Top Issue 1-2024

17 April 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Caighdeán na Gaeilge

De réir tuairisc sa Tribune tá sé i gceist ag an Roinn Oideachas cead a thabhairt do mhúinteoirí gan focal ar bith Gaeilge acu a bheith ag “múineadh” Gaeilge ins na scoileanna.    Mar thoradh ar threoir ón E.U. tá doiciméad curtha le chéile ag Comhairle Múinteoireachta an Roinn Oideachais go mbeidh ceart ag muinteoirí gan focal amháin Gaeilge tréimhse a bheith acu chun dul i dtaithí ar an Ghaeilge agus iad ag múineadh na bpáistí ag an am céanna.
Go dtí seo bhí cead ag múinteoirí ón E.U.  a dhul ag múineadh sa tír seo ach bhí orthu scrúdú Gaeilge a dhéanamh taréis cúpla bliain ag staidéar na Gaeilge.  De réir an treoir nua ní bheidh orthu scrúdú Gaeilge ar bith a dheanamh.
   De réir an Curaclaim Nua caithfidh an Ghaeilge a bheith in úsáid i rith an lae scoile.  Conas is féidir le múinteoirí seo a dhéanamh muna bhfuil gá doibh í a fhoghlaim i gceart?
Caithfimíd bheith macánta faoin teanga agus a rá go bhfuil an caighdean ag titim sna scoileanna ar fud na tíre.
Tá droch chaighdeán i mbeagnach achan scoil  a fheidmníonn trí mheán na Béarla agus ní mhúintear é ar chor ar bith i roinnt scoileanna, agus an Roinn
Oideachais ag diúltiú glacadh l’aon freagrachas, mar is ghnáth.
Tá  an Roinn Oideachais níos measa fiú amháin ná an Roinn Sláinte agus ag teipeadh na páistí ar fud na tíre.
Fiú amháin ó thaobh an Ghaeilge de, tá an caighdean Gaeilge i roinnt Gaelscoileanna ag an caighdeán céanna Gaeilge ‘s a bhí i scoileann Béarla  sa Saorstát sna triochaidí.
An bhfuilimíd ró leisciúil an teanga a fhoghlaim nó an bhfuil muid fós ag cur an locht ar na Sasanaigh?
Cén fáth go bhfuil Des Bishop agus go leor imirceoirí in ann an teanga a fhoghlaim i mbliain nó dhó?
Inimirceoirí atá tagtha chun na tire seo, tá siad ina sampla maith againn maidir le heolas ar Theangacha éagsúla agus iad a úsáid.   Cloisimid an Phólainnis go foirleathan ar na sráideanna agus bród orthu siúd a labhairt.
Ní hamháin san ach tá 3 nó 4 Theanga ag inimirceoirí gan stró ar bith.
Mar sin níl deachracht acu an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid. Mé ag siopadóireacht i Luimneach le déanaí bhí bean ón Úcráin mar fhreastalaí. Dúirt sí liom go bhfuil 4 Theanga aici go líofa, í ag foghlaim Gaeilge agus go bhfuil caighdeán maith Gaeilge ag a hiníon agus go mbíonn an bheirt acu á chleachtú sa bhaile go rialta.  Cuairt a thug mé ar Bhialann Teach Farmleigh, bhí fear ón Iodáil ag caint Gaeilge le gach custaiméir a raibh sé ag freastal orthu.
An bhfuil todhchaí ag an teanga nó bhfuil an tír ró thógtha l’ábharachas?
Bhfuil se ró mhall?

Foclóir

caighdeán...standard
freagrachas...responsibility
diúltiú...refuse
locht...blame
imirceoirí...emigrants
go forleathan...widely
freastalaí...waitress
ábharachas...materialism
bialann...restaurant
macánta...honest


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland