Top Issue 1-2024

28 August 2008 Edition

Resize: A A A Print

Pierrepoint - síceapatach faoi scáth an dlí

Fadó, fadó nuair a bhí mé ar coimeád i bPríosún Bhéal Feirste, ag fanacht ar mo thriail ag teacht os comhar na gcúirteanna thug duine de mo chomrádaithe leabhar dom a léamh: Executioner, Pierrepoint. Is dócha gur cheap sé go n-ardódh sé mo mheanma sna laethanta leadránacha Diplockúla - bhí cineál de ghreann dorcha ag daoine sa Crum an tráth sin. Oíche Luain na seachtaine seo craoladh an scannán a rinneadh den dírbheathaisnéis ar ITV agus arís eile cuireadh mé ag smaoineadh faoi cé chomh fuar agus a bhí Pierrepoint mar dhuine.
Fiú i ndiaidh na hiarrachta a rinneadh sa scannán le duine duineata, normálta a dhéanamh de; duine a raibh ‘trócaire’ aige do na daoine a chuir sé chun báis caithfí gur síceapatach ag feidhmiú faoi scáth an dlí a bhí ann. Lean sé ceird a uncail agus a athar, Tom agus Harry: idir an bheirt sin cuireadh 375 duine chun báis ach chroch an Pierrepoint is droch-cháiliúla, Albert, 603 duine le linn a réimse féin idir 1932 agus 1956. Sa tír seo cuimhnítear an t-ainm Pierrepoint mar an crochadóir is measa a chleacht a ghairm uafásach agus a chuir idir fhir, mhná, choirpigh, dhaoine ‘ciontacha’ agus daoine soineanta, agus ar ndóigh Phoblachtánaigh agus Óglaigh chun báis, ó thuaidh agus ó dheas. Ach ní raibh monaplacht ag Pierrepoint, nó ag an triúr Pierrepoint fiú, ar mharú daoine i gcillíní an chrochta. Bhí crochadóirí eile rompu, lena linn agus ina dhiaidh nó d’éirigh Pierrepoint as oifig mar an State Executioner mar gheall ar argóint shuarach faoi airgead sé bliana sular cuireadh na ciontaithe deireanacha chun báis i Sasana sa bhliain 1964. Le linn a dtréimhsí oifigúla mar Chrochadóir Stáit sa Bhreatain, chleacht siad mar chrochadóirí sa Tuaisceart, agus sna 26 Chontae chomh maith.

Liosta fada crochadóirí
I bhfad sular tháinig Albert Pierrepoint chun chinn mar chrochadóir bhí rialtas na Breataine ag cur Poblachtánaigh chun báis. Bhí William Calcraft ina chrochadóir stáit ar feadh 45 bliain go dtí 1874 agus sna blianta sin bhí sé ag marú, ar an mheán, 10 daoine in aghaidh na bliana. Duine barbartha a bhí ann a thachtaigh príosúnaigh chun báis -(thosaigh a chomharba, William Marwood, nós nua ar bhaist sé ‘an titim fhada’ air, trínar bhristí muineál an íospartaigh, rud a mharódh an príosúnach laistigh de shoicindí in ionad na mbomaití d’fhulaingt a d’imir Calcraft orthu). Ba é Calcraft a chroch Michael Barrett, ball den IRB taobh amuigh de Phríosún an Gheata Nua ar 26 Bealtaine 1868. Ciontaíodh Michael Barrett as pléascadh Phríosún Clerkenwell inar maraíodh dosaen duine agus ba é sin an crochadh poiblí deireanach sa Bhreatain. (Tá leabhrán iontach ag an Athair Joe McVeigh ina maíonn sé gur ciontaíodh in éagóir é). An bhliain roimhe sin chroch Calcraft na Mairtírigh Manchain, William O’Meara Allen, Michael Larkin agus Michael O’Brien ag crochadh poiblí ag geataí Phríosún Salford ar 23 Samhain 1867. Íocadh an crochadóir £30 as an mharú an lá sin.
Nuair a d’éirigh Calcraft as oifig, ar phinseán stáit, ceapadh William Marwood ina dhiaidh. Mar a bhí an nós go deireadh phionós an bháis, bheadh an crochadóir Sasanach i mbun crochtha faoi seach in Éirinn agus ba é Marwood a chuir cúigear ‘Invincibles’ chun báis i Mí Bhealtaine 1883. Cúisíodh an cúigear as páirt a ghlacadh san ionsaí ar Cavendish agus Burke i bPáirc an Fhionnuisce.
Patrick O’Donnell, as Gaoth Dobhair
Ach má bhí crochadóirí ar nós Marwood ag iarraidh a chur ina luí gur obair uasal a bhí ar siúl acu, meisceoirí a bhí i gcuid eile acu. Bhí Bartholemew Binns ina chrochadóir idir 1883 agus 1884 agus le linn na tréimhse sin chuir sé an Conallach Patrick O’Donnell chun báis as marú James Carey. Bhí Carey ina bhall den ghrúpa The Invincibles ach thug sé fianaise in aghaidh James Harris, (Skin the Goat). Maraíodh Carey ar long mara agus é ar a bhealach le saol nua a thosú san Afraic Theas; dúradh gur aithin Patrick O’Donnell é agus scaoil urchar leis an bhrathadóir. Tugadh Patrick O’Donnell ar ais go Sasana agus cuireadh chun báis é ar 17 Nollaig 1883.
Caitheadh Binns as a phost i ndiaidh crochadh uafásach, inar mhair an t-íospartach 13 nóiméad, ag tachtadh go mall in ionad bheith ag fáil bháis láithreach. Bhí Binns ar meisce. (Cúig lá roimhe sin, sa phríosún céanna, chroch sé beirt bhan i gcrochadh dúbáilte).
Má a bhí fadhb alcóil aige, ní raibh sé ina aonair. Caitheadh uncail Albert Pierrepoint as a phost mar chrochadóir sa bhliain 1910 i ndiaidh eachtra nuair a bhain sé Príosún Chelmsford amach le duine a chrochadh agus é ar meisce, agus lá i ndiaidh dó troid a thosú le crochadóir eile, John Ellis. Chuir Ellis lámh ina bhás féin ag deireadh a shaoil, ach níor tharla sé sin go dtí seacht mbliana i ndiaidh dó Roger Casement a chrochadh in Pentonville ar 3 Lúnasa 1916.

Dialann Bháis
Agus ansin, ar ndóigh, bhí Albert Pierrepoint. Chuidigh an mac lena athair, Thomas, nuair a crochadh Tom Williams i Mí Mhéan Fómhair 1942 i mBóthar Chroimghlinne. Tugadh imalartú do chúigear eile a daoradh chun báis leis, ach thig linn bheith cinnte nach mbeadh drogall ar na crochadóirí Pierrepoint an seisear a mharú dá n-iarrfaí orthu sin a dhéanamh: le linn na tréimhse céanna bhí Pierrepoint Sinsireach ag crochadh go leor saighdiúirí Meiriceánacha lonnaithe i Sasana, agus blianta beaga ina dhiaidh sin bhí Pierrepoint Sóisearach i mbun a ghnó ar scála leathan nuair a chroch sé cúpla céad Coirpeach Cogaidh Naitsíoch - uaireanta ag marú breis agus deichniúr ar aon lá amháin. Eisean a chruthaigh an double gallows leis an obair a dhéanamh níos gasta. Ba é an maíomh aige gur éirigh leis íospartach a mharú i gcás amháin taobh istigh de sheacht soicind idir an bualadh deireanach den chlog, agus an duine ag fáil bháis.
Choinnigh Pierrepoint ‘dialann’ de na crochtaí a rinne sé agus inar chuidigh sé, agus is taifead dorcha atá ann de phionós an bháis. Dar leis féin, níor oibrigh pionós an bháis ach níor tháinig sé chuig an tuairim sin go dtí blianta i ndiaidh dó éirí as. Fáthanna suaracha a bhain leis an éirí as, nuair a rinne sé turas lá go dtí príosún ach nár ligeadh dó an crochadh a chríochnú toisc go bhfuair an príosúnach imalartú. Lorg sé a ghnáthchostais don chrochadh agus nuair nár íocadh é, d’éirigh sé as mar agóid. Faoin am sin bhí an crochadh deireanach thart sna 26 Chontae: chroch sé Michael Manning, arb as Luimneach dó, ar Mháirt na Cásca 1954. Crochadh an t-íospartach deireanach ó thuaidh, Robert Mc Gladdery, i mBóthar Chroimghlinne cúig lá roimh an Nollaig 1961, cé gur leanadh le crochadh ar feadh trí bliana eile sa Bhreatain. Go deimhin, taispeánadh an sang froid Sasanach, nuair a crochadh beirt comhchúisithe ag an am céanna, in dhá phríosún dhifriúla (Peter Anthony Allen, ag Príosún Walton agus Owen Evans, in Strangeways) ar 13 Lúnasa 1964, ionas, dúradh ag an am, nach mbeadh duine amháin liostithe mar an duine deireanach a crochadh!

An daoradh deireanach
Dála an scéal, bhí Liam Holden, cime poblachtánach, cúisithe as saighdiúir d’Arm na Breataine a mharú, ar an dhuine deireanach a daoradh chun bás sa Tuaisceart sa bhliain 1973. Chaith sé roinnt seachtainí i gCillín an Bháis ag fanacht ar an chrochadóir ach imalartaíodh é nuair a tugadh imalartú don dílseoir Albert Browne a bhí ag fanacht sa chillín béal dorais agus daoradh é as ucht ball den RUC a mharú. Daoradh poblachtánaigh chun báis ó dheas suas go dtí lár na n-ochtóidí agus níor baineadh pionós an bháis den leabhar reachtaíochta go dtí gur ritheadh reifreann bunreáchtúla sa bhlian 2001, a thug isteach an 21 Leasú i Mí Mhárta 2002.
Fuair Pierrepoint féin bás i 1992; ní dócha gur sileadh mórán deora dó, nó don chinéal gairm bheatha/gairm bháis a chleacht sé idir 1932 agus 1956.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland