Top Issue 1-2024

23 October 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Tá sé in am dúinn, i ndiaidh cainaisnéis uafásach crua na seachtaine seo súil a chaitheamh ar an ré nua mar a déarfá. An ré nua de choinníollacha cúnga crua a raibh gach eolaí ag tuar le fada ach a bhuail muid mar an ghaoth aduaidh nuair a tháinig sí orainn go tobann. Giorrúcháin, méadú cánacha, seirbhísí sláinte a ghearradh, rudaí ar glacadh leo mar chearta anois ag titim faoi thua Brian Lenihan.
Mar a tharla sé, bhí muid san áit seo cheana... ach an uair sin thug muid na seachtóidí agus na hochtóidí air. Leis an fhírinne a rá, níl an chuimhne chéanna agam ar an tréimhse sin is atá ag daoine eile nó sna blianta bochta sin bhí mé gafa ag cúrsaí eile. Sna nóchaidí, ar an lámh eile, bhuel sin scéal eile. Tá taithí agam ar na nóchaidí, agus an t-aistriú/aistear ó bhochtanas go laetha óga órga an Phuisín Cheiltigh.
Sna nóchaidí siúd bhí go leor iarsmaí de na hochtóidí thart timpeall orainn fós cé go bhfuil sé deacair anois mórán den saol sin a aithint sa tsochaí agus sa chultúr leasaithe in Éirinn na bliana 2008. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann nár éirigh leo a gcaighdeán maireachtála a fheabhsú fad is bhí an chuid eile den tír ar dhroim tíogair ach i gcoitianta tá go leor feabhsuithe inár saol fiú má thugann na feabhsuithe sin dúshláin eile leo. Ach anois tá an cúlú eacnamaíochta ag bagairt orainn agus na heolaithe ag tabhairt rabhadh go bhfuilimid ar an hóthar siar go dtí na hochtóidí.
Tá dhá ceist agam. An bhfuil orainn a dhul siar agus, an bhfuil muid in ann a dhul siar? Agus má tá ‘tá’ freagraithe ag ceachtar den dhá cheist, iarraim cá bhfuil an ‘siar’ sin. Cad é an sainmhíniú inaitheanta, inghlactha atá againn air agus ar chóir do dhaoine a bheith ullmhaithe dó mura bhfuil siad aosta go leor leis na hochtóidí/nóchaidí a chuimhneamh? An bhfuil sé in am leabhar Lets Go nó Rough Guide a fhoilsiú don tréimhse sin má’s léir go bhfuil muid ag pilleadh air? Bhuel, mar chuid den seirbhís a dhéanaim iarracht a sholáthar ó am go ham, ‘seo daoibh roinnt nodanna.

Fostaíocht
Deir siad, na laetha seo, nach raibh lánfhostaíocht sa tír sna hochtóidí. Bhuel ar ndóigh thig linn sin a ghlacadh mar fhiric nuair atá muid ag amharc ar an stair fhostaíochta sna Sé Chontae ach ó dheas thiocfaí á rá ní amháin nach raibh lánfhostaíochta ach taobh leis sin nach raibh fostaíocht lán-aimseartha ach an oiread do go leor leor daoine. Bhí roinnt áirithe oibre páirt-aimseartha ar fáil, postanna i mbialanna, i siopaí, i ngaráistí, i bpostanna glantóireachta. D’oibrigh mé mar a d’oibrigh go leor leor daoine eile sna postanna sin agus go deimhin dá mbeadh duine ag iarraidh fáil amach cén cinéal saol agus taithí fostaíochta a bhí sa tír ag an am sin, sna nóchaidí, níl orthu ach ceist a chur ar na daoine atá ag líonadh na bpostanna céanna anois: muintir an Laitvia, Lithuain, an Pholainn srl nó is ins an earnáil sin (a threig cuid mhaith daoine i lár na nóchaidí) atá an pobal nua Éireannach anois.
Le blianta beaga anuas tá Éireannaigh dhúchasacha ag sleamhnú isteach go postanna páirt-aimseartha arís, is fíor, ach ar fáthanna éagsúil ón fhostaíócht pháirt-aimseartha a bhí coitianta agus foirleathan fíche bliain ó shin. Tá na postanna á lorg againn anois lenár stíl bheatha a mhaoiniú, agus fiú muna bhfuil gach duine aonair sa tír níos fearr as na laetha seo, mar phobal, mar náisiún tá stíl bheatha agus mianta coitianta athraithe againn i mbealach nach n-aithneodh fórmhór againn ag tús na nóchaidí, agus go cinnte ins na hochtóidí.

Bia
Bhí na markers ann go raibh muid ag éirí ró-chompórdach nuair a thosaigh siopaí caifé ag oscailt i sráidbhailte, agus nuair a bhí an maimeo ag iarraidh skinny latté in ionad cupán tae agus í amuigh ag siopadóireacht. Bhóg muid ó shaol a raibh an mhéad sin mí-cheart leis an domhan go raibh muid ag iarraidh é a athrú go dtí saol nuair atá an mhéad sin athraithe gur muidne is cúis le cuid des na fadhbanna nua-chruthaithe anois. Tá ár nósanna ceannaithe athraithe agus ní amháin go gceannaíonn muid rudaí nach bhfuil de dhíth ach go gceannaítear ar bhonn stíl bheatha feabhsaithe ach go mbíonn sé sin ag cruthú fadhbanna áit éigin eile sa domhan. Tóg bia agus sláinte, mar shampla.
Breathnaigh ar an saghas bia a ithtear sa tír seo anois. Sméartha goji (nó a leithéid) ón tSín, óla ón Phailistín, cnónna ón Afraic, caifé ó Meiriceá Theas, duilleoga neantóige ón aghaidh soir de shliabh sna Himealaithe, ponairí speisialta órganacha ón Mól ó dheas agus mar sin de. Bíonn cúis mhaith do-bhréagnaithe ann do gach uile treocht acu ach i ndairíre is saghas baoithe atá ann nach ndéanann mórán difir don duine aonair. Is féidir a rá áfach go méadaíonn na nósanna seo an rian coise carbóin le hiompar agus pacaistiú, gan caint ar chór ar bith faoin fór-tharchur sna tíortha ina bhfuil na barra á bhfás lenár mblasanna athrúla a shásamh i mbliana sula mbógann muid ar aghaidh go blás éagsúil an chéad bhliain eile.

Éadaigh
B’é an tuí sa ghaoth domhsa go raibh slán leis na nóchaidí nuair a chonaic mé comhartha taobh amuigh an Army and Navy Stores i nGaillimhe tamall ó shin ag fógairt Reic Clabhsúir. Ráiteas ana-láidir a bhí ann sin nach raibh daoine ag iarraidh pilleadh ar laetha a raibh íomhaíocht an bhochtanais á chaitheadh orainn ó lá go lá. Anois thig linn a dhul isteach Dunnes, M&S, agus caoga bothóga faisean chun éadaigh réamh-chaite, réamh-stroicthe, nite le clocha, nite le gainneamh ón fasach Gobi má’s é do rogha é, a cheannach. Thig linn bristí agus gansaithe agus seacaidí ar nós míleatach a cheannach ach iad déanta as ollan bóg compórdach seachas an diabhal éadach garbh míleatach féin a chaith saighdiúir tráth ar bhalla Berlin, nó san Aifric, nó fiú san Iaraic. Má a dhúnann an Army and Navy, an bhfuil doras siar ar na hochtóidí ag dúnadh leis? Nó an bhfuil Vincents agus Enable Ireland ag teacht isteach agus an spás sin a líonadh? An é Mrs Quinn an Army and Navy nua?

Polaitíocht
Áit challanach, agóideach a bhí sna hochtóidí agus bhí cuid mhaith den chath pholaitiúil á throid ar na sráideanna le mórshiúlta, picéadaí agus ar aile. Anois níl sé fíor a rá gur stop an cinéal polaitíocht sin le teacht an Tiogair ach is fíor a rá gur chúlaigh go leor, leor daoine as an agóidíocht agus gur aimsigh siad nithe eile le déanamh lena saolta. Morgáistí, páistí, agus an dara gluaisteán sna garáistí ba chúis le sin is dócha agus b’fhéidir go raibh cuid des na rudaí a raibh siad ag agóidíocht futhu, réitithe, agus nach raibh siad réidh don chéad chúis mhaith eile a throid.
Tá macalla na laethanta sin ar ais, áfach, an tseachtain seo. Nuair a ghlaoigh Brian Lenihan ar an phobal ‘tírghrá’ a léiriú mar fhreagra ar an chainéisnéis mhuscail sé tírghrá eile i measc daoine a throid a mbealach tríd na seascaidí, seachtóidí agus ochtóidí, daoine atá sean agus liath anois ach atá in ann a chuimhneamh laetha i mbun agóidíocht ar na sráideanna agus atá, is léir, sásta an bóthar sin a leanúint arís má’s gá.
Cuir isteach leo siúd an chéad ghlúin eile, micléinn i mbun agóide faoi tháillí ceilte ag dul i méad agus tá macalla na n-ochtóidí againn.
Táthar á rá go bhfuil coinníollacha eacnamaíochta thar a bheith dona romhainn agus go bhfeicfidh muid go leor cosúlachtaí leis na hochtóidí agus luath sna nóchaidí. B’fhéidir gur thosaigh na seachtóidí agus na hochtóidí a ‘come-back’ an tseachtain seo.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland