2 April 2009 Edition

Resize: A A A Print

Féile Raifteirí Speisialta!

Manus agus Máiread: Bhí ceol draíochta á sheinnt ag Manus Lunny is Máiréad Ní Mhaonaigh le linn ceolchoirme ag Féile Raifteirí, pribhléid a bhí ann a bheith i láthair

Manus agus Máiread: Bhí ceol draíochta á sheinnt ag Manus Lunny is Máiréad Ní Mhaonaigh le linn ceolchoirme ag Féile Raifteirí, pribhléid a bhí ann a bheith i láthair

LE AN DRAOI RUA

Dar le Máiréad Ní Mhaonaigh, bhí Féile Raifteirí speisialta i mbliana agus is cinnte go bhfuil neart daoine ar aon intinn léi. Rinneadh ceiliúradh is comóradh den scoth ar na tréithe éagsúla a bhí ag Raifteirí agus aird ar leith tugtha dá bhuanna ealaíonta; i. Bua na filíochta is na scribhneoireachta, bua na hamhránaíochta idir traidisiúnta is ar an sean-nós, bua na fidléireachta is an ceoil go ginearálta.
Chuir Máirtín Davy Ó Coisdealbha, craoltóir ó RTÉ RnaG, tús leis an fhéile go hoifigiúil sular thosaigh Éamonn Ó Broithe ar chaint ar Raifteirí ‘Is sinne na pócaí folamha’ a thóg go leor ábhair machnaimh do dhaoine ar na tréithe a bhain leis an fhile ildánach. Is léir go bhfuil sé i gcumas Raifteirí go leor conspóide a thógáil go fóill. Bhí cuideachta breá bailithe don ócáid agus d’fhan an comhluadar le haghaidh seisiún amhránaíochta is ceoil agus Seán Ó Flannagain, Déaglán Ó Doibhlin is Aoibheann Ní Chonghalaigh ina gcuideachta.
Bhí ceardlanna éagsúla eagraithe i rith an tSathairn; ceardlann amhránaíochta faoi stiúir Treasa Ní Cheannabháin, ceardlann filíochta faoi stiúir Louis De Paor agus bhí Paul O Shaughnessy is Aoibheann Ní Chonghalaigh i gceannas ar na ceardlanna fidil. Is cinnte gur tugadh spreagadh speisialta do scríbhneoirí, amhránaithe is ceoltóirí le linn na ceardlanna seo.
Trathnóna Dé Sathairn, tháinig slua mór le chéile le freastal ar Cheolchoirm na n-Óg faoi stiúir Una Ní Fhlannagáin mar bhean a’ tí ina raibh Scoil Náisiúnta Chillínín, Scoil Náisiúnta Chreachmhaoil, Gaelscoil Riabhach, Cumann Óige Locha Riach agus Buíon Óg CCÉ uilig páirteach. Chuir na daltaí seó speisialta ar siúl ina raibh amhránaíocht, filíocht, ceol agus drámaí. Is cinnte gur bhain idir thuismitheoirí, cairde agus lucht féachana ard sult as siamsaíocht uile na ceolchoirme.
Bhí ceol, amhráin is filíocht is damhsa d’ardchaighdeán curtha ar fáil le linn Cheolchoirm Mhór na Féile ina raibh Máiréad Ní Mhaonaigh, Manus Lunny, Joe Burke, Ann Conroy Burke, Louis De Paor, Paul O’Shaughnessy, Tristen Rosenstock agus Seosamh Ó Neachtain páirteach. Bhí Antaine Ó Faracháin mar Fhear a’ Tí ar an ócáid agus scoth na siamsaíochta curtha ar stáitse le linn na hoíche. Mhothaigh an lucht éisteachta gur pribhléid a bhí ann a bheith i láthair.
Maidin Dé Domhnaigh, léamh aifreann i nGaeilge in Otharlann Naomh Breandán áit a tógadh ómós is urraim do na dánta spioradálta a chum Raifteirí. Rinneadh ócáid ceiliúrtha den aifreann fosta agus bhí cuid de na hothair féin ag damhsa le críoch an aifrinn is ceoltóirí CCÉ ag bualadh ceoil.
Tráthnóna Dé Domhnaigh, tugadh cuairt ar Reilig na bhFilí i gCillínín, áit a bhfuil Raifteirí curtha agus tógadh ómós is ónóir dó taobh lena uaigh. Thionóladh an cuideachta le cheile i dTeampall Mháirtín, i gCreachmhaoil le leanstan leis an cheol is na hamhráin i gcomhar le Cormac Ó Beaglaoich is Tim Lyons.
Cuireadh clabhsúr le Féile Raifteirí i mbliana lena thuilleadh amhráin, filíochta is ceoil. Tháinig ceardlann amhránaíochta le chéile faoi stiúir Antaine Ó Faracháin sular thosaíodh ar chiorcal ceoil, amhránaíochta is filíochta. Bhí Eilish O’Connor agus Máire O’Keeffe i measc na ceoltóirí agus an seisiún eagraithe i gcomhar le Baffle agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Caithfidh a rá go raibh éagsúlacht bhreá idir amhráin is dánta nua-cumtha agus aithris ar fhilíocht Raifteirí, amhránaíocht agus ceol na hoíche.
Ar ndóigh, bhí coiste na féile thar a bheith bródúil ‘Féile Raifteirí’ a thabhairt ar ais le clár chomh cuimsithsitheach i mbliana. Creidtear go raibh suas le ocht gcéad duine ag freastal ar na himeachtaí éagsúla na féile agus an t-ádh ag muintir Locha Riach talann na hÉireann a mhealladh chucu. Gabhann an coiste a buíochas le liosta na n-urraithe a bhí ag tacú leis an fhéile: i. An Comhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Lough Rea Hotel & Spa, Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin, Sunrise Health Store, John Collins Accounting, Baffle, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Conradh na Gaeilge, Gaeilge Locha Riach agus Cairde Raifteirí.

Sa Reilig: Seinneadh ceol taobh le huaigh Raifteirí i Reilig Chillínín áit a d’éist an slua leis na ceoltóirí Cormac Ó Beaglaoich, Úna Ní Fhlannagáin, Verena Commins, Nóra Ní Fhlannagáin, Muireann Ní Bhaoill agus Antaine Ó Faracháin 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland