Top Issue 1-2024

27 March 1997 Edition

Resize: A A A Print

Tiocfaidh lá na nAlbanach

Nuair a bhuaigh David Coulthard ó fhoireann McLaren Grand Prix na hAstráile le déanaí ní haon ionadh é go raibh scitimíní áthais air. Dúirt sé ina dhiaidh nach raibh fhios aige an túisce a gcasfadh sé ``Flower of Scotland'' nó ``Scotland the Brave.'' Ach nuair a sheas sé ar rostram na cathréime ba é a cheiliúradh ar bhriseadh na nAlbanach ag Cúil Odar. Ach bulaí fir Dave! Amach óna thuineach tháinig an tSailtír, bratach náisiúnta na hAlban, agus chroch sé in airde í idir an dá lámh aige.

Léiriú beag breise é sin ar an muinín nua atá ag Albanaigh i gcoitinne astu féin augs iad ar thairseach féinrialtais. Ní féinrialtas amháin atá ar chlár gnó polaitiúil na hAlban ach an neamhspleáchas féin. Léirigh pobalbhreith an tráth seo anuraidh go raibh 25% de mhuintir na hAlban ar son neamhpsleáchais ach nach raibh ach 21% i bhfabhar an status quo a choinneáil. I bpobalbhreith níos déanaí bhí an céatadán ar son neamhspleácvhais ardaiteh go 34% agus gan ach 18% sásta faoi mar a bhí siad.

Ar 30 Meitheamh tarraingeofar anuas Aprún an Bhúistéara i Hong Cong. Táthar á rá cheana féin gurb é sin deireadh leis an impireacht. Ach tá an chaibidil dheiridh le scríobh fós: d´sicaolieadh na Ríochta Aontaithe. Thug Patrick Mayehw le fios tamall de bhlianta ó shin nárbh ar mhaithe leis féin a bhí an stát Sasanach ag fanacht in Eirinn. Ceann de na cúiseanna a bhfuil doicheall orthu imeacht ón tír seo - mar a admhaíonn polaiteoirí áirithe i Sasnana go príobháideach - ná go bhfuil faitíos orthu go gcuirfeadh an aistarraingt móiminteam faoi na glausieachtaí náisiúnta in Albain agus sa Bhreatain Bheag.

Beidh próisias an neamhpsleacháis in Albain níos deacra agus níos casta ná mar a thuigeann cuid mhór náisiúnaithe sa tír sin. Beidh sí ina gleic nimhneach. Cothófar gach scoilt ar féidir i measc mhuintir na hAlban, an seicteachas Oráisteach agus an deighilt idir na Garbhchríocha agus an Deiscerat, mar shampla, gan trácht ar an bhfrith-Eireannachs agus cineálacha eile cinedheighilte. Bí ag faire amach don ``chúigiú cholún,'' an aicme Albanach a shamhlaíonn gur ``Briotanaigh'' iad.

Smaoinigh ar Tony Blair. (Ach ná smaoinigh rómhór air díeach roimh bhéiule - chuirfeadh sé músiiam ar chat.) Shílfeá gur múnlaíodh a bhlas crochta cainte ar páirceanna cricéid Surrey. Is é fírinne an scéil gur chaith a mhuintir airgead mór lena chinntiú go meabh an blas sin ar a chuid cainte. Rinneadh é ``a shibhialú'' i gColáiste Fettes. Scoil é sin i nDún Eadain atá chomh héifeachtach sin ag glanadh gach rian den Albanachas amach as na daltaí agus a htáirgíonn clóinte de Shasanaigh uasaicmeacha (``twits,'' más mian leat) gurbh fhiú smaoineamh ar ábhar spiadóirí óga a chur á n-oiliúint ann.

Ach tá traidisiúin eile in Albain, traidisiúin shláintiúla, agus ní hé an ceann is boichte orthu oidhreacht John MacLean (1879-1923) agus ``na Cluaidhe Deirge.'' Ba chara é Maclean le Séamas O Conghaile - agus ná déan dearmad gur rugadh agus tógadh an Conghgaileach i nDún Eadain agus gur ansin a fuair sé a chuid oideachais pholaitiúil. D'fhulaing Maclean téarma príosúntachta i 1916 toisc gur mhol sé Eirí Amach na Cásca mar eiseamláir d'Albanaigh. Ceapadh é cúpla bliain níos déanaí ina Consal Sóivéadach i nGlaschú. Rinne sé iarracht tathaint ar Leinín a thábhachtaí agus a bhí sé go mbeadh páirtí cumannach ar leith in Albain ach d'éist Leinín le daoine eile, botún tubaisteach a d'fhág smál ar an ngluasieacht shóisialach sa Bhreatain trí chéile go ceann 70 bliana. Múchadh traidisiún Maclean in Albain do dtí na blianta beaga anuas. Ach tá an dúluachair thart. Beidh poblacht in Albain fós. Tiocfaidh a lá!

Le Colm de Faoite


Tábhacht an chórais aistriúcháin



Mhol Eoghan Mac Cormaic, Cathaoirleach Roinn an Chultúir, ar ionadaithe na hArd Fheise seo chugainn, gan faillí a dhéanamh ar na deiseanna aistriúchán chomhuainneacha a bheas ar fáil i rith na hArd Fheise arís i mbliana. Mhinigh sé go lraibh an teachtaireacht uaidh ag dul ar idir daoine gan Gaeilge agus Gaeilgeoiri araon.

`Sé Sinn Féin an t-aon pháirtí amháin in Éireann a mbíonn córas aistriúchán aige dá mball ag Ard Fheis agus is mór an moladh atá bainte amach ag an pháirtí ag eagraíochtaí teangan ar fud na tíre mar gheall ar seo, nó aithnítear go bhfuil Sinn Féin, mar pháirtí, dairire faoi thodhchaí na Gaeilge. Nuair a cuimhnítrear, chomh maith, ar dhátheangachas an réimse foileacháin a sheolas an páirtí gach bliain - idir caipéisí polasaithe, tuairiscí agus eile, agus nuair a tugtar Saoirse agus leathánach Gaeuilge APRN san aireamh, is léir go ndéanann an páirtí iarrachta a dhualgaisí a chomh líonadh i leith na Gaeilge. Ach le córas aistriúchán, tá níos mó ná `comhlíonadh na ndualgas' i gceist.

Nuair a chuireann muid an treallamh aistriúchán seo ar fáil nílimid ag smaoineadh ar lucht gan Gaeilge amháin ach ar na Gaeilgeorí féin chomh maith . Is fior go gcuirtear aistriúchán ar fáil ionas go dtuigfidh eisteoirí cainteoirí, ach, chomh maith go dtuigfear chuile duine a labhraíonn ag an Ard Fheis.

Níor chóir go mbeadh drogall ar dhaoine na cluasain a úsáid, ach, sé mo thuairim nár chóir go mbeadh drogall ar lucht labhartha na Gaeilge an Ghaeilge a úsáid ach an oiread. Níor chóir go mbeadh daoine le Gaeilge ag labhairt i mBearla le go dtuigfear iad... Tuigfear iad nó tá scoth na n-aistritheoirí ag obair linn ag an Ard Fheis le roint blianta beaga anuas.


Ceardlann drámaíochta do pháistí



Beidh seans ag páistí i mBaile Atha Cliath drámaíocht trí Ghaeilge a chleachtadh i mí Aibreán agus i mí Bhealtaine.

Tá ceardlann drámaíochta á chur ar fáil in Ionad Buail Isteach na Gaeilge, Sráid Essex Thiar, le Síle Nic Chonaonaigh ó TCD agus Amarclann De hIde. Téann an sraith ó Satharn 12 Aibreán go Satharn 24 Bealtaine. Gach Satharn beidh ceardlann don Aois 5 go 9 bliana idir 10.30am agus 11.30am agus ceardlann Aois 10 go 14 bliana idir 12 meán lae agus 1pm.

`Sé an costas atá ar n ná £15 an páiste do sé cheardlann agus £10 an duine má tá níos mó ná duine sa gclann céanna.

Le áit a chur in áirithe roimhré cuir glaoch ar (01) 4024807 agus fág ainm, aois an pháiste, uimhir gutháin agus seoladh. Moltar sean-éadaí a chaitheamh ag na ceardlainn.


Dúshlán do Prime Time



Bhí toradh an-mhaith ar chruinniú ar reachtaíodh an tseachtain seo i nGaillimh faoi stiúir Chomhdháil Náisiúnta na hEireann nuair a labhair beirt aoíchaointeoir, Gerard Rice agus Breandán Mac Cionnaith ar an téamá `Orange Marches: Prime Time Got It Wrong'. Agus thionól suas le caoga duine a d'aontaigh leis an smaoineadh sin. Chruinnigh an bheirt céanna an oíche roimh ré le grúpa tacaíochta i dTuama, Contae na Gaillimhe, agus le linn an da lá a chaith siad san Iarthar bhí clár de chruinnithe le lucht na meánchumarsáide - idir Gaeilge agus Béarla - leagtha amach dóibh.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland