17 April 2008 Edition

Resize: A A A Print

Ré nua spleodrach don Chonradh

Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Nuair a bhí teachtaí Ard Fheis Chonradh an Gaeilge ag imeacht ó Baile Átha Cliath trathnóna Dé Sathairn seo chuaigh thart bhí cinneadh mór tógtha acu a thabharfaidh ré spleodrach úr don eagraíocht lena bhunreacht nua scríofa ar glacadh lei, caithfear a rá ag móramh thar na bearta  díobh siúd a bhí i láthair.
Chruinnigh na baill ó cheann ceann na tíre in Óstán Wynn, Sráid na Mainistreach le vóta a chaitheamh ar cheann de na rúin is radacaí riamh a cuireadh chun tosaigh le buncháipéis cuspóireach na heagraíochta a athchóiriú, leis, is fiú a chuimhneamh díospóireacht spreagúil ón urlár.
Is áit stairiúil an féin í Wynns. Tá comhartha cuimhneacháin ar bhall laistigh a fhógraíonn gurbh ann a tógadh an cinneadh leis na hÓglaigh a chur ar bhun i 1913. Bhí a macalla féin den stair sin ann nuair a bhí plé beomhar idir na teachtaí faoi aidhmeanna agus cuspóirí an Chonartha féin. Sa seanbhunreacht bhí tagairtí ann do mhianta mhuintir na hÉireann do shaoirse agus neamhspleáchas na tíre, ach sa bhunreacht nua tá aidhm amháin luaite ná an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann agus is iad sainchomharthaí na heagraíochta anois ná daonlathas, rannpháirtíocht, comhionannas, uileghabhálachas, dínit an duine agus cearta an duine.
Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge  go bhfuil áit na Gaeilge ag croílár na heagraíochta athdheimhnithe faoin mbunreacht nua. “Fáiltíonn an fhoclaíocht nua roimh Ghaeilgeoirí ó gach cúlra agus ó gach traidisiún le páirt a ghlacadh sa Chonradh, baill aonair agus baill chraoibhe araon, cuma cén dearcadh polaitíochta atá acu, agus is cúis mhór áthais dom an méid sin”.
Dúirt Mac Cárthaigh gur tugadh misneach dó go raibh an oiread sin daoine óga fuinniúla ag an Ard-Fheis agus “iad ag iarraidh ionchur a bheith acu sa chinneadh tábhachtach seo i dtaca le fás agus forbairt an Chonartha amach anseo.”
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: “Táimid ag cur fáilte roimh phobal uile na Gaeilge Craobhacha a chur ar bun mar a rinneadh riamh, ach chomh maith leis sin táimid anois ag cur fáilte roimh daoine aonair ballraíocht a ghlacadh linn agus páirt iomlán ghníomhach daonlathacha a ghlacadh san eagraíocht”.
Faoin mbunreacht nua seo, tá an Conradh ag súil go mbeidh struchtúr an Chonartha níos mó in oiriúint do chúinsí agus do riachtanais shochaí nua-aimseartha na haoise seo agus dá réir, is fearr a dhéanfaidh an eagraíocht freastal ar lucht labhartha na Gaeilge ar fud oileán na hÉireann.
Tá sé i gceist go mbeidh áit i gConradh na Gaeilge ag chuile duine le spéis sa teanga agus leis an athrú go ballraíocht aonar (comh maith leis an craobhacha) tá deis ann d’éinne nach raibh bainteach le hobair an Chonartha go dtí seo clárú leis an Ard-oifig i 6 Sráid Fhearchair agus a gcuid a dhéanamh leis an nGaeilge a chur chun cinn.
Tiocfaidh bunreacht nua-leasaithe Chonradh na Gaeilge i bhfeidhm ar an 12ra Bealtaine 2008 ag meánlae.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland