Top Issue 1-2024

6 November 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Feiceálacht na Gaeilge

Eagraíodh an seisiún poiblí deireannach de shráith cruinnithe eagraithe faoi scáth Plean 2028 le linn Oireachtas na Gaeilge i gCorcaigh an tseachtain seo caite. Mar a bhí in áiteanna eile bhí lucht eagraithe na comhdhála, faoi chathaoirleacht Páidí Ó Lionaird, ag lorg moltaí faoi na beartais gur chóir a dhéanamh chun an fhís seo de 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge a bhaint amach faoin bhliain 2028.
Bhí roinnt moltaí a bhain le hoideachas, úsáid na Gaeilge, rialachta agus rialú agus tacaíocht stáit. Ardaíodh chomh maith an bearna atá ann gan aon tagairt sa phlean do Ghaeil na Sé Chontae ach i ndáiríre bhí daoine ag iarraidh beartais indéanta a liostáil, cuid acu a chosnódh airgead agus cuid eile nach gcosnódh an pobal pingin.
Bhí sé suimiúil, mar sin, d’fhreastal an lá dar gcionn ar sheiminéar thar a bheith spéisiúil a d’eagraigh Conradh na Gaeilge ina raibh aoíchainteoirí ag plé trí ghné éagsúil d’fheachtas an Chonartha ar cheist Feiceálacht na Gaeilge nuair a phléadh trí ghné d’fheiceálacht na Gaeilge nach mbeadh aon chostaisí breise ar an stát iad a chur i bhfeidhm ach a mbeadh tionchar láithreach ar stadas, agus feiceálacht na teanga.
Bhí cur i láthair ag Dónal Ó Curraoin ar chóid poist, cur i láthair ag Dáithí Mac Cárthaigh ar phacaistiú dhá-theangach agus caint eile ó Pádraig Bréandán Ó Laighin ar chomharthaí bóithre dhá-theangacha i gcómhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla agus na fórálacha nua a chaithfear cur i bhfeidhm ag rannóga stáit.

An rud is fearr gach maidin – árbhar dhá-theangach
Thóg Mac Cárthaigh samplaí praicticiúla chuig an cruinniú leis, boscaí árbhar ón gcomhlacht Kelloggs i gCeanada. Cuireann na boscaí sin agus an leagan dhá-theangach eolais agus fógraíocht orthu deireadh láithreach le haon caint seafóideach nach féidir pacáistiú dhá-theangach a dhéanamh gan go leor strús agus ath-dhearadh, agus seachas costaisí beaga aistriúcháin ag an tús  ní chosnódh céim mar sin pingin ar na comhlachtaí.
Mhínigh Dáithí córas Ceanada, na rialacha a thacaíonn leis an saol dhá-theangach thall, agus na céimeanna nár mór d’aon soláthróir glacadh leis an dlí (agus éileamh na gcustaiméirí) a shásamh. Dar le Dáithí tá an fheiceálacht seo, go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil ar an mhéad agus ar an leagan, agus ins an cló céanna leis an Béarla lárnach do dhea-chleachtas an dhá-theangachais ach léirigh an Dochtúir Ó Laighin nach bhfuil aon tuiscint fós ag rannóga áirithe stáit ar an coinciap seo.
Timpeall bliain ó shin chuaigh an Conradh i dteagmháil leis an Roinn Comhshaoil chun plé a dhéanamh ar chomharthaíocht bóithre agus dhearbhaigh státseirbhíseach leo nach raibh aon difir i méid agus an cineal cló (dar leis) idir Gaeilge agus Béarla ar chomharthaí bóithre sna 26 Chontae. Cath eile ar fad atá ann le comharthaíocht dhá-theangach a bhaint amach ó thuaidh, ach ar a laghad ó dheas bheifeá ag súil go mbeadh fórálacha an Achta ag cinntiú comhionannas idir na teangacha. Mar fhreagra ar an tuairim sin thug an Conradh cuireadh don Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha staidéar agus anailís a dhéanamh ar chomharthaíocht abhus agus é a chur i gcomparáid le comharthaíocht i dtíortha eile agus foilsíodh an tuairisc sin le linn an chruinnithe.
Ní gá dom a rá nár mhól údair na tuairisce an córas reatha. D’aimsigh siad go leor a bhí cearr leis, ina measc an droch-chleachtas a roghnaigh na hÚdarais Bóithre anseo:an Ghaeilge a chur i bhfó-litreacha agus a Béarla a chlóbhualadh i gcinnlitreacha na litreacha sa Ghaeilge a chamadh, fiar, mar a bheadh cló iodálach ann ach sin déanta gan aird a thabhairt do thionchar an chamadh ar inléiteacht na litreacha an ponc a bhaint den litir i (beag) ionas go bhfuil sé deacair an difir idir i agus l a léamh  i bhfad níos mó spas a thabhairt don Bhéarla ná an Ghaeilge agus géaráin eile nach iad. Bíonn síntí fada ar lár, bíonn síntí fada breise ann, bíonn droch-aistriúchán agus mí-aistriúchán ana-choitianta.
Dála an scéal ní hí an Ghaeilge amháin is cúis le botún ar chomharthaíocht na mbóithre ó dheas. Tá comhartha bóithe ar an N4/N6  cóngarach do Leamhcán a insíonn don tiománaí go bhfuil Gaillimh 181 ciliméadair uaidh, agus go bhfuil turas 180 ós a chomhar go Sligeach. I ndiaidh 20 ciliméadair nó mar sin (cé fios) ar an bhóthar céanna tá comhartha eile a deir Gaillimh 151, Sligeach 159 agus gan aon míniúchán cén fath go bhfuil sé anois níos fuide go Sligeach ná go Gaillimh, nó cad as a tháinig an naoi gciliméadar breise!

Feachtas tosaithe
Tá feachtas tosaithe anois ag an Conradh a chinntiú go mbeidh cothromaíocht idir na teangacha ar na comharthaí, ach tá seans ann fós go mbeidh ordú cúirte de dhíth sula mbeidh deireadh leis an fhadhb áirithe seo, fadhb ní mór a rá a théann in aghaidh an cleachtais in go leor tíortha dhá-theangach eile, cosúil leis an Bhreatain Beag, an Bhriotáin, an Ghréig agus mar sin de.
Ach mar shampla maith den dóigh nach mbíonn smaointeachas comhtháite ag an rialtas, tá logainm.ie nua-sheolta a ligeann do dhaoine aon logainm sa tír a aimsiú trí Ghaeilge (díreach mar atá focal.ie in úsáid na mílte uaire in aghaidh an lae mar fhoclóir ar líne saor in aisce) agus is fiú an Roinn Pobal, Tuaithe agus Gaeltachta agus Fiontar a mholadh as an seirbhís seo.
Ach cén maitheas na logainmneacha a chosaint agus a chothú mar seo nuair atá Roinn Rialtais eile ag ullmhú córas cóid phoist a thabhairt isteach bunaithe ar litriú Béarla na gContaetha.

Ag ath-dhéanamh an tseanbhotúin
Tá feachtas ar bun le blianta ag na comhlachtaí seachadta córas cóid poist a chruthú don tír; deirtear go bhfuil córas ag An Post cheana féin a úsáideann siad le gach teach sa tír a aithint agus tá córas eile darb ainm PONC nó PON Code atá bunaithe go neamh-oifigiúil ar comh-oirniú ar ghrid na tíre agus ina bhfuil meascán de litreacha agus uimhreacha. Tá an Roinn Comhshaol ag ullmhú córas nua, áfach, ina mbeidh córas le meascán d’uimhreacha agus litreacha bunaithe ar ainmneacha Béarla na gcontaetha, córas nach bhfuil aon gá dó (litreacha agus uimhreacha) agus a dhéanfaidh damáiste eile le stadas na n-aimneacha contae trí Ghaeilge, díreach an botún nó masla céanna a rinneadh i 1987 nuair a tugadh an córas clárúcháin gluaisteáin isteach le huimhreacha don bhliain, litreacha ó ainm Béarla an chontae agus uimhir cláraithe an ghluaisteáin.
Ina chaint bhríomhar, greannmhar, léirigh Dónal Ó Curraoin go mbeadh i bhfad níos mó ciall córas uimhreacha bunaithe a úsáid, mar atá i bhfórmhór na dtíortha eile sa domhan. Ní dheachaidh a phoint amú orainn nuair a thaispeáin sé gurbh í an Bhreatain agus roinn iar-chólóin dá cuid a úsáideann córas ciotach ina bhfuil meascán de litreacha agus uimhreacha ach ag deireadh an lae, dar leis, tá ár gcóras féin againn toisc go n-aithníonn an fear, nó bean an phoist áitiúil an difir idir Jams O’Donnell amháin ó Jams O’Donnell eile rud nach bhfuil an satnav in ann a dhéanamh fós.
Tá eolas faoina feachtais áirithe seo ar fáil ar www.cnag.ie agus is fiú duinn tacaíocht a thairt dóibh.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland