24 January 2008 Edition

Resize: A A A Print

An Droichead


le hÉamann
Mac Mánais

I 1992, bhunaigh pobal na Gaeilge in oirthear agus deisceart Bhéal Feirste a n-eagraíocht féin chun athbheochán na Gaeilge a bhrú chun cinn sa taobh seo tíre. Tháinig said le chéile mar ‘An Droichead’, óir is ó shean-cheantair stairiúla cois Lagain a tháinig siad – an Trá Ghearr, an Margadh, agus an Ormeau Íochtarach – áiteanna ina raibh dhá naíscoil bunaithe acu cheana féin sna hoctóidí. Bhí sé mar phríomhaidhm acu ná an Gaeloideachas a chur ar fáil dá bpáistí.
Ach ní sa ghaeloideachas amháin a bhí a gcuid suime – ba gaeilgeoirí samhlaíocha iad a bhí ag iarriadh todhchaí na Gaeilge ina gceantar a chinntiú trí fhorbairt seirbhísí Gaeilge don phobal.
Chuige sin, thóg siad an Lárionad sa bhliain 2000, rud a raibh costas leathmhilliún puint air. Is é Lárionad An Droichid an t-aon Lárionad Gaeilge i ndeisceart agus oirthear Bhéal Feirste. Sa Lárionad faoi láthair tá dhá rang naíscoile againn atá lán (le 52 páiste iontu; bíonn ranganna Gaeilge anseo d’fhoghlaimeoirí ag gach leibhéal comh maith le ranganna rince (seit is céilí), ranganna ealaíne, ranganna snoíodóireachta is ranganna ceoil agus neart rudaí eile.
Uair sa mhí téann an cumann siúlóide amach ag spreagadh saoil shláintiúil agus comhrá trí mheán na Gaeilge; bíonn drámaí ann sa Lárionad chomh maith le ceolchoirmeacha le ceoltóirí traidisiúnta a bhfuil clú idirnaisiúnta orthu, agus bíonn seisiúin traidisiúnta i rith na bliana. Mar sin, bíonn an lárionad in úsáid ó dhubh go dubh 6.5 lá den tseachtain i rith na bliana aghus bhain An Droichead príomhdhuais agus Trófaí Ghlór na nGael i 2006, chomh maith le Craobh Uladh an chomórtais anuraidh.  Fíor mhaith!!
Dúirt Pól Deeds, comhordaitheoir tionscadal An Droichead le ceithre bliana anuas:
“D’éirigh leis An Droichead deontas úr de £200,000 a fháil ó fhoras na Gaeilge ar na mallaibh agus d’fhostaigh muid Oifigeach Forbartha leis. Is infheistiú ollmhór é seo in obair s’againne agus insa Ghaeilge i nDeisceart agus Oirthear Bhéal Feirste.
I dtaca leis na himeachtaí a chuireann muid ar fáil don phobal áitiúil, tá scoth an chultúir go fóill ar an chlár. I measc na gceoltóirí a bhí ag seinm i Lárionad an Droichid ar na mallaibh bhí John Spillane agus beirt ó Altan. Tá muid ag iarraidh caighdeán úr níos airde a bhaint amach. Tá duaiseanna bainte againn don chaighdeán mar atá, mar sin ba mhaith linn bogadh go dtí an chéad leibhéal eile.
Tá pleananna againn le haonaid nua a chur leis an lárionad agus tá muid ag plé straitéise chun oll-ionad úr a thógáil ar thoiseach an bhealaigh mhóir. Is ag buanú seirbhísí Gaeilge a bheas an t-ionad sin má éiríonn linn an fís sin a bhaint amach. Ach is ag fíorú aislinge Gaelaí a bhí an eagraíocht seo le 15 éigin bliain, mar sin coinnigí súil ar an spás seo!”
Chomh maith le so, bhí an Aire Sinn Féin Caitríona Ruane i Lárionad an Droichid Dé Céadaoin 23 Eanáir le leabhrán Gaeilge de chuid an Ghníomhaireacht um Chothú na Sláinte (Health Promotion Agency) a lainseáil do pháistí na gaelscolaíochta.
• Le tuilleadh eolais, gabh i dteagmháil le Pól/Ray ar, 02890288818 nó www.androichead.com


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland