Top Issue 1-2024

13 November 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

 

 

 

 

An tAthair Ó Gríofa

Le linn Chogadh na nDúchrónach i nGaillimh, ba é bás an Athar Uí Ghríofa, ar 14 Samhain 1920, ar cheann de na heachtraí is mó cáil, nó cé gur mháraigh forsaí na Corónach go leor leor daoine, bhí rud difriúil, scanrúil, faoi ionsaí ar shagart a léirigh nach raibh aon mheas acu ar shochaí agus creideamh mhuintir na hÉireann ag an am.
Le linn an chogaidh, maraíodh ceathrar fear eaglasta, triúr acu siúd ina sagairt Caitliceach – an tAthair Ó Gríofa i nGaillimh, agus beirt shagart eile i gCorcaigh, an Canónach Magnier agus an tAthair Ó Callacháin. Mharaigh an tIRA an tOirmhinneach Protastúnach Finlay, de thimpiste, nuair a rinneadh imruathar ina theach. I gcás an Chanónaigh Magnier glactar leis gur lámhaigh saighdiúirí na Breataine é nuair a scaoil siad urchair mar ba nós leo ag an am, agus gur maraíodh an sagart. I gcás an Athar Uí Challacháin, i gCorcaigh, is dócha gur dhúnmhárú a bhí ann ach i gcás Uí Ghríofa bhí difear suntasach sa scéal. Fuadaíodh é, dúnmháraíodh é, agus cuireadh a chorp sa phortach le dóchas nach bhfaighfí arís go deo é, díreach mar a rinneadh le corpáin beirt dhearthár, Harry agus Pat Loughnane i mBeach, i nDeisceart na Gaillimhe, coicís ar ball.

Cúlra polaitiúil
Rugadh an tAthair Ó Gríofa sa bhliain 1892 i nGoirtín, Contae na Gaillimhe, mac le Comhairleoir Contae a chaith tamall ina mhéara ar an chontae agus b’as Cluain Birr dá mháthair – ceantar a bhí ina Ghaeltacht ag an am agus bhí suim ag Ó Gríofa i gcónaí sa Ghaeilge.
Oirníodh é ina shagart i 1917 agus chaith sé bliain nó mar sin in Inis tSiomóin, Contae an Chláir, sular cuireadh é go paróiste Ráthún a bhí ar imeall agus laistigh de chathair na Gaillimhe agus a raibh cuid den Ghaeltacht faoina chúram.
Bhí meas ag muintir Bhearna agus na bhForbacha ar a sagart nua, duine a rinne iarracht labhairt leo ina dteanga féin, duine nach raibh ró-iontach ag seanmóireacht ach a bhí gafa leis an pobal ag eagrú imeachtaí cultúrtha agus siamsaíochta dóibh. Agus bhí sé gníomhach i nGluaiseacht na Poblachta.

Camillo Torres a lae
Scríobh an sagart réabhlóideach Colómach a fuair bás ag troid in aghaidh fhórsaí míleatacha na Colóime, Camillo Torres, ‘only when I finally took off my cassock did I finally become a priest’. Is dócha go raibh a mhacasamhail fíor faoin Ghríofach, 46 bliain roimhe sin nó tógadh grianghraf de a foilsíodh i leabhair Peadar Uí Laoi agus é gléasta in éide Óglaigh na hÉireann. Ach is dócha gur ról spioradálta, tacaíochta is mó a d’imir Mícheál Ó Gríofa sna blianta 1918-1920. Bhí sé gníomhach ag bailiú airgid don Chrois Bhán, an grúpa a thug tacaíocht do theaghlaigh na bpríosúnach polaitiúil agus bhí baint aige i mbailiú na hIasachta Dála agus leis na Cúirteanna Dála.
Bhí sé an-chairdiúil le Ceannfort an IRA i nGaillimnh ag an am, Séamas Ó Murchú, agus bhí sé chun tosaigh sna hagóidí agus paidreoireacht taobh amuigh de Phríosún na Gaillimhe le linn na Stailceanna Ocrais ag na cimí laistigh. Mar gheall air seo ar fad bhí sé aitheanta ag an phobal - agus ag fórsaí na Corónach – mar phoblachtánach.
Cé nach raibh an tIRA chomh ghníomhach i gConnachta le linn 1919 is a bhí na hÓglaigh i gCúige Mumhan, méadaíodh go mór ionsaithe ar an RIC agus ar fhórsaí na Breataine le linn 1920 faoi cheannaireacht Ceannfoirt nua, Máirtín Ó Droighneáin. Mar thoradh air sin chuir an RIC tús le feachtas díoltais, agus am ar bith a raibh ionsaí Poblachtánach orthu bhain siadsan díoltas as an phobal sa cheantar máguaird. Mar shampla, ionsaíodh tithe agus daoine i dTuaim, i gCealtrach, in Orán Mór agus faoi dheireadh i gCathair na Gaillimhe féin. I Mí Mheán Fómhair rinneadh ionsaí ar an RIC gar do stáisiún na Gaillimhe agus maraíodh óglach agus ball den RIC. Ar oíche 8 Meán Fómhair imríodh díoltas ar an chathair, agus gabhadh ar óglach, Séamas Quirke, ag daoine anaithnide. Lámhaíodh é agus caitheadh a chorp san uisce sna dugaí ach mhair sé ar feadh cúpla uair an chloig agus nuair a tugadh é ar ais chuig a theach cuireadh fios ar an sagart. Ba é an tAthair Ó Gríofa a d’éist a fhaoistine dheireanach ach thosaigh ráflaí a dhul timpeall gur inis an fear a bhí ar tí bás a fháil, cé a lámhaigh é.
Coicís ina dhiaidh sin tógadh an Comhairleoir Mícheál Breathnach as a theach san Olde Malt House, tógadh é síos go dtí an Long Walk, scaoileadh urchar leis agus caitheadh san uisce é. Tógadh a chorp as an uisce agus cuireadh fios ar an sagart - Ó Gríofa arís – teacht agus an ola dhéanach a chur air. Tríd an am seo bhí an sagart féin ag ullmhú fianaise faoi ghníomhaíochtaí an RIC sa chathair le tabhairt do bhinse fiosrúcháin sna Stáit Aontaithe agus bhí an RIC buartha go scaoilfeadh sé ainmneacha na mball siúd a bhí ciontach as na coireanna cogaidh, mar shampla, dó tithe, saoránaigh a lamhach agus ionsaithe ar an phobal (mar shampla maraíodh bean thorrach, Ellen Quinn, i Leabán gar do Ghort Inse Guaire nuair a scoail saighdiúirí óna leoraí léi agus í ina suí ar bhalla a gairdín féin lena páistí óga ina aice léi).

An Spiaire Patrick Joyce
Cupla seachtain ina dhiaidh sin ghabh na hÓglaigh ar spiaire nuair a aithníodh lámhscríbhinn oide scoile ar litreacha ag imeacht ó Ghaillimh go Sasana agus eolas faoin IRA iontu. Tógadh Patrick Joyce agus ceistíodh é, fuarthas ciontach é agus cuireadh chun báis é. Chuaigh an RIC ar buile agus thosaigh siad a chuardach ar fud Mhaigh Chuilinn, Bearna agus an ceantar ar imeall thiar ó Gaillimh ach ní raibh tásc na tuairisc de. (Mar a tharla sé ní bhfuarthas corp Joyce go dtí go mall sna nóchaidí, i Mí Iúil 1998 beagnach 80 bliain tar éis dó imeacht ó radharc). Arís eile i mbaile a bhí lán de ráflaí agus scéalta, dúradh gur éist sagart le faoistín an bhrathadóra sular caitheadh é agus luadh ainm Uí Ghríofa mar an sagart a bhí i láthair.
Fuair na hÓglaigh eolas go raibh na Briotanaigh ag pleanáil díoltais agus thug Ceannfort an IRA, Máirtín Ó Droighneáin, rabhadh don Ghríofach go raibh a bheatha i mbaol. Bhí a fhios ag an phobal go raibh a leithéid d’ionsaí indéanta, nó nach raibh sé ráite ag an Chigire RIC i gConnacht, an tArdchigire Cruise agus é ag bagairt ar shagart eile i Maigh Eo ‘Even though I am a Catholic myself,’ ar sé, ‘if I had any proof that you gave confession to these rebels I’d shoot you where you stand with my own gun and burn square miles of this parish’.

Bás Uí Ghríofa
Ar 14 Samhain, mall san oíche, tháinig beirt dhaoine go doras an tsagairt in Ascaill Montpelier i nGaillimh. Bhí comhrá ag an doras agus d’imigh an sagart leo. Ní fhacthas beo arís é nó tamall ina dhiaidh sin tógadh é go dtí ceanncheathrú na nDúchrónach i gCaisleán Léana Bhuí, áit ar buaileadh é agus ar lámhaigh siad é. Tógadh a chorp ansin amach go Bearna, cóngarach mar a tharla sé, don áit a raibh corp Joyce curtha, agus caitheadh é in uaigh éadomhain sa phortach.
Seachtain níos déanaí, tháinig gasúr óg darbh ainm Ó Clochartaigh go dtí teach an Athar Ó Miacháin, cara don Ghríofach, leis an drochscéala go raibh corp an tsagairt faighte. An oíche chéanna, chuir na Dúchrónaigh sráid tithe i mBearna trí thine, agus níor bogadh corp Uí Ghríofa isteach go Gaillimh go dtí an lá ar na mhárach d’ullmhú don tsocraid amach ón cathair go dtí Ard-Eaglais Bhaile Locha Riach, áit ar cuireadh é le heaspaig Dheoise Chluain Feart. Bhí 11,500 ag a shocraid de reir tuairiscí comhaimseartha, as cathair ina raibh daonra ag an am de 12,000.
Níor cúisíodh aon duine riamh as ucht an dunmharaithe, cé go raibh ainm Cruise luaite leis sin agus le hionsaithe eile le linn na laethanta dorcha úd 88 bliain ó shin.
Tá mé buíoch do Chormac Ó Cómhraí, staraí as Conamara, as ucht fórmhór na sonraí san alt seo, a thagann as caibidil i leabhar atá le foilsiú ar an 2ú Nollaig i mBaile Locha Riach ‘Carachtair Áitiúla, Tionchar Náisiúnta’. Beidh a thuilleadh le rá agam faoin leabhar sin amach anseo.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland