26 February 2009 Edition

Resize: A A A Print

Teachtaireachtaí láidre

Gráinne Mhic Géidigh agus Niall Ó Donnghaile

Gráinne Mhic Géidigh agus Niall Ó Donnghaile

 

 

 

 

 

 

 

 

Sinn Féin Ard Fheis 2009


LE EOGHAN Mac CORMAIC

Tháinig cupla teachtaireachtaí láidre as an mhír ar chlár na hArdfhéise seo a bhain le is an Ghaeilge: is le gach duine an teanga gan monaplachtapolaitiúil ag aon ghrúpa uirthi; agus beidh Acht Gaeilge ann sna Sé Chontae in ainneoin iarrachtaí an DUP agus an duine reatha i mbun na ranna cultúir Gregory Campbell.
Ag labhairt i bhfabhar an rúin thug Peadar Tóibín, Comhairleoir ar Comhairle Baile na hUaimhe caint bríomhar a léirigh go bhfuil an Gaeilge á labhairt in Éireann gan briseadh ar feadh ar a laghad dhá mhíle cúig céad bliain.
‘Uair amháin bhí sí á labhairt ar fud na hÉireann agus na hAlban’ arsa sé agus go deimhin luaigh sé an fhiric go raibh, sa cúigiú aois déag ‘beagnach an méid céanna ag labhairt na Gaeilge is a bhí ag labhairt an Béarla ar fud na cruinne.’ Rinne sé compáraid idir an frith Ghaelachas a achtaíodh sna Reachtanna Chill Cháinnigh agus meoin frith Ghaelach atá fós ag daoine - mar shampla an ‘cosc curtha ag an DUP ar comhionannas agus ar Acht na Gaeilge’.
Lean sé leis ag rá go raibh naimhde na teangan níos caolchúisí sa deisceart agus léirigh sé é seo le samplaí an ghaeloideachais agus na constaicí atá fós á gcur os a chomhair.
Thóg an tAire Oideachais, Caitríona Ruane, an téama céanna suas. “Mar Aire Oideachais sna Sé Chontae” a dúirt sí, “cuireann sí fíor-bhrón orm go bhfuil Rialtas na 26 Chontae ag leanstan leis an phlean chun deireadh a chur leis an tumoideachais. Is cúis náire go bhfuil Rialtais Baile Átha Cliath ag déanamh ionsaí ar an teanga agus an córas oideachais ar an dóigh seo. Mar Aire Oideachais mé féin áithním an tábhacht a théann leis an teangachas ar scoil. Faoi láthair tá seal ag páistí scoile sna Sé Chontae an Ghaeilge, an Spáinnis agus an Pholainnis.
“Tacaíonn Sinn Féin le chorás tumoideachais agus áthníonn muid an tabhacht atá leis, is é an dóigh is fearr don teanga a fhoghlaim ag páistí scoile. Is córas den scoth é agus b’fhearr é a chaomhnú ar mhaithe leis na páistí.”
Luaigh sí comh maith deacrachtaí agus ‘peindlithe’ a choscann úsáid na Gaeilge sna cúirteanna agus mhaígh sí as na polasaithe dhá-theangach atá tugtha isteach ina roinn féin anois chun a gcearta a thabhairt do ghaelgeoirí.
“A Chomrádaithe, bígí cinnte fá seo, beidh Acht na Gaeilge ann!’ a dhearbhaigh sí,  ‘Beidh Acht na Gaeilge ann mar tá muidne i Sinn Féin dírithe ar an chúspóir sin a bhaint amach. Chomh maith leis seo tá an pobal Gaelach sna Sé Chontae agus ar fud na tíre dírithe ar an Acht a bhaint amach. Ní bagairt í an Ghaeilge do dhuine ar bith, is mór an trua nach n-athnaíonn Gregory Campbell sin.”
D’aontaigh an Seanadóir Piaras Ó Dochartaigh leis an meon sin, ag rá gur trua nár aithnigh na haontachtóirí nach bhfuil aon bagairt sa teanga. Thacaigh sé thar cheann an pháirtí comh maith leis an fheachtas ar son tumoideachais a bheith daingithe sa chóras oideachais. Agus dhírigh sé ar theip an Taoisigh ‘cruinniú a ghairm den Choiste an Oireachtais, atá freagrach as moltaí na Tuarascála ar Staidéar Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a ghairm le hocht mí anuas in ainneoin thuar na tuarascála go bhfaighidh an Ghaeilge labhartha sa cheantar Gaeltachta is láidre bás taobh istigh de 15 bliana mura bhféadfaí na treochtaí teangeolaíocha, a chúlú’.
Thug Gráinne Mhic Géidigh, Ball Tofa Údaras na Gaeltachta, caint dóchasach ach bhí rabhadh ann fós: dúirt sí go bhfuil sí ina cónaí ‘i nGaeltacht Thír Chonaill agus cé go bhfuil cúinsí go leor atá ag déanamh dochar den Ghaeilge, tá sí go foill beo bríomhar i mo cheantar dúchais’.
‘Ach tá pleánanna forbartha áitiúla agus náisiúnta fágtha ar an mhéar fhada, níl le cluinstean ach glagaireacht ón rialtas agus ón fhreasúra, níl sé i bhfad uilig ó bhí Fine Gael ag iarraidh déanamh ar shúil le Gaeilge san Árd teist agus fite fuaite fríd seo uilig tá ár dteanga dhúchais i bpriacail, tá contúirt mhór ann go ndéanfar neamh-íontas den Ghaeilge agus go gcaithfear ar leath taobh í.  B’iad cúrsaí eacnamaíochta agus bochtanas in Éirinn fadó ceann dena cúiseanna móra le meath na Gaeilge agus níl dabht ar bith nó go mbeidh droch thionchar ag an stáid ina bhfuil muid san am i láthair ar an teanga muna ndéantar beart anois le í a chosaint’, arsa sí.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland