12 March 2009 Edition
Céiliúradh Seachtain na Gaeilge don Aos Óg i dTamhlacht

Oíche beomhar, sultmhar, fuinniúil a bhí ag na daoine óga a d’fhreastal ar cheiliúradh Seachtain na Gaeilge a d’eagraigh Cumann Markievicz/Ryan/O’Farrell agus Cumann Gaelach Bhaile Átha Cliath an Chéadaoin seo caite in ionad Citi-Wise i mBaile an Mhiontáin in Iarthar Thamhlachta.

Ionad don aos óg atá i Citi-Wise áit gur féidir leo casadh ar a gcairde agus páirt a ghlacadh i réimse mór imeachtaí ar nós peil, ealaíon, ceachtanna breise agus ceol. Tá daoine óga ag tabhairt faoin Teastas Shóisearacha ann agus bíonn clár reamhscolaíochta á reachtáil ann freisin.
Seans go raibh ionadh ar aon chuairteoir a bhí ag siúl thar bráid ‘Ó mo Dreoilín’ agus ‘Léim Thart’ a chloisteáil ag búireach ó Citi-Wise ach déarfadh muintir na háite leat go bhfuil borradh faoin nGaeilge i dTamhlacht le blianta fada agus dhá ghaelscoil, gaelcholáiste, naíonraí agus réimse mór imeachtaí trí Ghaeilge ann. Is léir go raibh an suim ag na daoine óga i Citi-Wise sa Ghaeilge agus sa chultúr agus iad ag tagairt arís is arís eile don spreagadh a thug cuairt Gerry Adams ar Citi- Wise mí ó shin dóibh i dtaobh usáid na Gaeilge agus an tábhacht a bhain leis an gcultúr.
An mana atá ag Seachtain na Gaeilge i mbliana na ‘Gaeilge Beo agus Gaeilge go Deo’ agus is léiriú suantasach é an oíche seo ar an ról lárnach gur féidir le cumainn glacadh an Ghaeilge a choinneáil ‘beo’ ina bpobal féin. Deir Sinéad Cooke atá mar iarrathóir sna toghacháin áitúla i dTamhlacht níos déanaí sa bhliain, ‘Tá ár dteanga dúcháis fíor thábhacht agus ba chór gach deis a ghlacadh í a usáid agus a spreagadh ní amháin sa pháirtí ach i measc na pobail ina bhfuilimid lonnaithe’.
Comh thionscnamh idir an cumann áitúla Cumann Markievicz/ Ryan/O’Farrell agus Cumann Gaelach Shinn Féin Átha Cliath a bhí san ocáid seo a bhí mar thoradh ar rún ag Cruinniú Chinn Bliana Chúige Átha Cliath imeacht trí Ghaeilge a eagrú le linn Seachtain na Gaeilge.
Is iomaí imeachtaí eile trí Ghaeilge a eagraíodh do Sheachtain na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ina measc Tráth na gCeist eagraithe ag Cumann de Barra/Ó Conghaile agus léacht ar shaol Máirtín Uí Chadháin eagraithe ag Ógra Shinn Féin. Is mian leis an gCumann Gaelach tógáil ar an méid seo trí fheasacht i leith tábhacht na Gaeilge don ghluaiseacht i measc na baill i mBaile Atha Cliath a mhéadú agus tograí praicticúla indéanta a chuir i gcríoch i dtreo spreagadh a thabhairt níos mó Gaeilge a usáid.