Top Issue 1-2024

15 January 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

 

 

 

 

An Chéad Ghig eile... Seachtain na Gaeilge

I rith Mhí Eanáir beidh coistí ar fud na tíre ag ullmhú do Sheachtain na Gaeilge a thosaíonn ar 2 Márta i mbliana, agus a mhaireas ar feadh an seachtaine is faide ar domhan go dtí 17 Márta, Lá ‘le Pádraig féin. Coicís d’imeachtaí, spraoi agus ag bailiú airgid do chúiseanna maithe carthanachta. Seo í ‘Seachtain na Gaeilge’ oifigiúil, ach is léir go mbíonn Seachtainí na Gaeilge eile ar súil, ag amanna éagsúla den bhliain i gcoláistí tríú léibhéal, meánscoileanna agus bunscoileanna ar fud na tíre ach tá baint nach beag anois idir an fhéile agus Lá Fhéile Pádraig féin már Fhéile náisiúnta na hÉireann.
Is ar bhonn deonach a eagraítear an chuid is mó d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Tá comhlacht gairmiúil ann le roinnt blianta anuas, Seachtain na Gaeilge Teo, atá freagrach as féilire na mórimeachtaí náisiúnta a eagrú, agus a fhoilsíonn leabhrán le liostaí imeachtaí ó na contaetha ar fad in Éirinn, agus féilte eagraithe ag coistí thar lear ionas nach féidir le haon duine an leithscéal a thabhairt nach raobh a fhios acu go raibh Seachtain na Gaeilge ar siúl. Agus mar chuid den fheachtas poiblíochta tá nasc cruthaithe le tamall de bhlianta leis an nuachtán Irish Daily Star a fhoilsíonn an iris Sult, forlíonadh le hailt agus liosta eile d’imeachtaí. Ar ndóigh, ní cheannódh cách sa tír nuachtán tablóideach ar mhaithe leis an Ghaeilge, agus ní sna nuachtáin thablóideacha a mbeifeá ag súil le hiris Ghaeilge ach an oiread ach caithfear creidmheas a thabhairt don smaoineadh chun an Ghaeilge a thabhairt sa ‘phríomhshruth’ agus í i bhforlíonadh tablóideach.

Fadhbanna Buiséid
Is é Conradh na Gaeilge, ar ndóigh, a bhunaigh Seachtain na Gaeilge agus de réir na staire tá breis agus 100 bliain ó tharla an chéad Lá mór Gaeilge. Thar na blianta bhí tréimhsí thíos seal thuas seal ag an tionscnamh ach le glúin anuas tá forbairt agus fás air agus aithnítear Seachtain na Gaeilge anois mar cheann de na himeachtaí is mó sa tír – ach eagraithe ar cheann de na buiséid is lú. Ó thaobh maoinithe de gheibheann Seachtain na Gaeilge deontas mar chuid de bhunmhaoiniú Chonradh na Gaeilge ó Fhoras na Gaeilge ach ní féidir a rá go mbíonn an méid maoinithe do Sheachtain na Gaeilge inchurtha le féilte náisiúnta eile. Ó thaobh foirne de níl ach beirt fostaithe cé go bhfuil freagracht uile-oileánda acu, ach, ar ndóigh, téann ceist an mhaoinithe cúrsaí agus imeachtaí Gaeilge sa tír seo níos doimhne ná cruachas Sheachtain na Gaeilge.
Ar an lámh eile, áfach, caithfear a rá go mbaineann Seachtain na Gaeilge Teo torthaí an-mhaithe amach leis na hacmhainní teoranta atá acu. I mbliana tá siad i ndiaidh comhpháirtíocht a fhorbairt leis an chomhlacht guthán Samsung atá ag seoladh guthán nua, mar a tharlaíonn sé, ag tús Mí an Mhárta. Bhain Samsung ardmholadh anuraidh as ucht an Tocca, an chéad ghuthán póca le tuarthéacs Gaeilge air agus is comhartha dóchais é seo don Ghaeilge go bhfuil comhlacht idirnáisiúnta ag tabhairt urraíochta do phríomhimeacht bliantúil na Gaeilge agus ag tabhairt gutháin Ghaeilge eile amach arís i mbliana.

Dlúthdhiosca le scoth na gceoltóirí
Le ceithre bliana anuas d’fhoilsigh Seachtain na Gaeil Teo dlúthdhioscaí le ceol agus amhráin Ghaeilge, (SnaG ‘05, Ceol ‘06, ‘07 agus ‘08) ina ndéantar seó-chás  de chuid de na grúpaí agus pearsana ceoil is fearr in Éirinn, agus iad ag oirfidíocht as Gaeilge. Cloistear a leithéid de na Saw Doctors, Frames, Kíla srl ar aon diosca amháin, nó Damien Dempsey, Mundy (ag casadh Cailín na Gaillimhe, go hiontach) nó Deasún Mac an Easpaig le Léimigí Thart. Mar an gcéanna leis an ‘príomhshruthú’ a rinneadh tríd an nasc leis an Star, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbíonn ceol comhaimseartha, rac-cheol, rapcheol agus araile ar fáil i nGaeilge agus déanann Seachtain na Gaeilge seirbhís iontach don teanga trí na dluthdhíoscaí seo a fhoilsiú.
I mbliana táthar ag súil go mbeidh ceoltóirí Ceol ‘09 ag casadh i Vicar Street ar 12 Márta sa choirmcheoil mhór bhliantúil agus beidh a thuilleadh eolais go luath faoi cé a bheas ar an dlúthdhiosca. Ná déantar dearmad ach an oiread go bhfuil na réaltaí seo ar fad ag casadh saor in aisce agus go ndeachaigh an t-airgead ar fad go Concern. Maith sibh.

Seanfhondúirí agus Nuálachas
Ag deireadh an lae, ar ndóigh, tá ról againn ar fad cinnte a dhéanamh de go mbíonn rath ar Sheachtain na Gaeilge mar fhéile agus is cuma deontas nó gan deontas is féidir imeachtaí áitiúla a eagrú a ghnóthóidh a gcuid ioncaim féin agus gan mórán caiteachais ó chiste an choiste nó an phobail nó na comhairlí áitiúla. Ní gá go mbeadh daoine ar bheagan Gaeilge scanraithe ó bheith páirteach agus le pleanáil cheart is féidir spás a chruthú don fhoghlaimeoir, agus don Ghaeilgeoir ‘mheirgeach’ ar aon. Mar shampla, i measc na n-imeachtaí a eagraíodh thar na blianta ag grúpaí deonacha bhí na seanfhondúirí mar Thráth na gCeist, mar bhiongó, mar chéilithe, léachtaí agus araile. In áiteanna déanann lucht eagraithe tráth na gceist cinnte de, roimh ré, go bhfuil daoine le Gaeilge ar fáil do gach foireann – mar shampla páistí scoile nach mbíonn chomh faiteach faoin Ghaeilge. Nod eile don eolach ná go mbeadh gluais nó foclóir simplí curtha ar fáil ar gach bord, le ceisteanna ginearálta amhail ‘cén bhliain...?, cé a scríobh..., cé a dúirt...’ agus mar sin de mar cheisteanna a chuideodh le foghlaimeoirí bheith páirteach.
Nuálachas, áfach, a tharraingíonn rannpháirtithe úra isteach agus in áiteanna a raibh craic dhifriúil, mar shampla, cleamhnas faoi luas (speed dating) as Gaeilge, nó fiú Gaeilge faoi luas (ranganna Gaeilge gasta ag doras an ollmhargaidh) nó imeachtaí difriúla speisiúla mar sin deirtear go raibh níos mó tóra ar imeachtaí eile na Seachtaine dá bharr.
 
Gaelú Cruinnithe an Chumainn
Agus níl aon leithscéal é nach mbíonn ‘imeachtaí’ ar súil ag grúpaí agus dá bhrí sin nach mbíonn deis acu Gaeilge a úsáid. Thig le himeachtaí praiticiúla chomh maith le himeachtaí oirfidíochta a Ghaelú agus níl aon fháth nach féidir le cumainn cruinniú rialta a riar trí Ghaeilge mar chéim i dtreo an Ghaelachais, le linn Sheachtain na Gaeilge. Ceithre bliana ó shin d’eagraigh Roinn an Chultúir dianchúrsa do Bhaill an Tionóil i gcomhpháirt le Gaeloiliúint. Dá dtosódh cumann le pleanáil cheart anois, agus foclóir a chur le chéile de théarmaí coitianta a chloistear ag cruinnithe de ghnáth ba chóir go mbeadh cuid mhaith Gaeilge ag baill den chumann in am do Sheachtain na Gaeilge.
Dála an scéil, tá suíomh nuadheartha le seoladh ag Seachtain na Gaeilge an tseachtain seo, www.snag.ie agus má tá imeachtaí le clárú chun chur sna liostaí náisiúnta, is fiú cuairt a thabhairt ar an suíomh agus sin a dhéanamh gan mhoill.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland