Top Issue 1-2024

18 December 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Santa, na Sylvanians agus boscaí poist réabhlóideacha

Bhuel, bhí mé céasta sna seachtainí roimh an Nollaig ag na gasúir agus iad ag iarraidh a litreacha a sheoladh chuig Daidí na Nollaig. Agus, ar ndóigh, ní raibh cead agam na litreacha a léamh agus greim an fhir bháite acu  orthu go dtí gur gheall mé go gcuirfinn sa phost mé féin iad. Nuair a bhí mé óg ba ghnách linn na litreacha a chur suas an simléir agus is dócha gur éalaigh siad go gasta leis an aer te ag dul in airde. Ach ó chuir muid sorn téite sa seomra suite tá sé deacair a chur ina luí ar na páistí nach bhfuil a litreacha chun a bheith loiscthe chomh luath agus a dhúnaimid an doras. D’aontaigh mé, mar sin, go dtabharfainn na litreacha liom agus go gcuirfínn iad i mbosca poist ceart agus go bhfaigheadh Santa iad, neamh-ruadhóite, so-léite. Ah, sult na tuismitheoireachta.

FEACHTAS ÓGRA
Cibé scéal, ós rud é go raibh mé ag taisteal ó thuaidh an tseachtain seo caite, chuir mé na litreacha sa ghluaisteán agus plean agam bosca poist a aimsiú ar thaobh an bhóthair agus an fhreagracht maidir le bronntanais agus bréagáin na Nollaig a aistriú uaimse chuig fear féasógach ón Mhol Thuaidh, mar dhea. Dá mbeadh an saol chomh simplí sin nach mbeadh tuismitheoireacht níos éascaí fós.
Cibé scéal, bhí mé ag tiomáint liom, súil amháin ar an bhóthar, súil eile ar aire do bhosca poist ag a mbeadh deis agam stopadh gan bheith i mo chúis timpiste. Tháinig mé ar roinnt mhaith ach go minic bhí gluaisteáin nó leoraí ró-chóngarach dom agus ní raibh deis agam tarraingt isteach go sábháilte. Ar aghaidh liom gur bhain mé an teorainn amach agus seo chugam anois na boscaí dearga, agus leoga, an corrcheann ‘glasaithe’ mar chuid d’fheachtas Ógra Shinn Féin. Chuir mé spéis san fheachtas seo ó thosaigh sé trí nó ceithre mhí ó shin, glasú na mboscaí poist ó thuaidh. Is dócha gurb í an abairt a dúirt James Connolly tráth, gur bheag an difir a dhéanfadh boscaí poist glasa in Éirinn agus an córas caipitleach céanna a bheith i bhfeidhm fós, a spreagann feachtais mar seo agus is fada a aithnítear an bosca poist féin mar shiombail a bhí le feiceáil go forleathan ar fud ár dtíre, de chóroin Shasana.

BOSCAI POIST AG PLÉASCADH
I stair Phoblachtachas na hÉireann cuimhnítear siar go dtí an feachtas buamála i Sasana sna 40í nuair a pléascadh cuid de na boscaí. Lean náisiúnaithe na hAlban ár sampla sna caogaidí nuair a phléasc siad buama ar bhosca poist i nDún Éideann. Sa bhliain 1952 nuair a ceapadh Éilis Windsor mar Éilis a Dó, Banríon Shasana agus na hAlban cuireadh fearg ar náisiúnaithe Albanacha nó dar leo ní raibh banríon acu ina stair dar teideal Éilis a hAon agus mar sin ní thiocfadh leo a ghlacadh le hÉilis a Dó. D’ionsaigh siad an tsiombail ba ghiorra: coróin Shasana ar dhoirse na mboscaí poist. Agus sna hochtóidí rinneadh amhlaidh sa Bhreatain Bheag . . .
Cibé scéal, anseo in Éirinn tá ár meascán féin de bhoscaí poist ann, cuid mhaith acu a fágadh i ndiaidh do na Sasanaigh imeacht as cuid den tír. Lean an stát nua ag baint úsáid astu go fonnmhar. Chun na boscaí a Ghaelú, d’athraigh an stát an dath ó dhearg go glas (nach raibh an Conghaileach fadradharcach) agus chinn siad íomhá an stáit nua féin a chur ar chinn nua a dhéanfaí feasta, nó cinn a bhí le deisiú i ndiaidh bhlianta an chogaidh is dócha. De bharr an chinnidh sin tá boscaí idir eatarthu le feiceáil ar fud na tíre le córóin ar bharr agus doras an tsaorstáit faoi.

SIOMBAIL NA CORÓNACH
Ach fiú ansin, tá casadh sa scéal nó ar na chéad bhoscaí poist sa Bhreatain ní raibh cóta de phéint dhearg orthu ar chor ar bith, ach dath glas! Agus cé gur mhaith le go leor an bosca poist a lua mar shampla dúchasach de gach atá ‘Sasannach’ is fiú a chuimhneamh gur sa Fhrainc, sa bhliain 1653, a baineadh úsáid as bosca poist den chéad uair. Bhí sé breis agus dhá chéad bliain ina dhiaidh sin sular lean an Bhreatain an nós, agus gurbh é an glas an dath a roghnaíodh ar dtús. Fiche bliain ina dhiaidh sin i 1874 thosaigh siad a phéinteáil na mboscaí dearg agus ar ndóigh siombail na corónach (nó na ríthe/mná ríona ar na doirse, VR, GR, ER srl). Agus le samplaí díobh siúd a aimsiú níl ort ach cuairt a thabhairt ar shráidbhaile nó crosbhóthar faoin tuath agus beidh ceann acu ann ag cuir ár stádas iarchóilíneachta i gcuimhne dúinn.
Ach ar ais go dtí mo scéal. Deirtear gurbh é Anthony Trollope, an t-úrscéalaí Sasanach, a tháinig suas leis an dearadh is so-aitheanta den bhosca poist, an bosca piléir. Bhí Trollope lonnaithe in Éirinn le linn bhlianta an Ghorta ag obair mar oifigeach den GPO Sasanach ag an am agus deir siad faoi gur ghoid sé smaointe agus ionspráid dá chuid úrscéalta as litreacha a d’oscail sé agus a léigh sé (as ciste na ‘litreacha amú’). Maith é. D’oscail mé féin litreacha na seachtaine seo ag cuardach ionspráide - ionas go mbeadh a fhios agam cad a bhí Santa ag tabhairt chuig Cill Chríost i mbliana, tá a fhios agat.
Rothar, geirbil, bábóga, leabhair . . . Ní raibh aon iontais ansin. Agus ansin, tháinig mé ar na focail: Sylvanian Families. Bhuel arsa mé liom féin, níl a dháth agam in aghaidh na Latviaigh, Liotuanaigh, Rómánaigh ná aon dream eile amuigh ansin ach tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil m’iníonacha ag iarraidh cuireadh a thabhairt do ghrúpaí teifeach teacht agus fanacht linn. Chuir mé glaoch guthán ar bhean an tí, le rabhadh a thabhairt dí an leaba a chóiriú sa seomra cúil, go raibh cuairteoirí ar an bhealach.
‘Cácá na Nollag ar do cheann mhaol’ ar sí (cá bhfaigheann siad na mallachtaí seo!). ‘Ní cuairteoirí ná eachtrannaigh atá iontú siúd ach bábóga beaga. Isteach leat anois go siopa na mbréagán go bhfeice tú an bhfuil Sylvanian ar bith fágtha.’

SYLVANIAN OIFIG AN PHOIST
Rinne mé amhlaidh agus ionadh na n-ionadh bhí seilf lán de na daoine beaga agus ina measc cad a d’aimsigh mé ach Sylvanian Oifig an Phoist, le Bosca Piléir Glas. Bhuel, ar ndóigh, bhí mé an-tugtha leis sin agus dúirt mé liom féin go raibh súil agam go mbeadh Daidí na Nollag in ann teacht ar cheann chomh galánta leis. Bhí sé chomh galánta gur thóg mé pictiúir de, chun taispeáin do bhean an tí. Agus féachaigí go géar, a léitheoirí agus féachaigí níos giorra fós a chomrádaithe óga as Ógra Shinn Féin. Ní hamháin go bhfuil an bosca piléir glasaithe ach féach ar dhoras an bhosca. Níl VR, GR, ER nó fiú CR (cé hé sin Camilla? Ed) le féiceáil ach in ionad an tsean-impiriúlachais tá na litreacha réabhlóideacha SF.
SF ar na boscaí poist? Míle buíochas Santa agus na Sylvanians as ucht céim eile i stáir na mboscaí poist in Éirinn.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland