Top Issue 1-2024

19 June 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Leonard Cohen

Leonard Cohen

Fiche bliain ag fanacht, thart

Is dóigh liom nár chreid an formhór againn a chruinnigh le chéile san Ospidéal Ríoga, Cill Mhaighneann, oíche Shathairn seo a chuaigh thart go mbeadh deis againn riamh Leonard Cohen a fheiceáil beo ar stáitse. Tá 15 bliain ann ón uair dheireanach a rinne sé turas ná seónna. Anois, ag am ina shaol nuair a bheadh oirfidigh eile ag lorg an phinsin in aois 73 dó tá L. Cohen ar thuras domhanda agus tháinig timpeall 36,000 amach chuig trí sheó ag an deireadh seachtaine lena 40 bliain d’amhránaíocht, ceol agus filíocht a cheiliúradh. Agus céiliúradh a rinne muid.
Ní raibh ach oíche amháin i gceist nuair a fógraíodh a chuairt go hÉirinn ach díoladh na ticéid taobh istigh de 15 nóiméad agus leis an bhua sin faoin chrois d’fhógair an tionscnóir dhá ghig eile don Aoine agus an Domhnach. Díoladh na ticéid sin chomh gasta céanna agus cá bhfios nach ndíolfaí an méid céanna arís ach an t-am a bheith ag an aoi fanacht in Éirinn cúpla lá eile. Mar a tuairiscíodh i ndiaidh an chéad seó, d’fhreagair sé duine den lucht féachána a scairt air gan fanacht fiche bliain eile dá chéad chuairt eile: I don’t have twenty more years!
File níos mó ná amhránaí
Tá siad ann a deireann gur mó file ná amhránaí é Cohen ach caithfidh mé a admháil gur mhaith liom é ag canadh, fiú má bhí a theanga go domhain ina leiceann féin nuair a scríobh sé gur rugadh é le glór órga. Tá níos mó ann a deir gur gcuirfeadh a chuid amhránaíochta scamall dubh agus lionn dubh ort. Dá bhfeicfeadh na daoine seo é ar an ardán bheadh athrú intinne orthu nó is deacair a mhíniú cé comh sona sásta a bhí sé ó thús go deireadh an tseó. Ar ndóigh dá mbeifeá in ann seó trí uair a chloig a dhéanamh ag aois 73 duit bheifeá sona sásta chomh maith. Bhí muid ar fad sona sásta, beagnach.
Bhí fear mór ag caitheadh seacaid deinim a raibh ar a laghad brollach 56 orlach aige ina sheasamh os mo chomhair ag fanacht ar mhíorúilt. Bhí sé ag luascadh idir sona sásta agus míshásta. Bhí a dheartháir ag caitheamh geansaí bándearg frithchaiteach á là Dyno-rod, ach ba léir nach raibh sé sona sásta faoi rud ar bith. Sheas an chéad fhear ar a chosa ag bearnaí rialta ag screadaíl ó Shraith V, cúpla céad suíochán siar ón ardán, ar Leonard le Waiting for a Miracle a chasadh. Ag bearnaí rialta eile rachadh sé, mí-shocair ar a chosa, le cúpla pionta eile a bhailiú dó féin agus don deartháir. Níor éirigh geansaí bándearg ar a chosa ach amháin le barróga a thabhairt do Mhéid 56, rud a rinne siad níos minice de réir mar a shlog siad na piontaí siar. Ag pointe amháin thosaigh an deartháir argóint le duine os a chomhair a bhí ag caitheamh toitín. Bhuail sé an toitín as béal an chiontóra, agus má bhí sé gruamach roimhe sin, bhí sé níos gruamaí fós ina dhiaidh.
Cómhrá gasta le Sharon i gCorcaigh
Taobh thiar dínn bhí bean eile a bhí sona sásta. Bhí na focail ar a toil aici do gach uile amhrán a chan Cohen – agus a chan sí leis. Go deimhin, bhí Trish ar théarmaí céad-ainm leis. Gabh ar aghaidh, Lennie, abair Hallelujah. Agus chan sé é, agus chan sí é leis, focal ar fhocal, trí shoicind ina dhaidh agus i bport éagsúil leis. I ndiaidh an chéad véarsa bhí cómhrá aici le Sharon, i gCorcaigh, ar an ghuthán. ‘Sharon, hi, it’s Trish. Caidé mar atá an aimsir i gCorcaigh . . ? Tá sé go hálainn anseo. Tá mé ag an cheolchoirm le Lennie, éist . . .’  agus ag an phointe seo d’ardaigh sí a lámh leis an ghuthán póca ann  ar chuala tú sin? ar chuala tú sin? Tá mé ag Lennie Cohen . . . tá sé ag canadh Hallelujah . . . agus ar aghaidh léi, sona sásta agus ag iarraidh Sharon i gCorcaigh a spreagadh le dánta Cohen chomh maith.
Idir an dá linn bhí Méid 56 ag labhairt le duine ar bith a rinne teagmháil súile leis. Tá mac agam a dúirt sé liom. Maith thú arsa mé. Tá mé ag déanamh go raibh mac agus iníon againn ar fad. Mhothaigh mé go tobann go raibh mé i ndiaidh éirí meán-aosta; mé ar mo chosa ag canadh leis an slua in ómós an tseanfhir seo a chuireann an gníomh in active retirement. Ar vótáil tú sa Reifreann? a dúirt brollach leathan le mo bhean chéile ach níor thug sí aon aird air. Bain sult as an cheolchoirm arsa sí leis. D’imigh fear an toitín agus a chomrádaithe, sona ach rud beag míshásta, déarfainn. Ar chaith tú vóta sa Reifreann? arsa sé arís ach thosaigh LC a chanadh Waiting for a Miracle, agus bhí sé in am do bharróg bhraithriúil eile agus an chéad véarsa scriosta le mo dhuine ag béicíl a bhuíochais do Cohen as ucht an t-amhrán a chanadh. Bhí sé chomh sona anois gur cheap mé nach gcloisfimis a dhath eile uaidh ach ní raibh an seó thart fós.
Thosaigh Trish a chanadh arís agus a reacaireacht linn faoi Lennie. Bhí a laoch ar an ardán ag canadh Everybody Knows, agus mura raibh a fhios againn, bhí Trish in aice linn an scéal a insint dúinn. Ach bhí Closing Time ag teacht di, agus nuair a bhí sí agus a páirtí ag bailiú a málaí agus cótaí in am don éalú mór chan Lennie I’m your man di. D’imigh sí, sona sásta.
Míshona, míshásta
Bhí dorchadas ag titim ar Bhaile Átha Cliath, agus rinne an Laoch trí encore. Bhí sé ag druidim ar 11.00, agus bhí Cohen ag labhairt ar an ardán. ‘Go raibh maith agat, a Bhaile Átha Cliath’ arsa sé. ‘Tháinig mé chuig an chathair seo den chéad uair caoga bliain ó shin, ag lorg ionspráid sa chathair seo atá lán de scríbhneoirí agus smaointeoirí’.
Yeaaahh arsa Méid 56
‘Agus an tseachtain seo, chaith sibh vótaí i reifrinn,’ ar sé. ‘Thank you Ireland for continuing to confound all expectations,’ ar sé agus bhí ar a laghad 53.1% den slua ar a chosa, sona sásta. Ah dammit bhí siad ar fad ar a gcosa ba chuma cén taobh a roghnaigh siad sa reifreann. Bhí Cohen ár moladh. Thosaigh an slua a dhamhsa go sona sásta. An slua, lúide beirt. Bhí Méid 56 agus Dyno-rod ina suí agus thosaigh Méid 56 a scairteadh orainn mórthimpeall air, Vótail mé Sea . . . an dtuigeann sibh, vótáil mé sea sa Reifreann. Rud nár chuir ionadh orm. D’imigh siad ansin, an seó thart agus ag monabhar rud éigin faoi Democracy agus The Future. Míshona, míshásta agus lionn dubh orthu beirt, ah lads, That’s no way to say goodbye.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland