15 May 2008 Edition

Resize: A A A Print

Oscailt oifigiúil shíneadh Choláiste Feirste

Le hÉamann Mac Mánais

Rinne Gearóid Mac Adaimh, feisire Iarthar Bhéal Feirste agus Uachtarán Shinn Féin, an oscailt oifigiúil ar an síneadh foirgnimh úr ag Colaiste Feirste inniu Dé hAoine 9 Beataine 2008. Bhí costas £4.5 milliún ar an síneadh seo.
Ag labhairt ag an ócáid, dúirt Mac Adaimh:
Coláiste Feirste; is lá speisialta é seo.
Tá sé speisialta do na daoine óga atá ag freastal ar an scoil seo, tá sé speisialta do na daoine óga a thiocfaidh ina ndiaidh ach tá sé speisialta chomh maith mar thoradh na hoibre de blianta fada agus dianiarracht tuismitheoirí agus múinteoirí agus an ghaelphobail anseo i mBéal Feirste.
Ní tharlaíonn scoileanna mar Choláiste Feirste de thaisme.
Tá gá le pleanáil agus straitéisiú agus coimitmint ollmhór thar cheann a lán lán daoine thar blianta fada.
Tá sé cruthaithe arís agus arís eile go bhfuil pobal na Gaeilge anseo i mBéal Feirste.
Mar a tharla ar fud na hÉireann uilig, roimh chríochdheighilt, d’fhulaing an Ghaeilge polasaithe coilíneachais Rialtas Shasana.
Cad chuige a ndearna said sin? Toisc go bhfuil cultúr agus teanga pobail ar bith mar chuid den fhéiniúlacht s’acu.
Rinne na húdárais coilíneacha cultúrtha amach go mbeadh dioscúrsa sóisialta nó polaitiúil in Éirinn trí mhéan an Bhéarla amháin.
Dhírigh siad isteach ar gach rud a bhí bainte le gaelachas agus rinne siad iarracht iad a scrios.
Chreid siad dá dtiocfadh leo an teanga agus an cultúr gaelach a scrios gur fusa dóibh smacht a fháil ar mheon mhuintir na hÉireann.
Níor éirigh leo na céadta bliain ó shin - ní éireoidh leo go deo.
Bhí troid fhíochmhar ag teaghlaigh Bhóthar Seoighe bunscoil a bhunadh nuair a tháinig na Sasanaigh ar ais faoi riail dhíreach ó Westminster.
Mar shampla de seo labharfaidh mé faoi chruinniú amháin a bhí agam le Mo Mowlam nuair a bhí sí ina Stát-Rúnaí don tuaisceart agus i ndiaidh a lán brú agus stocaireachta bhí sí ag déanamh réidh an t-airgead a thabhairt chun an bhunscoil nua a thógáil ar Bhóthar Seoighe.
Bá léir go raibh na hóifigigh ón Roinn Oideachais iontach mí-shásta go raibh sí chun an t-airgead a thabhairt agus ag deireadh an chruinnithe dúirt duine acu go híseal “We’ll get you in the long grass” – ach ní bhfuair! Agus ní raibh anseo ach sampla beag den dearcadh a bhí ag na hoifigigh sa Roinn.
Tá an naimhdeas sin go fóill mar chuid den chóras riaracháin.
Sin an fáth a mbíonn cath againn gach lá chun athruithe a thabhairt isteach.
Ach ina ainneoin seo uilig tá fás ar an Ghaeilge. Tá sí ag dul ó neart go neart.
Agus is sampla galánta an Coláiste seo de sin.
Mhair an scoil cúig bliana gan pingin rua ón rialtas. Ansin bhog sibh anseo go Teach Ard na bhFeá – agus bhí fiche seomra agaibh.
An lá atá inniu ann tá thart ar shé chéad dalta – éacht dochreidthe.
D’éirigh leis na tuismitheoirí agus na daltaí, d’éirigh leis an ghaelphobal.
Mar a dúirt Thomas Davis go bródúil na blianta ó shin ... ‘Educate that you might be free.’
Go raibh maith agaibh agus ádh mór leis an Choláiste nua.

Nocht Gearóid Mac Adaimh leac leis an ócáid a cheiliúradh agus chuir sé crann feá i gcomhair leis an ghasúr agus leis an chailín is óige ar an scoil. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an fheá mar tá seanfheánna ar an chnoc ina suíonn an scoil, rud a thugann an t-ainm ar an cheantar – Ard na bhFeá.
Scaoileadh na céadta balún ansin agus teachtaireachtaí ó na daltaí scríofa orthu – an Ghaeilge, Dóchas agus Síocháin.
I measc na n-aíonna bhí daoine mór-le-rá ó eagraíochtaí oideachasúla agus Gaeilge. Ba mhór an pléisiúr do Choláiste Feirste fáilte a chur roimh dhaoine as Gaeltacht Bhóthar Seoighe a bhunaigh an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge i mBéal Feirste i 1971.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland