Top Issue 1-2024

24 July 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Slógah Shinn Féin roinnt bliain ó shin

Slógah Shinn Féin roinnt bliain ó shin

Bualadh Bus agus Gaeilge i gCathair na dTreabh

Thosaigh mé m’alt an tseachtain seo chuaigh thart ag scríobh faoi bhusanna agus tosóidh mé leis an ábhar céanna a tseachtain seo: Busanna. Bhí mé i mbusáras na Gaillimhe, Stáisiún Ceannt, maidin Luain ag seoladh Léarscáil Líonra Bhus Éireann agus broisiúr clár-ama busanna ag imeacht as Cathair na Gaillimhe féin do chinn scríbe ar fud fud na tíre.
B’é Bus Éireann féin a roghnaigh Cathair na dTreabh don scéim phíolóta seo dar le Tim Hayes, Príomhfheidhmeannach Bhus Éireann agus é ag labhairt ag an seoladh. Dhá bheart éagsúil atá i gceist leis an tionscnamh: ar ndóigh tá dualgais áirithe ó thaobh na Gaeilge de ar an chomhlacht faoi rialacha an Achta ach comh maith leis sin tá tiomaint (maith domh an pun) ag teacht ón eagras féin deiseanna a ghabhail leis an teanga a chur chun chinn.
Mhínigh sé comh maith go raibh an comhlacht ag seoladh comórtais nua don ghrúpa pobail atá ag déanamh an bhearta is fearr don Ghaeilge agus ainmníodh an craoltóir Mícheál Ó Muircheartaigh mar ‘phátrún’ ar an chomórtas agus mar chomh-mholtóir le hÁine Seoighe, Oifigeach le Foras na Gaeilge agus le Bríd Ní Chonghóile, Ard Fheidhmeannach le Gaillimh le Gaeilge. Tá sceimeanna/duaiseanna pobail a chur chun chinn i gcathracha eile ag an chomhlacht – mar shampla i Luimneach tá spriocanna an chomórtais ag díriú ar stop a chur leis an scrios a dhéantar ar fhuinneoga bus a chosnaíonn an comhlacht beagnach leath-mhilliún in aghaidh na bliana. ‘Seo an chéad uair, áfach, go bhfuil baint ag an chomórtas leis an Ghaeilge.
Ní nach ionadh, ar ndóigh, gur roghnaíodh ar Ghaillimh mar ionad seolta an léarscála líonra agus an chéad clár ama bus as Gaeilge. Tá feachtas ar bhun le tamall de bhlianta stadás dhátheangach oifigiúil a bhaint amach don chathair agus anúraidh rinneadh suirbhé ar ghnónna agus mhuintir an bhaile ag lorg a dtuairimí faoin cheist. B’é Gaillimh le Gaeilge a bhailigh an tsuirbhé agus nuair a foilsíodh na torthaí ba léir go raibh bá an phobail leis an fhís. Ach tá a fhios ag cách go bhfuil sé réasúnta éascaí torthaí báthúla a fháil ar shuirbhé ach na ceisteanna cuithe a chur. I gcás na Gaillimhe afách, tá an lucht gnó ag vótáil lena gcosa agus admhaíonn gach duine a thugann cuairt ar an chathair go bhfuil an Ghaeilge so-fheicealach agus só-chloiste ar na sráideanna.


Feachtais i dtreo Bailte Dhátheangacha
Tá ar a laghad trí bhaile eile in Éirinn a bhfuil coistí mar seo acu: Ceatharlach, Baile Locha Riach agus an Ceathrú Gaeltachta i mBéal Feirste, atá ag obair agus ag stocaireacht i dtreo stadáis dhátheangaigh dá mbailte féin. Tá scéim stát-mhaoinithe i gCeatharlach a bhfuil stadás dhá theangach mar sprioc aici, agus i mBaile Locha Riach bunaíodh comhchoiste dhá bhliain ó shin ina bhfuil páirtnéireachtaí idir grúpaí cultúrtha/Gaeilge agus an earnáil reáchtúil leis na spriocanna céanna a bhaint amach. Agus ar bhonn níos eagraithe fós tá An Ceathrú Gaeltachta Teo ag feidhmiú in Iarthar Bhéal Feirste, sa dorchla ó Bun na bhFál go Baile Andarsain, i limistéar atá aitheanta go hoifigiúil mar cheantar ina bhfuil geilleagar agus féidearachtaí eacnamaíochta agus sóisialta do phobal agus gnó na Gaeilge.
Níl aon ionadh, áfach, go mbíonn Cathair na Gaillimhe ag iarraidh brú ar aghaidh mar cheannródaí san earnáil seo. Tá cuid den chathair fós sa Ghaeltacht oifigiúil, cuid eile ar bhruach na Gaeltachta agus má tá tráchtáil agus cumarsáid le déanamh ag muintir na Gaeltachta i gConamara le haon chathair is le Gaillimh a déanfar é. Ag labhairt ag an seoladh dúirt Mícheál Ó Muircheartaigh nach bhfuil lá ann agus é ag siúl tríd an Fhaiche Mór i gcroí-lár na cathrach nach gcásfadh ar a laghad fiche duine leis a labhródh Gaeilge leis. Agus tá níos mó ná sin i gceist. Tá gnónna ag tiontú i dtreo na Gaeilge anois ar an tuiscint gur fiú dóibh é sin a dhéanamh, agus go bhfaighfidh siad a thuilleadh gnó dá réir.
Ó bhaineann cuairteoirí (agus muintir na háite) Gaillimh amach mar ceann scríbe bíonn an Ghaeilge feicealach. Tá go leor comharthaíocht Gaeilge timpeall an busáras agus an staisiún traenach agus le tamall anuas tá athbhrandáil á déanamh in Aerfort na Gailimhe agus beidh an Ghaeilge mar chuid den phróiseas sin. De réir Bainisteoir Margaíochta Aerfort na Gaillimhe is de bharr go bhfuil an chathair suite in aice leis an Ghaeltacht ‘gur féidir linne a chur in iúl do thurasóirí go bhfuil siad in áit éigin difriúil a luaithe a thagann siad ó bhord an eitleáin’.


Níl Q sa Ghaeilge, ach tá Gaeilge i mB&Q
I measc na gcomhlachtaí eile a luann cóngaracht na Gaeltachta mar ghné dá bhfeachtas comharthaíochta dátheangach tá an siopa crua-earraí B&Q a tháinig go Gaillimh anúraidh agus a bhfuil comharthaíocht Gaeilge ann. De reir a úrlabhraí Paul Molloy gur mheas B&Q go raibh sé tábhachtacht a thabhairt san áireamh go bhfuil siad lonnaithe ‘ar bhruach na Gaeltachta’. ‘Tugann sé deis dúinn comh maith seasamh amach ó chomhlachtaí idirnáisiunta eile atá ag feidhmiú in Éirinn’.
Ach má tá suíomh, suíomh agus suíomh mar an trí fhath go roghnaíonn roinnt siopaí an Ghaeilge nuair atá siad ag déanamh macnamh faoi chomharthaíocht nua cabhraíonn sé leis go bhfuil comhlacht mar Gaillimh le Gaeilge ann le treoir agus comhairle a thabhairt agus ar ndóigh le spreagadh a thabhairt do chomhlachtaí an rogha ceart a dhéanamh. Míníonn Gearóidín Ní Ghioballáin ról an eagrais agus ag cinntiú go bhfeiceann na comhlachtaí an dea-thoil a chothaíonn úsáid na Gaeilge  i measc Gaeilgeoirí  agus go deimhin, ina measc siúd nach labhraíonn an Ghaeilge. Tugann an Ghaeilge uathúlacht agus luach faoi leith do tháirge agus tarraingíonn sí  aird dhearfach ar an gcomhlacht a úsáideann í.”


Slogadh, gan boladh cordite
Bhí sé suimiúil, mar sin, go bhfuair mé téacs an trathnóna céanna i ndiaidh an tseolta, leis an nuacht go bhfuil Roinn an Chultúir, Sinn Féin ag reáchtáil an tSlogaidh bliaintúil i nGaillimh i mbliana.  Reáchtáladh an chéad Slogadh breis agus fiche bliain ó shin - bhí sé le bheith suite sa chomharchumann i Ráth Chairn ag an am ach chuir an tAire Gaeltachta ag an am bac ar an Chomharchumann an halla a ligint don pháirtí agus bhí ar Ghaeil Sinn Féin bogadh leo go dtí an Uaimh don deireadh seachtaine. Thar na blianta bhí líomháintí ó am go ham go mbeadh Comhdhálacha Óglaigh na hÉireann ar súil ag an am céanna leis an Slogadh – 1986, 1994, 1996, 2001 agus cé fios nach raibh blianta eile ann comh maith. Is cuimhin liom ag tiomáint isteach i gcarrchlós Óstán an Eireagail i nGaoth Dóbhar do Slogadh luath sna Nóchaidí agus bhí Mias Saitilíte Sky ar bharr lorraí ag fanacht ar Scéal Eisiach a chraoladh faoi chruinniú Comhairle an Airm a chreid siad a bheith ar súil le linn an tSlogaidh. Ah, na laethanta sin den phoiblíocht saor in aisce. Tá go leor athraithe ó shin agus beidh an Slogadh ar súil i mbliana idir Aoine an 3ú agus an Domhnach an 5ú Deireadh Fómhair in Ostán na Páirce sa Spidéal gan boladh cordite ar bith ag baint leis, mar dhea.
 Níl téama an tSlogaidh fógraithe go foill ach i measc na léachtaí faoi leith a bheas ann beidh plé  faoin Meán Cumarsáide agus na meáin Ghaeilge. Agus, má’s fíor a bhfuil scríofa agam sa chéad cuid den alt seo faoi bhorradh na Gaeilge i nGaillimh, beidh sé suimiúil má cuirtear críoch le pleananna atá faoi caibidil sa Iarthar le Cumann Lán-Ghaeilge a láinseáil do Chathair na Gaillimhe le linn na deireadh seachtaine.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland