Top Issue 1-2024

9 April 2009 Edition

Resize: A A A Print

'1916 and all that'


Leirmheas LeAbhair
50 Things you didn’t know about 1916
By Mick O’Farrell
Foilisithe ag
Mercier Press
Price €7.99
LE AENGUS
Ó SNODAIGH


Agus leanann na leabhair, leathnaítear an léargas, scaiptear seafóid na n-athscríobhaithe agus téann ár dtusicint air i ndoimhneacht.
Agus nach mithid.
Muid ag druidim i dtreo chomóradh chéad bhliain an Éirí Amach níl amhras ach go mbéifear ag foilsiú, ag ransú is ag beachtú.
Ceann de na céad leabhair sa treo sin, san slua tosaigh mar a déarfá, tá leabhar rí-thaitneamhach díreach foilsithe ag Mercier Press, 50 Things you didn’t know about 1916 le Mick O’Farrell. Agus ar eagla go gcuirfear im choinne go bhfuil mé claonta, admhaím go bhfuilim nó is col-ceathair liom féin an t-údar! Ní hé go n-aontaíonn muid in achan rud ar ndóigh, ach is cinnte go n-aontaíonn muid gurbh fiú an toradh, nó is deacair ceann a shamhlú astu san a fhoilseofar idir so agus 2016 a bheidh chomh taitneamhach, chomh so-léite leis an gceann seo.
Scéalta beaga gairide atá cnuasaithe aige ó fhoinsí éagsúla – a bhailiúchán féin san áireamh nó thoilg sé an galar san, is dócha, ónár sean-athair a chuir ceann dena leabharlanna príobháideacha, de stair áitiúil (d’Iarthar Luimní ach go háirithe), is fearr dá bhfuil ann le chéile!
Scéalta móra, scéalta beaga, scéalta barrúla, scéalta a léiríonn gnéithe de scéal na seachtaine san nach bhfuil ar eolas againn coitianta.
Cá h-áit a scaoileach céad urchar an Éirí Amach, mar shampla. I gContae Laoise agus an bóthar iarainn á loit ag na hÓglaigh ag Colt Wood istoíche Domhnaigh an 23ú. (Ní hamháin nach luaitear gníomhaíochtaí mar é ach diúltaíodh, deir m’athair liom, bonn 1916 a bhronnadh ar an ceannasaí san dúthaigh, Michael Gray.)
Arbh eol duit go raibh 25 neomait dífríocht idir GMT agus DMT an tráth san agus go raibh pící á ndáileadh ar chosantóirí TCD, pící a bhí tógtha ó Fíníní 1867! Bhíodar le h-úsáid dá mba gá in éadan na “Fenians ideological descendants” mar a dúirt ‘Chief Stewart’ an Choláiste, Joseph Marshall, agus é á ndáileadh. Chuala tú ár ndóigh faoi George Plunkett agus lucht Cheann Mhaí gona pící is eile ag glacadh seilbhe ar tram (le bheith in am ag Oifig an Phoist) agus George ag rá leis an stiúrthóir “59 twopenny fares and please don’t stop until we reach O’Connell Street”.
Chuala tú faoin sos lámhaigh Lá Nollaig idir Shasanaigh agus Gearmánaigh le linn an Chéad Chogaidh. Bhíodh a chomh sos idir Sasanaigh agus an Irish Citizen Army (ICA) i Faiche Stiabhna agus coiméadaí na páirce san, James Kearney, ag imeacht as a a theach sa pháirc, gach lá “to feed the ducks”.
Baineann comhartharlúintí le gach aon rud. Bíodh canna stáin ar théada in úsáid le teachtaireachtaí a sheoladh ón GPO do Sráid an Iarla Thuaidh. Scaoil naoscaire ó dhíon Choláiste na Tríonóide an canna agus mar a tharla bhuail Brennan-Whitmore (a bhí ar fhoireann an Phluincéadaigh, agus a d’eagraigh an bhealach cumarsáide úd) leis an Astráileach a ‘mharaigh’ an canna sin agus é i bhFrongoch. Ríméad air an Astrálach, “Did I get it?”.
Gan amhras dúisíonn sé ceisteanna ach san dóígh go gceapfar go leanfaidh sé iad nó tá srón an lorgaire aige (é ag tarrac as dhá dhialann den tréimhse, ceann ag duine a bhí i Jacobs , ach nach bhfuil ar liosta na bpríosúnaigh ina dhiaidh, agus ceann ag Bella Glockler nach eol dó (fós!) cérbh í. Tuilleadh le teacht!
Léiríonn sé nach raibh seans ag an Aud beagnach ón tús agus tugann sé breis eolais ar úsáid long ag na Sasanaigh, agus ag báid na nGearmánaigh ag Yarmouth is Lowestoft a loit cúpla céad teach “to distract attention from Ireland”, mar a dúirt Field Marshall French faoin ionradh sin.
“Búíon dár slua” – lucht Cheannmaí a shíleann muid de ghnáth, ach cérbh é an Poncánach a fuair bás san GPO? Cad d’imigh do Joe Byrne i Jacobs (saighdiúir as Arm Shasana) nó do T. Parker atá i measc na bpríosúnach cé gurbh é a shlí beatha, dúirt sé, “Private in the 2nd Leinster Regiment”?
Cad d’imigh do Helga (a deineadh i mBaile Átha Cliath) ar ball? Tá an t-eolas anso.
Bhailigh ‘Holywood’ beirt (ar a laghad) chuige féin. Arthur Shiels duine díobh san a ghabh na Dublin Wireless School of Telegraphy as ar deineadh an “world’s first ever radio broadcast” (a chualathas ag an am!). Dob é an ‘tUrramach Cryil Playfair’ san Quiet Man ar ball. Agus bhí John Loder sa chéad ‘talkie’ (agus é pósta ar Hedy Lamarr seal). B’shin an duine ar dheis ón Brigadier W.H.M. Lowe sa ghriangraf clúiteach de ghéilleadh an Phiarsaigh. An t-ainm a bhí air an tráth san (1916) ná Maor John Lowe, mac an bhriogádaire.
An giota ba léirithí, ar bhealach ná cuntas an Chaptaen Arthur Dicks ar fhoireann lámhaigh a chuir le chéile i gCill Maighneann: “we marched our squads to (Kilmainham Gaol) long before dawn in a dismal drizzle, but the men with memories of our losses seemed to have no qualms as to doing the job. ‘Pity to dirty all those rifles; why can’t we do him in with a bit of bayonet practice?’”
Bíodh muid ag súil leis an chéad 50 scéal eile ón údar!

This book is available from:Sinn Féin Bookshop, 58 Parnell Square, Dublin 1.
Tel: (01) 8148542. Web: www.sinnfeinbookshop.com


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland