12 March 2009 Edition

Resize: A A A Print

Eddie na namhrán

Eddie Keenan ag canadh ag Fleadh Cheoil na hÉireann in Inis Chorthaidh i 1999

Eddie Keenan ag canadh ag Fleadh Cheoil na hÉireann in Inis Chorthaidh i 1999

LE MÍCHEÁL Mac DONNCHA  

An fíor é go bhfuil a ghlór ina thost? Tá Éamonn Ó Cianáin, Eddie Keenan, ar slí na fírinne agus beidh Éire níos ciúine agus an neamh níos ceolmhaire dá bharr.
Bhuail mé le Eddie den chéad uair i 1986 ag an chéad Slógadh Shinn Féin. San Uaimh i gContae na Mí a bhíomar. Bhí an Slógadh le bheith ar siúl in Rath Chairn, Gaeltacht na Mí, ach bhagair Aire na Gaeltachta Fhine Gael go bhainfeadh sé an deontas ón gcomharchumann dá ligfeadh siad Sinn Féin isteach. Mar sin bhogamar go dtí óstán san Uaimh.
Beidh cuimhne agam i gcónaí ar an oíche úd ag an Slógadh nuair a tháinig Eddie agus a shean-chomrádaithe ó Champa Ghéibhinn an Churraigh sna ‘40í le chéile chun amhráin a chanadh agus dánta a rá. B’iad seo cuid de na poblachtánaigh – Eddie san áireamh – a d’fhoghlaim a gcuid Gaeilge ó Mháirtín Ó Cadhain sa Churrach. Mar a dúirt Gerry Adams anseo an seachtain seo caite d’fhoghlaim sé an Internationale as Gaeilge, ach d’fhoghliam alán amhráin aistrithe eile. Is cuimhin liom iad ag canadh The Bold Fenian Men i nGaeilge, amhrán a bhí ag comrádaí eile ón gCurrach, Breandán Ó Beacháin.
Ar ndóigh bhí cara mór Eddie - nó cara beag ba chóir dom a rá – i láthair an oíche úd chomh maith – Cathal Holland. Bhí saotharlann beag ghrianghrafadóra ag Cathal i 44 Cearnóg Pharnell, Ard Oifig Shinn Féin, agus ba mhinic a chuala mé an gáire rógánta ag teacht ón seomra sin agus an bheirt acu istigh ann. Bhí an-taithí acu beirt ar an streachailt ar an dá thaobh den teorainn agus ba shuimiúl an rud i gcónaí do phoblachtánaigh óga plé leo agus éisteacht lena guimhní cinn.
Bhí cáil ar Eddie don amhrán ‘I was there’ nó ‘I wuz err’ mar a dúirt sé ina chanúint Feirsteach. Is cuimhin liom é á chanadh ar an ardán ag Halla na Cathrach, Béal Feirste i mí Lúnasa 1993 nuair a shroich mórshiúil Shinn Féin lár na cathrach den chéad uair.
Ach an cuimhne is fearr atá agam ar Eddie ná Fleadh Cheoil na hÉireann in Inis Chorthaidh, Contae Loch Garman i 1999. Bhíomar istigh i bpub tráthnóna Domhnaigh le roinnt mhaith ceolteoirí agus amhránaithe. Ní raibh a fhios againn go raibh Eddie timpeall ach tháinig sé isteach agus thosaigh an craic i gceart. Ní fada go raibh Eddie ag stiúradh an seisiún agus bhí muintir Loch Garman faoi dhraíocht aige.
Chun críoch a chur leis an seisiún sin sheas Eddie suas agus thug sé óráid an Phiarsaigh cois uaigh Uí Dhonnabháin Rosa. Cé eile ach Eddie a dhéanfadh a leithéid?
Comhbhrón ó chroí dá chlann agus dá chairde uile ar fud na hÉireann.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland