Top Issue 1-2024

22 January 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

 

 

 

 

 

 

Baile Beag In Éirinn

Dé Luain. Baile beag ar bith in Éirinn, Mí Eanáir agus tá saoire na Nollag ina chuimhne iargúlta nuair a éiríonn Seán nó Máire nó Andrzej nó Juan le lá oibre eile a chur isteach. Tá sé nó sí ag obair do chomhlacht Meiriceánach a dhíolann árachas gluaisteán i Meiriceá. Mar gheall ar chábla snáthoptaice a cheanglaíonn an phríomhoifig thall in Philadelphia agus an fho-oifig seo in Iarthar na hÉireann tá Seán, Máire, Andrzej agus Juan ina ann an t-árachas a dhíol leis na Yanks chomh ghasta agus chomh héifeachtach le Shawn, Moya, Drew agus Juan thall i bhPhilly. Go deimhin is mar gheall air sin, (agus tuarastail níos ísle, agus deontais stáit níos airde, agus ráta cánach níos ísle agus caighdeán saoil níos airde) gur oscail an comhlacht an mhonarca seo beagnach fiche bliain ó shin.
Tá nuachtán ina luí ar chathaoir, leath den cheannlíne inléite ‘. . . dóchais’ agus pictiúr de Barack Obama faoi. Cén focal atá i bhfolach? Lá an dóchais? Seachtain an dóchais? Ré an dóchais? Cá bhfios, ach tá deifir ar Sheán, Máire, Andrzej agus Juan anois agus níl go leor ama ag an am seo den mhaidin nuachtán a léamh, fiú nuachtán a phiocadh suas saor ina aisce ón dara post (páirt-aimseartha) atá acu i siopa bia-ghasta Superfries. All Products Guaranteed Nearly Irish (seachas an mhuiceoil, dí-ocsainithe ach sin scéal eile). Ar ndóigh, is fearr dóibh, an mhaidin Luain seo, (cé nach dtuigeann siad é) gan an páipéar nuachta a léamh nó thíos an leathanach ó Dóchas Obama tá scéal i ndiaidh scéil d’éadóchas, d’easpa dóchais agus de dheireadh dóchais. Amach an doras leo.

Cara solúbtha
Tá sioc ar scáileán an ghluaisteáin, níl sé ró-throm agus ní thógann sé bomaite an fhuinneog a ghlanadh, ag scríobadh an tseaca de le cárta Visa – for everything else there’s Mastercard. Ar a laghad tá feidhm éigin fós sa chárta dhamanta úd i ndiaidh an bhille dheireanaigh a phléasc orthu mar mhianach talún ag tús na bliana. Is de bharr an bhille sin a thóg siad an dara post, post a ghéill cara dá gcuid, Luka, i ndiaidh dó filleadh ar a fhód dúchais, ag rá nach raibh aon todhchaí dó in Éirinn . . .
Rogha an dá bhealach chun a chuid oibre: trí lár an baile agus riosca tranglam tráchta mar gheall ar oibreacha bóithre nó an bóthar sciamhach a ghabháil, an cuarbhóthar nua. Tógann siad an cuarbhóthar. Trí chiliméadar go leith i bhfad, ceithre thimpeallán mhóra agus an cuabhóthar ag inscríobh stua i leathchiorcal timpeall an bhaile. Féachann an tiománaí amach fuinneog taobh thiománaí an ghluaisteáin. Tithe, tithe, tithe. Cuimhníonn Seán, Máire, Andrzej agus Juan, ar fháth éigin, foirmle mata a d’fhoghlam siad ar scoil a thomhaiseann achar an leathchiorcail: (r2 / 2.

500 acra
Idir sin agus deireadh an chuarbhóthair réitiónn siad an fhadhb go hintinneach. 2(r, ‘sin an imlíne, (r, sin leath na himlíne, mar sin is ionann an ga, -r- 3.5 ciliméadar roinnte le 3.14, fan, fan, 1.1 (go garbh), anois an ga cearnaithe, faoi pi, roinnte ina dhá chuid, 1.9, nó cóngarach dó. Is cuma , i ndáiríre, níl ann ach tomhas. Tomhas go bhfuil beagnach dhá chiliméadar chearnógacha idir an cuarbhóthar agus an seanbhóthar tríd an bhaile, agus an spás sin lán de thithe nua a tógadh le deich mbliana anuas. Cé a bhí ina gcónaí iontu? Cá as ar tháinig na daoine lena líonadh? Cá bhfuil siad imithe anois?
500 acra de thalamh, leath de sin do thithe, leath d’eastát tionsclaíochta – a gceann scríbe ar maidin – dlús de 10 nó fiú 20 teach san acra, na mílte teach greamaithe mar chnap atá ar dhroim an tseanbhaile. As dorchadas na maidine éiríonn scáthchruth na dtithe lena shraith simléar, na beanna bioraithe, cnámha díonta á dtógáil. Agus ar dheireadh an chuarbhóthair an t-éastat agus scuaine gluaisteán ag casadh isteach trí gheataí leathan na monarchan.

Titim an Tua
Bhí sé timpeall a haon déag, trí huair an chloig i ndiaidh thús an lae oibre, nuair a tháinig teachtaireacht ar scáileán gach ríomhaire sa mhonarcha ag gairm gach fostaí chuig cruinniú sa bhialann. Bhí na bainisteoirí ann, bainisteoir táirgíochta, bainisteoir acmhainní daonna, bainisteoirí nár aithin Seán, Máire, Andrzej agus Juan ach go raibh siad ag caitheamh culaithe éadaigh agus dreach ciontach ar a aghaidheanna. Bhí an seó thart laistigh d’fhiche bomaite, bhí an mhonarcha le dúnadh. Costais, cúlú eacnamaíochta, aistriú post go tír eile (níos saoire) a dúirt siad. Thall ar an taobh eile den domhan sna hOileáin Fhilipíneacha bheadh miongháire inniu ar Sabio, Maramba, Andaya agus Juan leis an dea-scéal go raibh monarcha nua ag oscailt, ag díol árachais do Gringo Mheiriceá trí chábla snáthoptaice a cheanglódh an phríomhoifig thall in Philadelphia agus an fho-oifig seo i bhfo-bhaile Mainile. Bhí siad buíoch den aeráid eacnamaíochta dhomhanda a lig do na comhlachtaí ilnáisiúnta bochta turas trasdomhanda a dhéanamh ar lorg an bhrabúis éalaithigh.
Faoina 4.30 an tráthnóna céanna bhí Seán, Máire, Andrzev agus Juan dúnta amach as an ionad oibre a d’fhostaigh iad ar feadh tréimhsí idir cúig agus cúig bliana déag an duine. Bhí criú teilifíse ag fanacht ag na geataí, ag taifeadadh pictiúir chrua, le calóga sneachta ag cur leis an pathos. Ag filleadh abhaile thar an chuarbhóthar díreach roimh thitim na hoíche bhí scáthchruth na maidine athraithe, athraithe sa chlapsholas. Ní cnámharlaigh tithe á dtógáil a bhí ann a thuilleadh ach tithe neamhchríochnaithe, cnámharlaigh tithe do-chríochnaithe; láthair oibre tréigthe, gan ráfla ná fuaim na meascóirí stroighne, gan cosaint scafaill, gan oibrithe, gan dóchas go gcríochnófaí iad, go ligfí le tionóntaí iad, go ndíolfaí iad. Agus fiú na sconsaí sraithadhmaid, briste, oscailte: ní raibh siad ag coinneáil daoine amach a thuilleadh – ní raibh uirlisí fágtha le goideadh.
Monarchana folmha, tithe folmha, siopaí folmha, pocaí folmha, geallúintí folmha. Tráthnóna Dé Luain, Mí Eanáir agus tá saoire na Nollag ina chuimhne iargúlta. Baile beag ar bith in Éirinn ach an uair seo is Baile Locha Riach atá ann. Tá Cigna ag dúnadh na ndoirse, tá 180 le dífhostú agus tá Seán, Máire, Andy agus Juan ag léamh an nuachtáin um tráthnóna. Tá an t-am acu anois, agus cúis leis. Situations Vacant. Small ads. Small town Ireland. Dóchas.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland