Top Issue 1-2024

4 September 2008 Edition

Resize: A A A Print

Oideachas agus fís an Phiarsaigh

LE EOGHAN Mac CORMAIC

Bhuel, tá an chéad seachtain de Mhí Mheán an Fhómhair linn arís: méadú suntasach ar thrácht agus ar thranglam le páistí ag filleadh ar scoil agus na sráideanna lán le SUVanna agus iompróirí daoine i ndiaidh ‘shuaimhneas’ an tsamhraidh. Do dhaoine eile, áfach, tá nasc níos dírí leis an turas scoile seo agus le seachtainí anuas ar fud na tíre bhí tuismitheoirí ag cuardach éidí scoile, brógaí nua do na cosa beaga a d’fhás orlach breise ó Mí an Mheitheamh, málaí scoile agus boscaí lóin agus ábhar speisialta, mealltach, inite - folláin agus sláintiúil b’fhéidir - le cur ann. Agus an tseachtain seo, tiocfaidh na nótaí abhaile le billí do leabhair, grianchóipeanna, treoracha faoi leabhair agus ciseán ranga agus amchlár d’imeachtaí iarscoile, Cruinnithe Cinn Bliana Choiste na dTuistí, clamhsán nó ceiliúradh faoin mhúinteoir nua agus an tuirse ar leith a thiteann ar na páistí ag an am seo den bhliain agus a bhaineann, is dócha, le foghlaim scoile.
Thosaigh an cailin beag deireanach sa teach s’againne ar scoil an tseachtain seo agus cé gur girseach atá inti, smaoinigh mé faoi na línte cáiliúla sin ó Elizabeth Shane ina dán Wee Hughie:
He’s gone to school, wee Hughie,
An’ him not four,
Sure I sae the fright was in him
When he left the door.

But he took a hand o’ Denny,
An’ a hand o’ Dan,
Wi’ Joe’s owld coat upon him -
Och, the poor wee man!

I watched him in the corner
O’ the big turf stack,
An’ the more his feet went forrit,
Still his head turned back.


Ar ndóigh ní raibh an drogall ar Liadán s’againne imeacht ón nead agus a bhí ar Hughie bocht, fadó, agus leis an fhírinne a dhéanamh ó bhain sí cúig bliana amach cúig mhí ó shin tá sí ag éileamh go dtógfaimis í ar scoil láithreach in ionad bheith ag fanacht ar Mheán an Fhómhair. Tá sí ag an Ghaelscoil, scoil a bhfuil idir thuismitheoirí, fhoireann agus na daltaí féin an-bhróduil aisti agus caithfear a rá gur rud úr é sin i stair oideachais na tíre seo, go mbainfeadh páistí sult as dul ar scoil.

Scoil Éanna
Céad bliain ó shin an tseachtain seo bhí na chéad ghasúir ag tosú i Scoil Éanna, i Ráth Fearnáin faoi stiúr Phádraig Mhic Phiarais, Thomáis Mhic Dhonnchadha, agus grúpa beag múinteoirí eile. De réir gach tuairisce bhí na daltaí thar a bheith sásta lena scoil agus an-bhródúil aisti chomh maith. Lena fhís phearsanta chun an tInneall Marfach nó an Murder Machine a chur as feidhm bhí an Piarsach ag iarraidh múnla úr a thabhairt isteach i gcúrsaí oideachas sa tír, le hoideachas a sholáthar ina mbeadh meas do gach rud Éireannach, náisiúnta agus le córas daonlathach ina mbeadh láidreachtaí na ndaltaí á bhforbairt in ionad iad a smachtú. Le béim ar bhráithreachas bhí Scoil Éanna ag iarraidh daltaí a threorú i dtreo seirbhís don tír - rud a bhí difriúil, dar leis an Phiarsach ón chóras chomhaimseartha a chothaigh aicmeachas agus a d’ullmhaigh óige na hÉireann le modhanna, nósanna agus meon na Breataine.

Fís
Bhí Scoil Éanna éagsúil ó aon scoil a chuaigh roimpi in Éirinn. Scoil dhátheangach a bhí ar intinn an Phiarsaigh agus múineadh roinnt ábhar trí Ghaeilge. Nuair a bunaíodh an Saorstát cheapfá go leanfaí lena fhís nó bhí athréimniú na Gaeilge in ainm a bheith mar fhís ag bunaitheoirí an Stáit. Bhí scoileanna ann i gcónaí a rinne iarracht cuid den teagasc a dhéanamh trí Ghaeilge ach go minic theip orthu cumas labhartha na teanga a thabhairt leis na daltaí i ndiaidh na laethanta scoile. Tháinig meath ar an Ghaeilge i ngach glúin ó bunaíodh an stát go dtí gur thosaigh feachtas le gaelscoileanna a oscailt ag deireadh na seascaidí. Sna 35 bliain ó bunaíodh Gaelscoileanna, mar shampla, tá fás leanúnach le líon na ndaltaí atá ag fáil oideachais trí Ghaeilge agus idir Ghaelscoileanna agus a macasamhail ó thuaidh, Comhairle na Gaelscolaíochta, tá 171 bhunscoil agus 44 mheánscoil lán-Ghaeilge ag feidhmiú anois taobh amuigh den Ghaeltacht.
Tá gaelscoileanna i ngach contae in Éirinn, i mbeagnach gach baile mór in Éirinn agus tá pleananna fós ann le ceithre nó cúig scoil nua a oscailt gach bliain romhainn go dtí go bhfuil fáil ag gach páiste sa tír ar ghaelscolaíocht laistigh d’achar cóngarach don bhaile.
Ach má tá gaelscoileanna ann, aitheanta agus maoinithe mar a bheadh aon scoil eile ní hionann sin agus a rá go bhfuil an Ghaeilge ‘slán’ sa chóras oideachas ar an oileán seo.
Tá go leor cur in éadan fós i measc aontachtaithe d’fhás agus leathnú amach na gaelscolaíochta ó thuaidh agus ó dheas tá cath á throid fós faoi phleananna an Aire Oideachais dheireanaigh Béarla a thabhairt isteach sna naíonáin i ngaelscoileanna rud a théann glan in aghaidh an tsaíochta agus taithí is fearr oideachas i dtíortha ina bhfuil ‘mionteanga’ agus ina bhfuil lucht na teanga sin ag cleachtadh tumoideachais le tús agus deis a thabhairt do na naíonáin in aghaidh thionchar na teanga is láidre.


Gaelscoil Stáit
Tá sé suimiúil gur osclaíodh an tseachtain seo an chéad scoil náisiúnta a bhfuil an stát (tríd an Choiste Gairmoideachas) mar phátrún uirthi. Caithfidh scoileanna sna 26 contae feidhmiú faoi stiúr ‘pátrúin’ agus roimhe seo bhí formhór na scoileanna faoi phatrúnacht na nEaglaisí (agus an Eaglais Chaitliceach ach go háirithe); faoi phatrúnacht Fhoras Patrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge Teo (a bunaíodh le rogha a thabhairt do ghaelscoileanna) nó faoi pátrúnacht Educate Together. D’oscail Educate Together 12 scoil i mbliana, agus le blianta anuas bíonn an chuid is mó de na gaelscoileanna nua faoi phatrúnacht an Fhorais, rud a chiallaíonn go bhfuil ról na hEaglaise Caitlicí ag athrú, le himreoirí nua ag fáil céatadán is airde sna ranganna naíonáin. Tá scéal an oideachais ag athrú, á dhaonlathú fiú, sa tír seo.
Nuair a dhreap ár scoláire beag isteach an Bus Scoile an mhaidin arú, cad a bhí i ndán dí. Bhuel, ar ndóigh, bhí bus sábháilte ann ó athraíodh na rialacha do-chreidte cúpla bliana ó shin a cheadaigh do thriúr páistí suí ar spás a bhí cruthaithe do bheirt. Nach raibh an-mheas againn ar ár gcuid páistí!
Isteach léi chuig an scoil. Tá sean-abairt ag Colm Mac Eoin, duine a chuidigh le go leor gaelscoileanna a bhunú, go bhfuil trí ‘R’ i gcóras oideachais Béarla: reading, writing agus arithmetic ach go bhfuil trí ‘P’ de dhíth le gaelscoil a bhunú: páistí, príomhoide agus portakabins. Tá Liadán i bportakabin mar atá an triúr eile ó thosaigh an scoil 8 mbliana ó shin agus is dócha go gcríochnóidh sí an bhunscolaíocht sa bhliain 2016 agus í i bportakabin fós.
2016. Bliain chomórtha eile a bhaineas leis an Phiarsach, comóradh an Chéid den Éirí Amach. Nár chóir dúinn anois mar phobal bheith ag leagan síos spriocanna don bhliain sin. Mar shampla:

  • Nach mbeadh aon paiste sa tír ag filleadh ar scoil gan bhróga agus éadaí teo agus nach mbeadh ar scoileanna táillí faoi cheilt a úsáid le híoc as mionrudaí ar chóir don Roinn Oideachais a bheith ag íoc as.  
  • Go mbeadh córas oideachais comhtháite ar fud an oileáin ina bhfuil Gaeilge nó ar a laghad deis le hoideachas trí Ghaeilge, ag gach páiste.
  • Go mbeadh scoileanna comhoideachas, i bhfoirgnimh nua buana agus nach mbeadh aon pháiste ina shuí i bportakabin (ba chuma cé comh gheal, compordach agus ildaite is atá siad.
  • Go mbeadh spás súgartha ceart le páirc peile, iománaíochta, sacair nó pé sport is mian le páistí a imirt a bheith mar chuid de sholáthar scoile.
  • Go mbeadh leabhair d’ardchaighdeán, ag freastal ar churaclam a amharcann chun tosaigh agus a dhóthain de mhúinteoirí leis an churaclam a mhúineadh.
  • Go mbeadh múinteoirí acmhainne agus múinteoirí tacaíochta foghlama do na páistí siúd a bhfuil sé de dhíth orthu ionas go mbeadh gach páiste sa tír ag fáil deiseanna comhionanns mar a gealladh i bhFórógra na Cásca


Tá go leor cainte faoi chomóradh cuí ar 1916 agus fís an Phiarsaigh agus a chomrádaithe eile. Thiocfadh leo an chéad chéim a ghabháil sa ghort ab ansa leis - córas oideachais ceart a chinntiú do pháistí uile an náisiúin.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland