Top Issue 1-2024

24 January 2008 Edition

Resize: A A A Print

Damhsa Fearthainne na nGael

Tá an corp an intinn agus an t-anam uilig fite fuaite leis an dúlra agus an timpeallacht thart orainn m.sh. tá na daoine in Eirinn agus sa tSualainn leis na mílte bliain i bhfad níos gile sa chraiceann ná muintir na Bolaive – tharla seo siocair an méid gréine a fuair na coirp agus láidreacht theas agus sholas na gréine. Fosta siocair go bhfuil na táilte i bhfad níos airde ná an cnoc is airde sa bhaile bíonn sé doiligh dúinne ár n-anáil a tharraingt agus do na daoine a mhaireann anseo ní bhíonn fadhb ar bith acu.
Mar sin de d’athraigh daoine an domhan de réir mar a d’athraigh an dúlra agus timpeallacht thar na mílte bliain thart orthu. Cosúil liom féin tuigeann agus creideann mórchuid de dhaoine an domhan seo.
Ach le tamall anuas anois thosaigh mé a smaoineamh faoi  chumhacht spioradálta an duine – agus chomh láidir agus atá sé ach ag an ám céanna cha mbaineann muid mórán úsáide as.
Mar shampla, bhí mé féin agus grúpa ag déanamh turais thar an ghaineamhlach idir an tSíle agus an Bholaiv. Bhí an ghrian láidir os ár gceann agus teas na gréine ag dúil bí cibé fuinneamh a bhí inár  gcorp. Bhí mo chraiceann clúdaithe leis an uachtar greine is láidre a dtiocfadh liom a fháil ach cha raibh maith ar bith ann bhí mé ag dó le teas na gréine.
Bhí cúpla duine eile ag fail tinneas cinn, bhí díomá ag bualadh cúpla duine eile agus ísle brí ar chúpla girseach fosta.
Cha raibh sé ródheas ag amharc agus ag éisteacht le cuid de na sceabhaileacháin.
Le spiorad an ghrúpa a thógáil dúirt mé féin – “cha bhíonn sé i bhfad go mbeadh fearthainn againn, mothaím í ag teacht!”
D’amharc achan duine suas i dtreo na sléibhte agus an spéir a bhí chomh glan agus gorm le huisce srutháin sléibhe, ach chonaic mé ar a n-aghaidheanna nár chreid siad mé.
“Má tá siorradh gaoithe de dhíobháil oraibh, creidigí go dtiocfadh sé agus má tá fearthainn de dhíth oraibh le bhur gcraiceann a fhuarú inis don nádúr, Patu Mama, Naomh Bríd srl na rudaí seo a thabhairt duit,” arsa mise.
Cha raibh a fhios agam cad é an dóigh a nglacadh an grúpa seo ach d’éirigh beirt ina seasamh agus rinne siad damhsa fearthainne – thosaigh an slua a gháire, bhí deora liom féin ag amharc orthu, cheol daoine eile agus dúirt daoine eile paidreacha greanmhara os ard!
Bhí an díomá tógtha díobh agus an ísle brí imithe.
Ach ina dhiaidh seo, agus níl anonn ná anall ar dhath dá bhfuil á scríobh agam, ach thosaigh na scamaill mhóra dhubha  ag séideadh isteach ó áit inteacht, ansin thosaigh an tintreach agus an toirneach a lasadh na spéire agus a múscladh achan rud thíos fúithi.
Taobh istigh de chúig bhomaite bhí siorradh gaoithe ag cuimilt ár gcraicinn agus deora móra ag titim go mall as an spéir agus ag flliuchadh ár gcraicinn.
Rinneadh stupadh d’achan duine, char labhair duine fada go leor go dti gur thiompaigh fear inteacht thart agus dúirt sé , “níl aon aontas go bhfuil bhur dtír féin (Eire) thar a bheith fliuch, nil ach cúpla díobh anseo agus tharraing sibh an fhearthainn chuig áit nár thit deor le thar bliain!”
Thiompaigh mé féin ina dtreo agus mé leath ag gáire – “tá an chumhacht ionainn uillig!” arsa mise.
Bhí achan ribe gruaige ina sheasamh ar mo chorp mar cha raibh mé róchinnte cad é a tharla, ach bhí mé cinnte gur cumhacht an duine thar an nádúr a rinne é.
Níl mé róchinnte cén fáth ar tharla an rud a tharla ina dhiaidh seo agus d’aithin mé go raibh achan duine ag amharc ar cheann de na boic a bhí ina shuí chomh suaimhneach agus a dhá shúil druidte chomh teann agus a thiocfadh le duine iad a dhruidim.
“Bhfuil a dhath contráilte leat?” arsa ceann de na cailíní.
“Níl,” arsa sé, “tá mé ag feiceáil an dtig liom mo chumhacht féin a fháil le Paris Hilton a tharraingt chugam i mBikini bán thar na dúnaibh sin thall!”
Bhí an boc seo ar shiúl go maith, níl a fhios agam an spreag muidne é nó an teas ón mhaidin a bhí ag cur isteach air, ach thosaigh an magadh agus an gáire, ach chomh cinnte agus atá mé i mo shuí anseo tháinig rud thar an mhullach mhór gainimh – chan Paris a bhi ann ach Llama mór bán!!
Char dhúirt aon duine a dhath mar cha raibh muid cinnte an é a tharring an Llama seo chuige . . .
Ach le scéal fada a dhéanamh gairid bhí a fhios againn uilig go gcaithfidh cibé cumhacht ná draíocht ná bua atá ag an duine  a úsáid fá choinne na rudaí is tábhachtaí i gcónaí!”

Foclóir

cumhacht...power
draíocht...magic
fearthainn...rain
timpeallacht...environment
fuinneamh...energy
ribe...strand (of hair)
llama...Donegal farmer
D’aithin me...i recognised
mullach...back
thiompaigh me...I turned


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland