Top Issue 1-2024

15 May 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Máire Uí Chochláin

Máire Uí Chochláin

An tAmhras ina bhunchloch fostaíochta san Iarthar, faraor

LE EOGHAN Mac CORMAIC    

Bhí dea-sceala ann an tseachtain seo go bhfuil 135 post úr le cruthú ag Saotharlann Randox i dtáirgeadh agus taighde ina mhonarcha sa Chlochán Liath i nGaeltacht Dhún na nGall. Thiocfadh leat maithiúnas a thabhairt do shoinic a déarfadh gur mhó an bronntanas é seo don Tanáiste agus Aire Fiontraíochta nua-cheaptha Máire Uí Chochláin (an TD áitiúil) ná do mhuintir na háite, ach is dóigh liom go gcaithfimid bheith cleachta faoin am seo le nós rialtais coiníní tharraing as hataí polaitiúla agus cleasa draíochta eile mar sin. Chuir na meáin go leor spéise sa scéal, ach is beag spéis a cuireadh i scéal eile na seachtaine seo a bhain leis an chontae – fógairt fheachtas nua Shinn Féin ar Athfhorbairt an Iarthair: An t-Iarthar ina dhúiseacht – ó Chiarraí go Dún na nGall éilímid ár gcearta.
Is fiú agus is tráthúil feachtas mar seo nó is léir go bhfuil titim siar chomh maith le tarraing taobh thiar i gceist ó thaobh an Iarthair de.

An treocht síos
Trí mhí ó shin briseadh an scéal go raibh roinnt mhaith post, breis agus 100 acu, le cailliúint, láithreach, gan rabhadh i dtrí  mhonarcha de chuid an chomhlachta morgáiste Contact Four. Bhí poist caillte i nDún na nGall, i Maigh Eo agus i gCiarraí. Trí chontae san Iarthar, trí cheantar Gaeltachta. Tháinig an drochscéal sin ar shála fhoilsiú Thuairisc an Údaráis don bhliain 2007 nuair a nochtadh gur chruthaigh an tÚdaras 1038 post nua agus gur cailleadh 965 post i rith na bliana 2007 agus dá bhrí sin go raibh méadú de 75 sa tréimhse chéanna. Dea-scéal? B’fhéidir é ach le linn na bliana roimhe sin cruthaíodh 1186 post nua, agus nuair a baineadh an chailliúint ón chruthú, fagadh fíormhéadu de 295 post.
Céard a chiallaíonn figiúirí mar seo? An féidir linn aon treocht a bhaint as an thuas seal, thíos seal, an cruthú agus an díothú post? Is léir go bhfuil treocht ann atá ag dul síos, nuair atá níos lú post á gcruthú leis an poist atá á gcailliúint a athlíonadh cé gur tuairiscíodh ag tús na bliana seo go raibh fostaíocht i gcomhlachtaí maoinithe ag an Údarás ag an leibhéal is airde (8026) ó 2001 nuair a thosaigh an meath ag teacht ar fhostaíochta. Sa tréimhse idir 2000 agus 2003, mar shampla, bhí titim i nGaoth Dóbhair amháin de 670 post ó 1300 go 630 post. An bhfuil sé fíor, mar a dúirt an Príomhfheidhmeannach i dtuairisc cúpla bliain ó shin ‘that the reality is that businesses open and close every day’ nó nach bhfuil buaine ar bith ag baint le formhór na bpost atá sa Ghaeltacht? Agus ar chóir a ghlacadh gurbh amhlaidh an scéal fostaíochta i gcoitinne san Iarthar?

Bás céad gearradh
Baineann an meathlú le ceisteanna níos leithne ná ceisteanna fostaíochta, ar ndóigh, ach tá sé éascaí tionchar cailliúintí post a fheiceáil ar chreatlach na sochaí áitiúla. Nuair nach bhfuil post ag an duine níl airgead sa phóca. Gan airgead sa phóca níl caiteachas sa gheilleagar áitiúil. Gan caiteachas áitiúil dúntar na síopaí agus uaireanta na n-oifigí poist. Titeann an daonra nuair a imíonn daoine ag cuardach post in áiteana eile. Laghdaítear tinreamh na scoileanna. Cailltear poist teagaisc. Bíonn níos lú airgid ag dul timpeall. . . Mar a dúirt an Seanadóir Piaras Ó Dochartaigh ag Ard-Fheis na bliana seo tá an t-iarthar ag fulaingt bháis céad gearradh.
Tá Piaras ag ullmhú tuairisce a bhronnfar ar Chomhchoiste an Oireachtais um Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta roimh dheireadh na bliana agus i gcomhpháirt le Martin Ferris TD beidh siad i mbun sraith cruinnithe i ngach contae ar chósta iarthar na tíre le linn Mhí Bhealtaine. Lorgófar, agus fáilteofar roimh ionchur agus rannpháirtíocht ó ghrúpaí pobail cosúil le comhair chreidmheasa, clubanna CLG, feirmeoirí, Cumainn Tráchtála, Gardaí, ICA, Macra na Feirme, an Óige agus mar sin de.
Dhearbhaigh Bertie Aherne ina óráid dheireanach i dTithe na Comhdhála i Meiriceá gur mhair sé a shaol polaitiúil de réir Fhorógra na Cásca, ag iarraidh go bpléifí le clann uile na tíre go cothrom. Tá deis ag a chomharba anois, Taoiseach tuaithe mar dhea, beart a dhéanamh de réir briathair agus stop a chur leis an bhánú, leis an mheathlú agus leis an scrios ar phobail an Iarthar. Agus cuirim san áireamh ansin an scrios meanman a dhéantar nuair a fhógraítear poist nua ar shála post caillte agus nuair atá a fhios ag cách nach poist bhuana iad ar chor ar bith.
Thig libh bhur dtuairimí agus moltaí faoi fhorbairt agus faoi shlánú an Iarthair a chur chuig Piaras agus Martin ag:
[email protected]


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland