Top Issue 1-2024

8 May 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Ní dhéanann Diageo coinsias, ach...

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh an grúdlannaí idirináisiúnta Diageo ar tí fógairt go bhfuil siad chun an ghrúdlann Guinness a dhúnadh síos i mBaile Átha Cliath comh maith le dhá ghrúdlann eile dá gcuid (ceann acu i nDún Dealgan ina ndéantar Harp, agus an ceann eile i gCill Cháinnigh ina ndéantar Smithwicks). Táthar ag rá go dtógfadh Diageo grúdlann nua ar pháirc ghlas i ndeisceart na príomhchathrach ach tá imní ar na fostaithe go gcaillfidh daoine a bpostanna mar gheall ar an athstruchtúrú seo.
Tá an stuif dubh á ghrúdaigh ann ó lár an 18ú aois: ghrúdaigh Arthur a chéad pionta den stuif dhubh, mar a táispeánadh i bhfógra iomráiteach teilifíse, sa bhliain 1759.  Bhí am ann le blianta anuas nuair a bhí íomha an phionta Guinness aitheanta go hidirnáisiúnta mar shiombal neamhfhoirmeálta d’Éirinn agus tagann 900,000 cuairteoir chuig an ionad cuairteoireachta, Stóras Guinness, in aghaidh na bliana. Agus daoibh-se ar mhian libh staitisticí, tá táirgeadh de 12 milliún bairille de phortar in aghaidh na bliana as an ghrúdlann i mBaile Átha Cliath. Is láthair mhór í. Tá an suíomh roinnte ina dhá chuid ach tá 55 acra i gceist idir an dhá chuid.  Cad atá le déanamh leis na suíomhanna? Bhuel tá sé sin idir dhá mheá faoi láthair nó ba bhrea le Diageo iad a dhíol ach os rud é go bhfuil cuid dena foirgnimh ar an suíomh ‘liostáilte’ thiocfadh le deacrachtaí a bheith ann don díolachán.
Eiseamláir na Ceise Fada
Ar ndóigh thiocfadh le réiteach eile eile a bheith ann. Thiocfadh le Diageo cuid den bhrabús atá bainte as an tír seo (le linn a n-uinéireachta féin den ghrúdlann, agus roimhe sin le linn tréimhse muintir Guinness) thiocfadh leo cuid den bhrabús sin a thabhairt ar ais ar leasa an phobail.
Is suíomhanna móra atá i gceist anseo: tá suíomh Smithwicks i gCill Cháinnigh suas go 25 acra i méid de réir tuairiscí nuachtán agus cosúil leis an suíomh i mBaile Átha Cliath agus suíomh Harp i nDún Dealgan tá an suíomh suite i lár an bhaile. Smaoinigí faoi an spás sin - nó cuid de - mar spás poiblí !
Tá díospóireacht poiblí/tráchtáil/poláitiúil ag dul ar aghaidh le roinnt blianta sa tuaisceart faoi thodhchaí an tsuímh a raibh Campa Ceis Fhada agus na Blocanna H suite ann ar imeall Lios na gCearrbhach. Tá difríochtaí idir an dhá chás ach tá cosúlachtaí idir riachtanais phoiblí sa dhá chás comh maith. ‘Sé an difríocht is mó ná an úinéireacht féin; i gcás na Ceise Fada bhí an talamh i seilbh Aireacht Cosanta na Breataine agus bhí an suíomh i bhfad níos mó ná an príosún le suas go 300 acra i gceist nó ceantar comh mór le lár na cathrach Bhéal Feirste. Sna trí shuíomh eile seo atá faoi chaibidil is le comhlacht príobháideach íolnáisiúnta iad, ceannaithe ó theaghlach a thóg a bhfad níos mó as an tír seo ná mar a chuir siad isteach ann riamh, an clann Guinness.
An argóint mhoralta
Is dócha mar a dhéarfá i mBéarla, nach ndéanann Diageo coinsias, ach dá ndéanfadh? Samhlaigh páirc súgartha, samhlaigh spásanna oideachais, cúram leanaí, aonaid spoirt... Is cinnte go mbeadh fáilte roimh deontas ar ais sna pobail áitiúla sna ceantair maguaird na ngrúdlanna mar aisíocaíocht ar na blianta de bholadh, torann, trácht agus araile. An bhliain seo chugainn beidh 250  bliain de ghrúdaíocht críochnaithe ag an ghrúdlann i mBaile Átha Cliath, Tráth den saol bhí sé ar an ghrúdlann is mó sa domhan – agus bhí sé sin sna laethanta nuair a bhí beagnach gach bairille ar líonadh ann, á ól in Éirinn. Caithfidh go bhfuil argóint mhoralta ag muintir na tíre seo d’aisíocaíocht as na milliúin, milliúin maidneacha ag fulaing ón phóit, agus le bheith dáirire faoi, na milliúin saolta scriosta ag an alcól i bhfad sular thosaigh Diageo ag comhairlú duinn faoin ‘ólachán ciallmhar’.
Nuair a fhógraíonn an comhlacht dúnadh na seanghrúdlainne amach anseo ba chóir go dtosóidh an díospóireacht láithreach ar úsáid agus scair phoiblí an tsuímh sula ndíoltar é don chéad amhantraí eile. Tá sé in am do Ghuinness maitheas a dhéanamh duinn!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland