Top Issue 1-2024

3 July 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Deireadh ré nó tús nua?

Nuair a thóg an Coiste Gnó de Chonradh na Gaeilge cinneadh le déanaí an ceannáras atá ina sheilbh le breis agus daichead bliain a chur ar dhíol bhí an chontúirt ann go ndíolfaí níos mó ná foirgneamh ach go mbeadh cuid de stair na tíre seo féin á chur ar an mhargadh. Tuigeann go leor daoine an dúshlán a bhí ann don eagraíocht bealach a aimsiú le ceannáras nua-aoiseach a fháil, fairsing go leor don iliomad gníomhaíochtaí a bhíonn ar súil i spás plodaithe Shráid Fhearchair ach beidh cuimhní ciona ag daoine eile, Gaeilgeoirí agus cuairteoirí eile nach iad, d’Uimhir a Sé agus a raibh ann agus ar ndóigh na nascanna stairiúla éagsúla a luaitear i dtaobh an tí.
Linn linn leathnú agus forbairt Bhaile Átha Cliath ins an tréimhse Seoirseach (a ainmníodh mar gheall ar an ceithre Rí Shasanach den ainm céanna a rialaigh idir 1714 go 1830) a cuireadh tús le tógáil Sráid Fhearchair sa bhliain 1784. Bunaíodh Coimisiún na Sráideanna Leathna agus rinneadh go leor scrios ar na cúng-sraideanna réamh-Sheoirseach, is dóigh liom ach níor chualathas móran clamhsán faoi sin, agus mar a rinneadh ag an am ainmníodh an Sráid in onóir Sasanaigh mór le rá: Iarla Harcourt; ionadaí Rí Shasana in Éirinn idir 1722 agus 1776.
In alt a foilsíodh sa pháipéar seo cúig bhliain ó shin scríobh an Draoi Rua ‘gurbh iad móruaisle na tíre a chónaigh sa cheantar seo. De réir treoirleabhar a foilsíodh i 1796, chónaigh Iarla Chluain Meala, beirt barún, seachtar comhalta de theach íochtarach na parlaiminte, ball de Chomhairle an Rí agus dochtúir sa sráid.’’Ai, na huaisle. Ní raibh a fhios acu cad a bhí i ndán don sráid sna blianta rompu!

Uimhir a 6 san 19ú Aois
Díoladh Uimhir 6 Sráid Fhearchair i Mí Márta 1798, bliain an Éirí Amach, nuair a cheannaíodh léasa 285 bhliain air, ach níor mhair an t-úinéir nua, Price Blackwood comh fhada sin. Díoladh arís é 21 bliain níos déanaí leis an Oirmhinneach James Jones a bhí i mbun iontaobhas d’Iníon Ann Seagrave agus tamall i ndiaidh sin lig sí amach ar chíos é le Reachtaire Ollscoil Chaitliceach na hÉireann na laethanta sin, Coláiste na hOllscoile an lá atá inniú ann, John Henry Newman.
Le linn a chéad nócha bliain eile tháinig úinéirí agus d’imigh úinéirí. Béal doras in uimhir a 4 a rugadh Edward Carson sa bhliain 1854. Ach rinneadh díolúchán tábhachtach ar an 21 Meitheamh 1910 nuair a cheannaigh an Sinn Féin Co-operative Bank an teach ar £575. Chomh maith leis an Banc, aistríodh ceannáras an pháirtí, nach raibh ach cúig bhliain ar an saol ag an am ó Sráid Sackville, nó Sráid Uí Chonaill mar atá aithne againn uirthi inniu. Bhí oifigí ag Art Ó Gríofa, an t-Uachtarán ar an dara urlár agus Ceannáras Sinn Féin ar an chéad urlar fad a’s a bhí an Banc ar leibhéal na sráide.

Ré Sinn Féin in Uimhir a 6
Bhí Sinn Féin fós i mbun an fhoirgnimh nuair a throid siad ollthóghchán 1918 aus ag deireadh na bliana sin, nuair a bhí comórthaí ar bun le deireadh an chogaidh (nó an Armastice) á chéiliúradh, bhris scaifte Sasanaigh isteach sn foirgneamh le hionsaí a dheanamh ar an fhoireann. Ag an am sin ní raibh ach fostaí amháin ag obair, Gaillimheach as Baile Locha Riach darbh ainm Séamas Ó Ceallaigh, a bhí ina eagarthóir eatramach ar Nationality, nuachtán Arthur Griffiths, fad a’s a bhí Ó Gríofa faoi ghlas. Bhí an nuachtán á fhoilsiú ó Uimhir a 6 agus rinne an t-eagarthóir cróga, a bhí an-tinn ag an am, iarracht é a chosaint ach thug na hiar shaighdiúraigh agus a gcéilí léasadh dona dó. Maraíodh é, cé go bhfuil lucht na hathscríofa ann a deireas go dtí an lá atá inniu ann go bhfuair Séamas bocht bás de bhrí cuisí nádúrtha! Ní amháin gur phoblachtanach é Ó Ceallaigh ach bhí sé ar na bunaitheoirí den Chonradh féin, agus údar, agus dramadóir leis.
Nuachtán eile ar cuireadh i gcló san fhoirgneamh ná An tÓglach nó The Irish Volunteer, nuachtán Óglaigh na hÉireann agus bhí an teach mar cheann des na ceannáras éagsula a bhain Mícheál Ó Coileáin úsáid as. Dhún na Sasanaigh an teach i 1919 ach lean na poblachtanaigh ar aghaidh ag úsáid an tí; le hobair an bhainc agus Roinn Airgeadais an Choileánaigh ag feidhmiú as Uimhir a 6. Dúradh, cúig bhliain ó shin, gur cuireadh moill ar leagadh síos ráillí agus bunsraitheanna an LUAS mar gheall ar thollán faoi Sráid Fhearchair lasmuigh d’uimhir a 6, agus ar ndóigh tá roinnt bealóideas ann i gcónaí faoi bhealaí éalaithe ón teach a bhí ag an Coileánach nuair a bhí sé ag obair as agus ar an seachaint ó fhórsai an Chóróin!
Le linn an Chogadh Chathartha thóg Rialtas an tSaorstait seilbh ar an fhoirgneamh nuair a cuireadh críoch le Banc Sinn Féin faoi ordú cuirte i mí Aibreán na bliana sin agus cheannaigh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí an foirgneamh. Ins an 13 bhliain ó cheannaigh Sinn Féin an teach bhí an luach nó ar a laghad an praghas, i ndiadh méadú faoi thrí ó £575 go £1,600 ach samhlaigh an difir idir an luach sin agus luach an tí inniu. Nuair a cuirfear faoin casúr é ar an 15ú den mhí seo beidh an ceantalaí HWBC ag tairiscint an fhoirgnimh ar €5,000,000!

‘Seo chugainn na Gaeilgeoirí
Cruthaíodh an nasc le saol na Gaeilge nuair a bhí Cumann Gaelach na Státseirbhísigh lonnaithe in Uimhir a 6 idir 1926 agus 1931, agus lean seilbhithe nua an nós nuair a bhí an suíomh in úsáid ag Coláiste Mhuire le linn an seacht mbliain eile ó ‘31 go ‘38. Chuaigh tionóntaigh éagsúla fríd idir sin agus 1965, mar shampla bhí ranna stáit ann, mar an Custaim agus i ndiadh sin Post agus Teileagraf ag úsáid an tí ach bliain roimh Comóradh na Cásca i 1965 deonadh an teach ar Chonradh na Gaeilge mar Cheannáras nua agus é ag bogadh ó sheanoifigí i gCearnóg Parnell.
Anois tá an Conradh ag bogadh arís agus tréimhse athnuachána ar bun ag an eagraíocht cultúrtha is sine sa tír. Fágfar go leor cuimhní ina dhiaidh, na mílte cuairteoirí a shiúil tríd an Siopa Leabhair gach bliain, agus an Club cáiliúil a bhí mar Mecca do shaol na Gaeilge le blianta. Is dócha go raibh beagnach gach scríobhnóir Gaeilge le tríocha bliain anuas taobh istigh den Chlub uair nó dó, ag léamh, ag cumadh, nó ag éisteacht agus ag foghlaim. Chéiliúraigh an file Mícheál Davitt an Club sna dánta aorúla Postively Sráid Fhearchair agus Tá mé baráilte as an gclub a Mhamaí! B’ionad é comh maith de cheoltóirí den scoth agus le blianta anuas bhí mic léinn ó na cumainn Gaeilge sna coláistí tríú leibhéal ag baint leas as na huaireanta oscailte fláithiúla.
Anois, áfach, beidh idir an Club, an Siopa agus na hoifigí ag imeacht – tá cuid eagrais faoi scáth an Chonartha suite ann ag cuartú ionad nua comh maith, mar shampla an tOireachtas atá ag bogadh siar go Conamara agus Ógras agus Coimisiún na Rincí Gaelacha. Tá pleananna ag Ard Rúnaí an Chonartha, Julian de Spainn, le seomraí ranga cuí, spás naíolainne, amharclann agus eile a aimsiú don ré úr agus cé go mbeidh aifealtas ar go leor slán a rá leis an seanteach ní mór i gcónaí a bheith ag amharc amach don tódhchaí. Agus is cuma cé a bheas mar thionóntach nua amach anseo tá spás tuillte ag Uimhir a 6 cheana féin i leabhair stáire na tíre seo.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland