10 April 2008 Edition

Resize: A A A Print

Ó chógar go guth

Caitríona Ruane

Caitríona Ruane

Le hÉamann Mac Mánais

Labhair Caitríona Ruane, Aire Oideachas do na sé chontae, ag leacht Bord na Gaeilge, UCG, Ollscoil  na Éireann, Gaillimh, de Céadaoin seo caite.
Mar aoíchaointeoir, dúirt an t-Aire Ruane gur chreidim sí go domhain go bhfaighfidh muid Acht  Gaeilge agus go bhfuil sé de ceart ag Gaeilgeoirí a saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge.
Dúirt sí,
“Tá an t-iarthar múscailte inniu!  Tá athbheochan na Gaeilge ar an scéal is rathúla sa tír seo ó thaobh an chultúir de.   Sna sé chontae tá trí bhunscoileanna nua bunaithe le déanaí – 1-Gaelscoil Ghleann Darach 2-Gaelscoil Éanna  3-Gaelscoil na Dáróige.  Agus, inné, mar shampla, fuair Naíscoil an Droichead stádás oifigiúil i mBéal Feirste Theas, Maith dóibh!
Tá borradh Gaeloideachais ar na dea-scéaltaí de chuid pobal na Gaeilge. Tá sé mar príomh-chúram agamsa cinntiú go mbíonn scolaíocht den chéad scoth ag páistí sa chuid thuaidh den tír. Tá líon na dtúismitheoirí atá ag roghnú Gaeloideachais ag méadú an t-am ar fad. Tá mise ag rá leis na tuismítheoirí gur féidir leo bheith cinnte go bhfaighfidh siad an oideachas is fearr gur féidir linn a thabhairt  dóibh.
Dúirt sí fosta, gur chóir go mbeadh cur chuige Uile Éireann ó thaobh oideachas de; “Tá rudaí le foghlaim againn ón chuid seo den tír agus ó na sé chontae chomh maith. Táim den bharúil freisin gur chóir dúinn labhairt le chéile fud fad an oileán chun córas oideachais iontach a chur i bhfeidhm agus gur choir go mbeadh breis chomhoibrithe thuaidh/theas ar cheist na gaelscolaíochta/ an oideachais.
“Bhí sé molta agam agus curtha i bhfeidhm go bhfuil an Ghaeilge agus An Spainnis ar fáil do páistí óga. Ó thaobh tumoideachais de; tugaim tacaíocht don fheachtas ar  son luath-thumoideachais. Táim ag caint faoin Ciorclán a chuir  deireadh leis an luath-thumoideachas i ngaelscoileanna trí iachall a chur orthu an Béarla a mhúineadh ón dara théarma sna naíonáin shóisir. Tá argóint mhór casta ann. Tá buntaistí ag tumoideachas ar fud an oileáin agus anonn.
“Ag caint go pearsanta d’fhoghlaim mé an Ghaeilge ar scoil ach nílim líofa, ar an dhrochuair!! Ach Mnuair a chaith mé am i Méirica  Theas, le Spáinnis timpeall orm an t-am ar fad, d’obair sé dom.  Nuair a bhain mé Niacaragua amach agus mise ach fiche’s a haon bhí me ábalta Spainnis a labhairt i ndiaidh trí mhí!  D’obair  sé do na hiarchimí a thainig amach ó phriosiún líofa freisin. Bhunaigh siad Jailtachtaí ar léith. Ba inspioráid iad go léir.   Agus tá cuma ar an scéal gur obair sé do Des Bishop fosta! Cosúil le Des chuaigh mise go dtí an tAcadamh i gCeathrú Rua anuraidh  agus chuaigh mé ar ais ar scoil freisin!
Luaigh sí fosta nach bhfuil an cath ar son Acht na Gaeilge thart – “Anois ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi Acht na Gaeilge. Creidim go domhain go bhfaighfidh muid Acht Gaeilge. Níor chóir go mbeadh iontas ar dhuine ar bith sa seomra seo gur  dhiúltaigh an DUP de. Bheadh sé go maith dá nglacfadh aontachtóirí agus airí Sasanacha go bhfuil na cearta céanna ag Gaeilgeoirí is atá ag gach duine eile a labhrann Béarla. Agus cosúil le hAlban agus anseo sna sé Chontae is fiche. Mar sin, caithfidh muid feach ar an streachtailt chun cearta  Gaeilgeoirí a fháil, caithfidh muid cuimhniú gur troid leanúnach é mar proiséas athraithe.
Lean sí, “Tá sé de ceart ag Gaeilgeoirí a saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge – ina gcuid gnó agus gnóthaí sóisialta. Táim ag caint faoi cearta ó thuaidh agus ó dheas. Tá  bogadh chun cinn suntasach déanta go dtí seo mar gheall ar an obair dian ó gníomhairí, múinteoirí, clanna agus pobail. Ba mhaith liom buíochas croíúil a thabhairt dóibh uilig. Mar a dhúirt ceann dár laochra, ‘Is é gáire ár gcuid páistí a bheas mar dhíoltas againn.’ ”

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland