30 April 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cuairt ar Musaem na bPiarsach eagraithe ag an gCumann Gaelach Átha Cliath


LE AISLING Ní FHEARGHAIL

D’eagraigh an Cumann Gaelach Bhaile Átha Cliath turas ar Musaem na bPiarsach i Rath Fearnáin an Satharn seo caite mar chuid de chomóradh na Cásca. Déanann Musaem na bPiarsach beatha agus saothar Liam agus Pádraig Mhic Piarais a cheilliúradh.
Turas suimiúil, idirghníomhach taitneamhach a bhí ann aineoin nach raibh ‘Dúchas’ in ann treoraí le Gaeilge a chuir ar fáil don turas. Ghlac ball den chumann leis an ról mar theoraí agus bhí rannpháirtíocht iomlán ag an ngrúpa ar fad freisin. Ar ndóigh is beag poblachtannaigh nach bhfuil cur amach aige/aici ar na Piarsaigh ach ba mhór an t-ionadh an tobar eolais a bhí ag an ngrúpa agus iad ag nochtadh fírící ar nós go raibh athair Phádraig pósta dhá uaire, go raibh beirt leath deartháir ag na Piarsaigh, agus  an uimhir teileafóin a bhí ag Scoil Éanna ná ‘Rath Fearnáin a hocht’. Rinne tagairt fosta do chlann Jim Larkin a diúltaíodh cead dóibh freastal ar scoil Caitliceach ar bith i mBaile Átha Cliath toisc an ‘lock-out’ ach gur thug an Piarsach áit dóibh i Scoil Éanna.
Go príomha thug an turas an deis don ghrúpa machnamh a dhéanamh ar an dtábhacht a bhain le athbheochan na Gaeilge leis an Éirí Amach agus an ardluach a chuir na sínitheoirí den fhóróga ar ár dteanga dúcháis. Tugadh chun cuimhne fosta gur bunfhealsúnacht a bhí ag Pádraig Mac Piarais ná nach raibh  aon ghá an Ghaeilge a mholadh, ní raibh gá ach í a usáid.
Níor chríochnaigh an lá ag Scoil Éanna afách. Lena gcroíthe lán de mhisneach agus a gcinn lán le eolas lean an slua leo go  oíche de chraic, ceol(?) agus taitneamh  ag ‘Sinn Féin’s got Talent’ i bhFionnghlas áit nach raibh gá an Ghaeilge a mholadh, díreach í a labhairt...

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland