Top Issue 1-2024

8 January 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Ábhar léitheoireachta ag tús na bliana

Má a chaill tú amach ar leabhar nó leabhair Ghaeilge a cheannach um Nollaig níl sé  ró-mhall duit fós margadh a fháil nó tá Glór na nGael ag tairiscint ‘sladmhargadh na hathbhliana’ le díolúchán leabhar dá gcuid an tseachtain seo le beartán de chúig leabhar éagsúil ar phraghas leabhar amháin. Dar leo tá an iomarca caint faoi giorrúcháin, faoi cúlú eacnamaíochta agus faoi thitim luach an airgid agus daoine scanraithe lámh a chur ina bpócaí agus euro nó punt a chaitheamh. Mar sin, mar fhreagra ar fháithe an doirbhíochais, tá lucht Glór na nGael ag díol na leabhar seo ar phraghas a chuirfidh mionghaire ar aghaidh an doirbhí is lú dóchais amuigh ansin, cúig theideal ar €10/£10 san iomlán!
I measc na leabhar tá leabhar trath na gceist le 2000 ceist ann, tá leabhar eile le tomhas agus crosfhocal agus cuardach focal ann, agus tá cóip sa bheartán darb ainm An Bosca Beag Buí ina bhfuil treoracha chun 101 rud difriúil a dhéanamh le hábhar inathchúrsáilte. Bheadh an trí leabhar sin thar a bheith úsáideach i scoil nó naíonra/naíscoil nó go háirithe do teaghlaigh atá ag iarraidh gníomhaíochtaí Gaeilge a dhéanamh lena bpáistí.
Tá dhá leabhar eile sa bhailiúchán a chuirfeadh Gaeil ó fud fad an oileáin seo spéis ann: Léargas – Pobal na Gaeilge agus leagan Béarla de, Reflections. Foilsíodh an dhá leabhar seo i ndiaidh do Ghlór na nGael cuireadh a thabhairt do ghníomhaithe teanga agus oibrithe deonacha nó fostaithe san earnáil Ghaeilge, a scéalta féin agus a dtaithí féin a insint chun snapshot a fháil ar shaol na Gaeilge le linn an chéad deichniúr den mhílaois nua.

Aistí ó fud fud na tire
I measc na n-altanna atá sa leabhar seo tá aistí ón ceithre chúige, idir cathracha agus tuaithe, idir Gaeltacht agus iarGhaeltacht, idir choistí seanbhunaithe agus grúpa atá ionadaíoch do na ‘Gaeil Nua’ na hinimrcigh atá ag iarraidh a ionchur féin a bheith acu ar fhabraic na Gaeilge san 21 Aois.
Tugtar blas duinn ar fhorbairt phobail agus comharchumainn sna haltanna ó Chonamara, ó Gaeltacht Ráth Chairn i gContae na Mí agus ó Ghaeltacht Uibh Ráthaigh, Ciarraí Theas.  Léirítear an taithí ar leith atá ann do ghrúpaí atá ag tógail pobal Gaeilge, nó ag cosaint pobal Gaeilge ó iomruathar an Bhéarla i gceantair faoin tuath. Sna haltanna ó na cathracha léimid scéal atá éagsúil nó tá na coinníollacha éagsúil óna coinníollacha faoin tuath ach tá gnéithe eile atá difriúil sna scéalta ó thuaidh agus ó dheas comh maith. Tá alt faoi stair An Droichead sa Trá Gearr i mBéal Feirste, alt eile ar an Ghaeilge i nDoire, altanna ar Ghaeil Cheatharlaigh agus glúin Ghaeilge i gCluain Dolcáin i nDeisceart Bhaile Átha Cliath. Bainfidh daoine atá ag beartú Gaelscoil a chur ar bhun spéis sna haltanna ó Oirthear na Gaillimhe agus an Srath Bán. Chuirfeadh léitheoirí eile spéis i smaointe iarPhríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Sheosamh Mhic Dhonncha ina alt faoi phleanáil agus obair Fhoras na Gaeilge féin.
Mar a dúirt mé, tá na leabhair seo á dtairiscint anois mar ‘sladmhargadh’ agus is cuma má’s duit féin iad nó mar bhronntanas do dhuine ar ndearnadh tú dearmad bronntanas a cheannach dó nó dí um Nollaig, ‘seo deis gurbh fhiú a ghlacadh. Tá na leabhair ar fáil ó oifig nó go deimhin oifigigh Ghlór na nGael ar €10/£10 moide postas ach glaoch a chur ar 0469430974 nó is féidir iad a cheannach ar líne tríd www.glornangael.ie

Carachtair Áitiúla, Tionchar Náisiúnta
Agus ag tagairt do leabhair (agus Glór na nGael arís) luaigh mé roimh an Nollaig go raibh leabhar le foilsiú ag Glór i mBaile Locha Riach agus thagair mé d’alt faoin Athair Ó Gríofa le Cormac Ó Cómhraí atá sa leabhar Carachtair Áitiúla, Tionchar Náisiúnta. Anois ní bheinn comh dána le léirmheas a dhéanamh ar an leabhar... bheadh sé sin ró-chosúil le Jimmy Rabbitte ag cur agallaimh air féin sa scannán The Commitments, nó bhí ról beag agam, le Pádraig Ó Baoill ag cur na n-altanna in eagar don leabhar. Ach deirfidh mé libh faoin leabhar féin.
Cé gur leabhar ‘stair áitiúil’ atá ann, tá an t-eolas istigh ann spéisiúil agus suimiúil do lucht léitheoireachta i bhfad níos leathna na baile beag in Oirthear na Gaillimhe. Nuair a chuir an Craobh áitiúil den Chonradh tús le sraith léachtanna trí nó ceithre bhliain ó shin faoin téama ‘na Clocha Beo’ bhí muid ag iarraidh ‘beocht’ a chur sna leacanna cuimhneacháin timpeall an bhaile agus na scéalta taobh thiar de na clocha a thabhairt ós comhair glúine nua. Mar sin thug muid cuireadh d’aoí-chainteoirí teacht agus labhairt linn faoi mhór-phearsa stairiúla ar nós an Athar Uí Ghríofa. Bhí léacht eile faoi Séamas Ó Ceallaigh, (léacht le Mícheál Mac Donncha, colúnaí agus iarEagarthóir An Phoblacht). Eagraíodh oíche ar shaol an Bhuachaill Bháin, Anthony Ó Dálaigh a cuireadh chun bás ceithre mhíle ón bhaile féin, agus deireadh seachtaine comórtha don fhile Antaine Raiftéaraí a chaith na blianta sa cheantar maguaird agus atá curtha i Reilig na bhFilí cupla míle ó dheas ó Creachmhaoil.

Bunú an Chumainn Luthchleas Gael
Chomh maith leis na haistí seo, aistí atá bunaithe ar léachtanna ar tugadh le linn Seachtain na Gaeilge, nó ar imeachtaí eagraithe timpeall dátaí comórtha ar leith, tá aistí faoi bhunú an Chumann Luthchleas Gael agus caibidilí faoi cheoltóirí cáiliúla an cheantair, na Brodericks, Paddy Carty agus an ceoltóir Gael-mheiriceánach Patsy Tuohy ar rugadh dhá mhíle ó Bhaile Locha Riach.
Tá ardmholadh ag dul do na léachtóirí a thug an mhéad sin beochta dá dtéamaí. Le linn an léachta faoi bhunú an CLG, mar shampla, ar eagraíodh an chruinniú ullmhúchán le Mícheál Ó Cíosóig agus Ghaeil (agus Poblachtanaigh) Deisceart na Gaillimhe i dTeach Mhic Suibhne i Locha Riach, tá go leor léargais faoi na laethanta corraithe sin ina mbeadh cluichí iomána ar phairc an aonaigh i mBéal Átha na Sluaighe idir na Mets ó Bhaile Átha Cliath agus seaimpíní an Iarthair, Cill Iomair, 25 imreoir an taobh, sé uair a chloig d’iománaíochta agus gan móran rialacha seachas ‘no tripping’, agus ‘no wrestling’ le linn an chluiche.
Sheol Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghúsa, an leabhar ag imeacht bronnta gradaim phobail i mBaile Locha Riach díreach roimh an Nollaig agus is dócha gur chaill daoine deis ag an am cóipeanna a fháil ach tá sé ar fáil anois ach glaoch a chur ar Glór na nGael nó ar 0035391 870718. Má a deirim féin é, is fiú é a fháil.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland