Top Issue 1-2024

10 April 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Thíos Cois na Trá Dom

Mhothaigh mé riamh na seandaoine ag caint ar chumhacht na gealaí, an chuid is mo den am bheadh siad ag caint faoi dhaoine a mbeadh mearú maith iontu, is é seo na daoine a rachadh ar mire leis an ghealach lán, rachadh cuid acu glan ar mire, cosúil le madaí a mbeadh ocras bocht orthu. Ach in amanna eile chloisfinn iad ag rá go mbeadh rabharta ard ann dá mbeadh gealach lán ann – iomlán geallaigh iomlán rabharta mar a deir an seanrann. Ach déarfainn go bhfuil mé féin ábalta a chur leis an traidisiún seo a bhaineann leis an ghealach, ach an t-am seo baineann seo le hiomlán geallaí agus cóisir mhór.
Tá nós acu anseo i bPeiriú agus Eacaudór agus tír ar bith eile a mbíonn oícheanta deasa te acu, cóisir mhór phágánach a bheith acu ar an trá.
Déarfainn go raibh thar míle duine idir óg agus aosta agus daoine dúchasacha agus coimthíocha uilig ag damhsa, ag caint, ag ól agus ag éirí tinn ar an trá.
Bhí rud inteacht deas fá dtaobh de uilig, cha raibh eagla ar aonn duine, fiú na boic a bhí ar meisce ar ólachán nó drugaí de shórt cha dteachaidh siad de choir aon duine, bhí sé cosúil le bheith amuigh i mBaile Átha Cliath tar éis cluiche mór agus achan duine ag meascadh.
Casadh cúpla boc as an bhaile orm, ach dá bhfeicfinn iad sa bhaile cha n-abródh siad gur Éireannaigh iad, bheadh siad de bhunadh Sasanach nó Albanach – is é seo na daoine céanna nach bhfaca áit ar bith sna sé chontae is fiche. Ag cóisir mhór mar seo bíonn achan duine ag súil i measc an tslua agus ag caint lena chéile, agus is cuma cén grúpa a dtiocfá a fhad leo, is é an ceann de na chéad cheisteanna a chuirfeadh siad ort, cá ainm a thugtar ort agus cárbh as a dtig tú.
Tharla seo nuair a bhí mé i mo sheasamh taobh na nUltach óg seo – arsa achan cheann gurbh as Éirinn iad, bhí a fhios agam féin an scéal mar labhair mé leo roimhe seo ach chonaic ceann acu an aoibh gáire ar m’aghaidh féin, leis an fhírinne a insint agus níl anonn ná anall ar dhath atá á rá agam – cha dtiocfadh liom ach gáire a dhéanamh. Tháinig sé anall a fhad liom agus gáire mór ar a aghaidh, arsa sé – dá gcloisfeadh m’athair mé anois bhrisfeadh sé mo dhroim!
Lean an magadh ar aghaidh ach char chur sé isteach ná amach ar aon duine.
 Is é seo an chéad am a chreid mé comh huile agus comh hiomlán a bhí rudaí ag athrú dúirt mé liom féin gurb é seo an chéad ghlúin eile agus níl a dhath a dtig iad a stopadh!
D’fhág mé an trá agus rinne mé mo bhealach chuig an sráidbhaile beag a bhí cúpla céad slat uaim, ach sular fhág mé an gaineamh i mo dhiaidh mhothaigh mé bean ag ceol amhrán de chuid na Crannberries, shuigh mé síos ar dhumhach gainimh agus ‘éist mé léi – taobh istigh de chúpla bomaite bhí m’intinn ag smaoineadh ar achan chineál rud, Éire úr, daoine óga agus aosta agus cara maith de mo chuid a fuair bás seachtain ó shin in Buneos Aries, Tomás Mac Giolla Chomhaill as an Fhál Charrach, go ndéanaí Dia Trócaire ar a anam, tháinig na deora le mo shúile. Smaoinigh mé ar an bhunscoil inar chaith muid na blianta ann agus an mheánscoil agus fiú na hamanna a d’imir muid peil ghaelach le chéile agus muid ag fás aníos le chéile.
Caor thine ar an bhás agus an dóigh a dtig sí i gan fhios dúinn. Nárbh é an seanscéal céanna i gcónaí atá ann, cén fáth ar thóg sí léi an créatúr óg nach raibh ach ag tús a shaoil. Bhí mé lán corraithe, fuath, fearg ach ansin d’athraigh seo uilig, nach raibh an t-ádh liomsa agus achan duine eile go bhfuair muid aithne ar fhear don scoth a mhair inár measc. Má théim chun an bhaile ina dhiaidh seo chan fheicim é romham sa tábhairne áitiúil ag caint agus ag gáire agus é ag déanamh cinnte nár shiúil sé thar aon duine gan Dia duit a rá, ná ceist a chur ort fút féin agus faoi do chlann.
Thóg mé amach mo ipod agus d’éist mé le hamhrán galánta de chuid Clannad, Thíos Cois na Tráigh Domh agus thit mé i mo chodladh . . .
Thíos cois na trá domh, i ndoimhneacht na hoíche
An saol mór ina gcodladh, is mise liom féin
Na héanacha mara ag scairtigh go léanmhar
Cosúil le h-anamnacha bochta I bpian.
Iomlán geala is iomlán rabharta
Aoibhneas is ciuineas, is áilleacht sa domhan
Crónán na farraige ag dul siar ar mo chluasa
Bogcheol an uisce ag sileadh san abhainn. 

 

Foclóir

ar mire...crazy
iomlán geallaigh...full moon
nós...habit/tradition
boc...young fellow
aoibh...mood
corraithe...upset
mhair...to live
anam...soul


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland