Top Issue 1-2024

12 June 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Máirtín Ó Muilleoir

Máirtín Ó Muilleoir

Ag cruthú leagan páipéir don todhchaí

Osclaíodh tréimhse comhairlúcháin/ aighneachtaí i Mí Bealtaine d’Fhoilseachán Nuachta Gaeilge a bheidh á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge agus tá an tréimhse comhairliúcháin sin ag teacht go deireadh i gceann seachtaine. De réir le preas-ráiteas ón Fhoras ‘tá athbhreithnithe idir lámha an Fhorais faoi láthair ar an tacaíocht reatha atá á cur ar fáil do riachtanais an phobail i leith foilseachán nuachta Gaeilge. Táthar ag lorg aighneachtaí ón phobal maidir leis an dóigh is fearr chun foilseachán nó foilseacháin nuachta Gaeilge a sholáthar de réir an dóigh is éifeachtaí.
I láthair na huaire cuidíonn airgead ón Fhoras le foilsiú dhá nuachtán: Lá Nua ar bhonn laethúil agus nuachtán seachtainiúil, Foinse. Tá Deontas i gCabhair de €322,000 ag dul chuig an nuachtán seachtainiúil in aghaidh na bliana agus £197,000 nó €298,000 ag dul go Lá Nua i mbliana. Tá an Foras ag maíomh go mbeidh ciste iomlán de €600,000 ar fáil in aghaidh na bliana agus ag an phointe seo níl aon chritéir cinnte faoin cinéal foilseachán a maoineofar. Luaitear, i bhfógra an Fhorais faoin comhairliúchán seo go bhfuil ‘roghanna éagsúla – nuachtán seachtainiúil, laethúil, forlíonadh, ailt rialta, foilsiú ar an idirlíon., nó aon rogha(nna) eile’.


Béim ar dhíolúchán agus dháileacháin

Is rud suimiúil é seo, go bhfuil macnamh á dhéanamh ar roghanna éagsúla an uair seo. Nuair a fógraíodh deontas Foinse i Mí Aibreán 2005, dúradh gur tréimhse ceithre bhliain a bheadh ag an nuachtán agus ‘ De reir forálacha an chonartha nua tá spriocanna nua díolachán leagta síos ag an bhForas’ agus dúradh le Móiréar Teo, foilsítheoir Foinse go mbeadh suas le €25,000 breise ar fail in aghaidh na bliana dá gcloífí leis na spriocanna sin. Go deimhin nuair a labhair Príomhfheidhmeannach an Fhorais ag an am sin, Seosamh Mac Donnchadha, mhól sé an foilseachán den scoth a bhí Móiréar Teo ag cur ar fáil, agus dúírt sé go raibh súil aige ‘go gcuirfeadh an conradh nua ar a gcumas leanacht leis sin agus cur le díolacháin agus dáiliúcháin an nuachtáin freisin.’ Ba léir go raibh an bhéim ag an am sin ar dháileachán agus díolúchán, ó líon léitheoireacht an nuachtáin a mhéadú. Ní fios ar dáileadh amach an breis-íocaíocht riamh ach sna suíomhanna díospóireachta ar líne is féidir a léamh go raibh boilsciú figiúirí scaipeachán Foinse bainte amach tríd an nuachtán a thabhairt amach saor in aisce (mar fhórlíonadh) leis an Sunday Independent, 180,000 cóip a chuirfeadh breis agus 3,000 cóip in aghaidh na seachtaine ar an mheán leis an figiúirí dáileacháin. De reir an suíomh http://www.ejc.net/media_landscape/article/ireland/ tá díolachán de 7,859 ag Foinse gach seachtain.
Bliain go leith i ndiaidh sin fógraíodh go mbeadh Lá, nó Lá Nua mar a bhí air faoina chruth nua, ag fáil deontas i gcabhar de €596,000/ Stg£400,000 thar thréimhse dhá bhliain faoi chonradh go dtí mí na Nollag 2008. Ar ndóigh ag deireadh an fhógra chualathas glór ag cogair go gasta faoi téarmaí agus coinníollacha  ach ar a laghad bhí socrú aontaithe idir Foras na Gaeilge agus Preas an Phobail, foilsitheoir Lá don chéad dhá bhliain eile.


Béim ar chaighdeán agus chumas

Agus í ag fógairt an deontais seo bhí an bhéim ag bogadh ó dáileachán agus díolúchán go caighdeán agus inmharthanacht an pháipéir féin, bhí níos mó na ‘buying a paper’ i gceist anois. Bhí ‘buying into a paper’ tábhachtach comh maith. Dúírt Cathaoirleach an Fhorais na laethanta sin, Maighréad Uí Mháirtín gur thuig an Bord ‘go mbraitheann rath foilseacháin ar bith ar an tuiscint atá aige ar an gcaoi is fearr chun freastal a dhéanamh ar a léitheoirí, ar a chaighdeáin tuairisceoireachta agus ar a chumas a bheith inmharthana.’ Mar is cuimhin libh, áfach, bhí raic phoiblí níos luaithe i mbliana nuair a bhí amhras ann an raibh Lá Nua inmharthana ar chor ar bith mar nuachtán ar pháipéar, nó le méadú costais agus easpa fógraíochta stáit chinn foilsitheoirí an nuachtáin gurbh fhearr dóibh imeacht óna seilfeanna siopaí agus ré nua a thosnú mar nuachtán ar-líne. Réitíodh a sáinn ar bhonn sealadach i ndiaidh cruinniú tarrthála na scairshealbhóirí agus gheall Máirtín Ó Muilleoir go bhfanfadh an nuachtán mar a bhí go deireadh a chonartha leis an Fhoras. De reir www.ejc.net díoltar 4,142 de Lá Nua, agus meastar go ndíoltar cuid mhaith de sin ar shíntiúis agus cuid eile thar lear.
Níos luaithe i mbliana, nuair a bhí Lá Nua i dtrioblóid, bhí dhá fhoilseachán eile ar na carraigeacha comh maith. Bhí an iris Comhar faoi bhagairt an deontas foilsithe a chailliúint (cé gur tháinig Bord nua i réim ó shoin le plean tarrthála) agus thall sa Bhreatain Bheag tháinig deireadh le pleananna Y Byd le nuachtán laethúil, cúig lá in aghaidh na seachtaine) a fhoilsiú mar gheall ar easpa maoinithe ó Thionól na Breataine Bige. Gealladh £300,000 de shíntiús fógraíochta roimh an chéad eagrán, agus bhí maoiniú de £600,000 geallta ag an Tionól thar trí bhliain. Bhí úinéirí Y Byd, Cwmni Dyddiol Cyf, ag súil le £600,000 sa chéad bhliain féin agus liosta de 5,000 síntiúsóirí sula seolfaí an páipéar, agus bhí foireann ceaptha, eagarthóir, ceannáras, agus dáta foilsithe roghnaithe nuair a tharraing siad siar as coicís roimh an spriocdáta Mí Márta na bliana seo.
Is léir óna samplaí sin go bhfuil deacrachtaí os comhair foilsitheoirí nuachtán Gaeilge d’ardchaighdeán a mheallfadh an díolachán agus dáileachán ó thaobh amuigh de Ghaeilgeoirí dílse a bheadh de dhíth d’fhoilseachán inmharthana a bhaint amach agus go bhfuil tacaíocht stáit, agus tacaíocht an phobail de dhíth le fís nuachtán/foilseachán laethúil a chinntiú do mhionteangacha.


Ceisteanna le freagairt

Faoi mholtaí an Fhoras an uair seo beidh ciste iomlán de tuairim is €600,000 ar fáil in aghaidh na bliana. Ardaíonn an Foras ceisteanna comh maith faoin caighdeán agus cineál nuachta a bheas á fhoilsiú, agus an t-ábhar a bheadh in aon fhoilseachán – spriocghrúpa(í), cineál ailt, mórscéalta nó scéalta faoin Ghaeilge amháin.
Is ceisteanna bunúsacha iad seo, taobh le ceisteanna faoi luach an airgid agus spriocmhargaí agus margaíocht an fhoilseacháin. Tá fís ag Lá Nua, tá fís eile ag Foinse, foilsítear Saol saor agus neamhspleách ó bhrúnna an mhargaidh ach is dócha go n-aontaíonn siad ar fad go bhfuil gá le nuachtán mar chuid de phróiseas normálu na Gaeilge i saol reatha na ndaoine. Cé go gceannaím Lá Nua gach lá, léim é de ghnáth ar líne agus mólaim Lá Nua as ucht an leagain cumasaigh, ardchaighdeánaigh sin ó thaobh na teicneolaíochta de. Ach i gcónaí tá rud ar iarraidh ó Fhoinse agus ó Lá Nua ó thaobh nuachta de agus idir altanna tuairimíochta agus leathanaigh lán de ghriangrafanna d’éanacha, daoine i dtuxedonna, daoine ag ceiliúradh oíche fhilíochta i dteach tábhairne i gConamara, leathanach i ndiaidh leathanaigh d’fhógraíochta faoi scéimeanna rialtais agus fórlíontaí oideachais sílim go bhfuil rud níos fearr de dhíth, agus tuillte againn. Bímis macanta faoi, ní cheannóimís nuachtáin mar sin i mBéarla, cad chuige go gceannófaí iad i dteanga eile?
Tá spriocdáta d’aighneachtaí ar an 20ú Meitheamh. Thig le daoine a bhfuil spéis acu sa cheist tuairimí a chur ar pháipéar chuig Foilseachán Nuachta Gaeilge, Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfeán, Baile Átha Cliath 2 nó iad a chur ar ar r-phost chuig [email protected]
Ní fiú an clamhsán ar ndóigh gan rud deimhneach nó móltaí forbartha a lua ach is deis do dhaoine (Foinse agus Lá Nua ina measc) critéir a aontú anois in am sula bhfógraítear an chéad tréimhse tacaíochta eile d’fhoilseachán nuachtá na Gaeilge. Sibhse a bhfuil tuairimí agaibh, ná cailligí an spriocdáta.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland