Top Issue 1-2024

11 December 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Rough, cough, dough agus bough

Níl a fhios agam cé mhéad gaelphoblachtanaigh amuigh ansin a léann an t-alt seo riamh ach tá mé réasúnta cinnte nach dtabharfaidh mórán agaibh buíochas domh má a thosaím ag scríobh i mBéarla. Mar sin, sula nglaonn sibh ar fhón phóca an eagarthóra bhoicht lig domh an ceann líne thuas a mhíniú: Béarla mar uirlis ar son na Gaeilge atá ann agus é mar chuid de m’iarrachtaí éascaíocht na Gaeilge féin a chur chun chinn.
Ba ghnáth liom ranganna Gaeilge a theagasc agus níl a fhios agam cén maitheas a bhi ionam ach le taithí na mblianta dar liom go dtig le múinteoirí Gaeilge a roinnt i dtrí shainghrúpa: Rannóg A: múinteoirí maithe (agus ní gá duinn aon rud eile a rá futhu). Rannóg B: múinteoirí dona. Rannóg C: múinteoirí dona. Trí rannóg. Bhuel ok tá múinteoirí dona luaite faoi dó agam, ach ‘sin toisc go bhfuil dhá fho-ghrúpa acu siúd: Rannóg B na duaircigh – múinteoirí a chothaíonn easpa misnigh ina c(h)uid foghlamóirí nuair a deireann siad go bhfuil an teanga thar a bheith deacair agus nuair a insíonn siad dá rang gan a bheith ag súil le mórán dul chun chinn riamh. Rannóg C na soirbhigh- múinteoirí a chreideann go bhfuil sé ana-éascaí teanga a fhoghlam (toisc go bhfuil sí foghlamtha acu cheana) agus nach bhfeiceann aon fhadhb, ná aon dua ná dushlán don fhoghlamóir. De bhrí sin cothaíonn siad easpa misnigh ar a c(h)uid foghlamóirí nuair a nach bhfuil na daltaí in ann cumarsáide a dhéanamh láithreach as Gaeilge.
 
An múinteoir duairceach
Creidim féin go bhfuil an Ghaeilge réasúnta éascaí a fhoghlam ach cur chuige ceart a bheith ag an múinteoir. Go rialta, áfach, tosaíonn múinteoirí i Rannóg B le habairt cosúil le ‘anois tá an chuid seo ana-dheacair ach...’ nó ‘tógfaidh sé blianta daoibh seo a fhoghlam i gceart ach...’.? Agus níos measa ná múinteoirí mar sin tá daoine a thugann comhairle don fhoghlamóir nua faoin Dushlán Mór atá rompu teanga a fhoghlam. ‘Seo iománaithe ar an chlaí atá ag iarraidh cruthú cé chomh cliste is atá siad féin, tríd put down a thabhairt don fhoghlamóir bocht. ‘Seo daoine a léiríonn na heisceachtaí sa Ghaeilge in ionad na mórchoda den teanga atá go hiomlán rialta. Baineann na daoine seo úsáid as an focal canúint mar gheata agus constaice dó-sháraithe chun fhoghlamóirí a dhúnadh amach. ‘Seo daoine a chumann freagra cásta do cheisteanna simplí ó fhoghlamóirí agus cé go bhfuil líofacht na Gaeilge acu níl siad in ann a rá ní thuigim nó níl a fhios agam. Agus daoine, uaireanta, a chreideann go bhfuil sé níos éascaí Béarla a fhoghlam ná an Ghaeilge a fhoghlam.
‘Seo m’fhreagra dóibh a cheapann go bhfuil Béarla éascaí: rough, cough, dough agus bough.
Cá thosódh foghlamóir Béarla lena leithéid? Idir fhoghraíocht agus litriú tá tromluí i ndán don fhoghlamóir Béarla, rud ní mór a rá nach mbeadh ann d’fhoghlamóir Gaeilge. Smaoinigí faoi seo: má’s ionann d’fhuaim rough, tough agus enough cád chuige nach bhfuil stuff, bluff agus snuff litrithe mar stough, blough agus snough? Agus cad chuige nach bhfuil cough in ann rím a dhéanamh leo? Nach ionann cough agus toff, off agus doff? Ar ndóigh ní féidir doff a lítriú mar dough, nó bheadh focal eile ar fad ann, dough (airgead) nó dough (as a dhéantar arán). Ach má’s í fuaim dough: dough cad faoi doe, roe, so, sew, sow... agus má ionann sew agus so, an ionann dew agus do? Bough, agus bow, ach chan bow (carbhat) agus bow (i ndiaidh amhrán a chanadh) – mura bhfuil sibh caillte faoin am seo theip ar an alt seo pointe simplí a chruthú: teanga ana-chásta is é an Béarla.
Ar ndóigh thig libh samplaí éisceachtúla mar sin a aimsiú i dteanga ar bith. Baineann sé le focail iasachta ó theangacha eile ach féachaigí, níl an mhéad sin focail ar iasacht againn mar Ghaeil (mar ar ndóigh ní dheachaidh muid amach ag cóilíniú leath den domhan agus ag goideadh agus ag scriosadh ábhair, maoine, talúin agus teangacha). Dá bhrí sin Is teanga rialta í an Ghaeilge le fíor bheagan éisceachtaí ann – níl ach aon bhriathar déag neamh rialta inti mar shampla. 11. Smaoinigí faoi sin agus smaoinigí faoi 470 briathar neamhrialta i mBéarla. Ní chreideann sibh mé? Féachaigí isteach ar http://www.englishpage.com/ irregularverbs/irregularverbs.html don liosta, ach ‘seo blaiseadh beag daoibh:

Aimsir Chaite
Má déantar aimsir chaite den bhriathar sing faightear sang ach cad chuige nach bhfaigheann muid brang as bring, nó flang as fling nó fiú pang as ping? Cá bhfuil an loighic? Ní brang atá ann ar ndóigh ach brought agus dá bhrí sin cheapfá go mbeifeá in ann aimsir láithreach a aimsiú ón aimsir chaite sought...b’fheidir sing? Má a athraíonn bring go brought, d’athródh sibh sing go sought, surely? Ach faraor is é seek a thugann sought duinn.
Ní aon dabht go bhfuil an Béarla cásta ach cé go bhfuil an Ghaeilge níos rialta, níos simplí ní hionann sin a’s a rá nach bhfuil dua eicint ag baint le foghlam.

An múinteoir soirbeach
Tharla go raibh mé ag seoladh leabhar an oíche arú, seoladh leabhair Ghaeilge, nuair a chás mé ar beirt nó triúr ón bhunrang áitiúil. Bhí cuma ar chúrsaí go raibh cuireadh faighte acu chuig ‘imeacht Gaeilge’,  is dócha óna múinteoir. Is léir go raibh geallúint tugtha dóibh nach mbeadh fadhb ar bith ann agus go dtuigfidís gach rud a bheadh ar súil. Ó ó ó. Múinteoir i Rannóg C a bhí acu. ‘Ar aghaidh libh’ a déarfadh sé ‘nó tá sibh in ann anois Dia dhuit agus slán go fóill a rá, comh maith le ‘le do thoil’ agus ‘go raibh maith agat’. Níl aon leithscéal agaibh anois gan a bheith ag labhairt Gaeilge leis na hollaimh’.
Bhí siad caillte, ar ndóigh. Bhí siad caillte agus níl aon dochar ann féin le bheith caillte ach mhothaigh mé trua dóibh, cruinnithe sa chúinne agus na Gaeilgeoirí fiaine seo timpeallaithe orthu ag labhairt teangan a dúirt a múinteoir leo go dtuigfidís (agus ‘sin i ndiaidh trí rang ar ndóigh). An múinteoir soirbeach, lán de dea-thoil ach fós ag briseadh meanma na ndaltaí le fór-mhuinín.
Ní fhoghlamann aon duine teanga thar oíche, ní fhoghlamann daoine teanga gan obair, gan iarracht agus ní fhoghlamann daoine teanga gan laethanta lán d’easpa misnigh agus cailiúnt crogachta ó am go ham. Tá sé mar chuid d’fhoghlam cuma má’s Gaeilge nó teanga eile atá i gceist. Ach má tá aon rud gur féidir liom a rá le foghlamóirí ‘sé gur chóir go mbeadh sé níos éascaí Gaeilge a fhoghlam ná Béarla. An sóiscéal dar l’Eoghan am ar bith go bhfuil easpa misnigh oraibh a fhoghlamóirí smaoin faoin ceithre fhocal thuas: rough, cough, dough agus bough nó an 470 briathar neamhrialta. 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland