar Bhóthar an Trinse ag tarraing na sluaite againn chuig cluichí agus is iomaí poblachtánach áitiúil a d’imir uair nó dó leis an chumann i rith na mbliana. Agus mura bhfuil mo chuimhní cinn ag imirt cluiche dá gcuid féin liom anois, bhí tráth ann i lár na seachtóidí nuair a bhí an cumann Sinn Féin áitiúil, fiú, ag iarraidh foireann a chur le chéile ní amháin do chomórtais an Chumann Lúthchleas Gael, ach do chomórtais samhraidh cruicéid. B’fhéidir gur cúis náire é ach déarfainn go raibh am ann nuair a bhí níos mó tuiscint ag cuid againn ar buailtí ceithre, buailtí sé, overs, lbws, maidens agus creases ná már a bhí againn ar pocanna, seasca a cúig, ná rialacha agus nósanna CLG.
Níl aon suim agam i gcruicéad anois, ar ndóigh, agus is fada an lá ó d’amharc mé ar chluiche fiú, gan a bheith ag caint faoi freastal ar chluiche. Bhí an t-am ann nuair a b’é an tráchtaireacht ar an raidió (Raidió 4 ar ndóigh) an chuid is spéisiúla den spóirt, agus nuair a bheadh tostanna fada briste le abairtí aisteacha ón tráchtaire mar “The bowler’s Holding, the batsman’s Willey” agus a leithéid.

Athraithe cultúrtha in Éirinn
Ach is dócha go bhfuil cluiche amhail cruicéad ina shampla d’athraithe cultúrtha sa tír seo – ar lámh amháin bhí cinnidh polaitiúla ag imirt tionchair ar mheon daoine éagsúla ar sport (mar shampla an díospóireacht faoi rialacha an CLG a bhain le páirtíocht sna codanna cluiche gallda, le ballraíocht an chumainn agus ballraíocht fórsaí na corónach agus le húsáid páirceanna i gcomhair cluichí gallda); agus ar an lámh eile bhí na hathraithe spóirt a rinneadh ag imirt tionchair ar meoin pholaitíochta na tíre.
Nuair  a d’fhéach mé ar an ghrúpa nua-Éireannaigh, inimircigh don tír seo a thug leo a gcuid tuiscintí agus cuimhní féin ar stair coilíneachais na Breataine agus iad ag imirt ceann des na spóirteanna is mó a aithnítear leis an choilíneachas bhí ionadh orm. An é gur mhaith leo an cruicéad? An é nár chrónaigh siad na spóirteanna dúchasacha a bhí ann sular tháinig na Coilínithe ag scrios a gcultúir féin? Nó an é gur cuma leo faoin nasc idir spóirt, cultúir agus féiniúlacht mar náisiún agus go raibh siad sásta an cluiche coilíneach a imirt ach é a imirt níos fearr ná na daoine a mhúin dóibh é?

Measúnú an rialóra coilínigh
I leabhar an imreora cruicéid Ashis Nandy The Tao of Cricket, scríobh sé go raibh muintir na hInde ag féachaint ar an ‘moral posture of the superiority and self-control of the gentleman cricketer’ agus ag baint úsáid as sin mar slat tomhais gur lig sé (cruicéad) ‘the Indians to assess their colonial rulers by western values reflected in the official philosophy of cricket, and to find the rulers wanting. . . .  Cuimhnigh ar fhocail George Jackson (Soledad Brothers) ag scríobh faoi úsáid an Bhéarla ag Afra-Mheiriceánaigh gur chóir dóibh ‘accept this language but corrupt it so skillfully that white men are caught in its trap’ agus is dócha gur féidir an rud céanna a dhéanamh tríd an spóirt.
Ag leibhéal eile d’fhág an radharc sin d’inimircigh ag imirt cruicéid míshuaimhneach mé, cé nach raibh mé cinnte cén fáth. Mhothaigh mé gurbh ionann an cruicéad agus easpa comhtháthaithe. ‘Seo grúpa inimircigh, ina gcónaí faoi scáth na páirce áitiúla CLG ach atá ag roghnú cruicéid seachas iománaíochta do spraoi na hArd tráthnóna. Tuigim go maith go mbíonn an Cumann Lúthchleas Gael ag déanamh iarrachta páistí óga ó mhuintir na nua-Éireannach a thabhairt isteach sna cúrsaí oiliúna, agus in go leor scoileanna ar fud na tíre bíonn páistí ó chúlra éagsúla agus le dathanna craicinn difriúla ag imirt na spóirteanna ‘dúchasacha’ mar iománaíocht agus peil agus is ceart agus is cuí é sin mar chuid de phróiseas comhtháthaithe. Nár chóir dúinn, áfach a bheith ag foghlaim agus ag súigh isteach cultúir na n-inimirceach in ár gcultúr chomh maith. Cé fios – dá dtabharfaimis faoin chomhtháthú i mbealach cliste – nach mbeadh an tír seo in ann foireann íol chúlra, do-sháraithe a chur ar pháirc amach anseo?  Anois, cá chuir mé an buidéal ola rois...


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland