Top Issue 1-2024

12 March 2009 Edition

Resize: A A A Print

Seachtain na Gaeilge 2009: Ag dul ó neart go neart

Le Cathal Ó Murchú

Tá an t-am sin den bhliain buailte chugainn arís.  Seo linn Seachtain na Gaeilge – nó an SnaG mar is minic a ghairtear ar an ócaid seo.  Tá níos mó rath ag gabháil le Sheachtain na Gaeilge sna blianta beaga anuas agus an méid seo le feiceáil sa chaoi go bhfuil an ócáid seo ar siúl ar feadh breis is coicís, sé lá déag in iomlán ó thús mhí an Mhárta go dtí Lá le Phádraig.  Cé gur thosaigh an ócáid seo sa bhliain 1902, tá fás agus borradh ollmhór tagtha ar SnaG ó dheireadh na naochadaí ar aghaidh i ndáiríre.  Tá sé seo le feiceáil san éagsúlacht imeachtaí agus iad ar siúl ó cheann ceann na tíre i ngach ceann de na 32 contae.  Tá an fhéile seo go mór i mbéal an phobail anois, fiú amháin i measc lucht an Bhéarla.  Tá imeachtaí ar síul go hidirnáisiúnta, i dtíortha ar nós an Albain, an Astráil, an Bheilg, Ceanada, an Ísiltír, Lucsamburg, Sasana agus na Stáit Aontaithe, rud a leiríonn go smior suim agus spéis i gcultúr na nGael lasmuigh den tír seo.
Feictear go bhfuil níos mó de lucht na cáile ag tacú le Seachtain na Gaeilge agus le heachtraí Gaeilge i gcoitinne.  Is mór an éacht atá déanta ag leithéidí Des Bishop agus an sraith teilifíse In the Name of the Fada a rinne sé anuraidh.  Thaispeáin sé go raibh sé de chumas ag eachtranach tabhairt faoin nGaeilge a fhoghlaim, rinne sé amhlaidh.  D’éirigh a chumas chomh maith sin gur aistrigh sé an rap-amhrán Jump Around, a chum rapghrúpa Gael-Meiriceánach ‘House of Pain’.  Maíonn sé go láidir gur Gael atá ann, agus cén fáth nach nglacfaí?
Ta ealaíontóirí ar nós Damien Dempsey ag tacú le Seactain na Gaeilge, cé nach bhfuil Gaeilge líofa aige, agus tháinig in éindí le Bláthnaid Ní Chofaigh chun an fhéile a sheol go hoifigiúil.  Faightear tacaíocht freisin ó Liam Brady, iarpheileadóir idirnaisiúnta den scoth; Linda Bhreatnach ó Ros na Rún; Glenda Gilson, mainicín Éireannach; Amanda Brunker; Lorraine Keane, láithreoir TV3; agus fiú ó Giovanni Trapattoni leis an méid chéanna Gaeilge is atá an Béarla aige!  Agus chuige sin, beidh Cumann Peile na hÉireann (nó an FAI mar is fearr aithne orthu) ag úsáid an t-ainm Éire seachas Republic of Ireland i bPáirc Lansdún nuair a osclóidh sí.
Is léir mar sin go bhfuil Seachtain na Gaeilge fíor-thábhachtach d’athbheochan na Gaeilge i gcoitinne.  Ní amháin go bhfuil gníomhaíochtaí spraoiúla agus taitneamhacha ar siúl, ach go gcuireann sé go mór hábharthacht na Gaeilge sa lá atá inniu ann.  Mar shampla tá an chomhlacht Samsung tar éis sraith guthán póca nua a sheoladh inar féidir iad a fheidhmiú go hiomlán tré Ghaeilge – an gaelfón ina measc.  Cuireann sé seo leis an seirbhís tuarthéacsála a sholáthraíonn Vodafone.
Má’s féidir dul go Sráid Vicar i mBaile Átha Cliath anocht, b’fhiú go mór é.  Beidh ceolchoirm ar siúl le scoth na gceoltóirí agus ealaíontóirí ag cur i láthair anocht as Gaeilge.  Tá na grúpaí ceoil Kíla, Ojemba (grúpa ceoil ón Aifric) agus Daithí Ó Drónaí ag seinm, chomh maith leis an fear grinn Paddy Courtney agus an grúpa sorcais Tumbe Circus.  Féach ar an suíomh idirlíon www.snag.ie le teacht ar tuilleadh imeachtaí Sheachtain na Gaeilge i do cheantair áitiúil, nó cibé áit eile ar mhian leat a bheith ann.  Tá an Ghaeilge ag leathnú!

 

Stór Focal

éagsúlacht imeachtaí      variety of events
lucht na cáile      celebrities
rapghrúpa      rap music group
ealaíontóirí      artists
iarpheileadóir idirnaisiúnta      former international footballer
mainicín      model
ábharthacht      relevance
seirbhís tuarthéacsála      predictive text service
fear grinn      comedian

 

Damhsóir Sibéal Davitt, craoltóir Blathnaid Ní Chofaigh, iar-Rós Trá Lí Aoibhinn Ní Shuilleabháin agus aisteoir Fair City Doireann Ní Chorragáin ag rinnce ar Droichead an Mhíle, Baile Átha Cliath agus iad ag céiliúradh Seachtain na Gaeilge 2009

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland