Top Issue 1-2024

17 January 2008 Edition

Resize: A A A Print

Ag seasamh an fhóid ar son na Gaeilge

Bairbre de Brún

Bairbre de Brún

Le hÉamann Mac Mánais

Ag caint sa parlaimint inniu, chuir Bairbre de Brún fáilte roimh an scéal is déanaí ó na Náisiúin Aontaithe go mbeidh an bhliain seo 2008 mar bhliain idirnáisiúnta do theangacha.
Dúirt sí fosta i ndíospóireacht faoi Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (EU Agency for Fundamental Rights) go raibh gá láidir ann le haghaidh cearta teanga in Éirinn agus is léir go bhfuil Bairbre ag seasamh an fhóid ar son na Gaeilge san Aontas lena chinntiú go mbeidh dul chun cinn don theanga.
“Fáiltím roimh thuarascáil Michael Cashman faoi Gníomhairacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Rinne feisirí ón Choiste um Shaoirsí Sibhialta obair den scoth ar an ábhar tábhachtach seo, obair atá de dhíth go géar má táimid chun cearta bunúsacha a chur cinn agus a chaomhnú. Tréaslaím leo agus leis an rapóirtéir.
“Fáiltím ach go háirithe roimh na leasuithe a chinntíonn go mbeidh idirdhealú maidir le teangacha agus mionlaigh thraidisiúnta i measc shainchúraimí na Gníomhaireachta.
“D’ainmnigh na Náisiúin Aontaithe an bhliain seo 2008 mar bhliain idirnáisiúnta do theangacha. Caithfidh an AE bheith páirteach san iarracht seo agus cuid mhór a dhéanamh chun cur in aghaidh idirdhealuithe atá bunaithe ar an teanga a labhraítear.”
Lean sí,
“Tá spéis ar leith agam san ábhar seo. Leanfaidh mé obair ag leibhéal an AE agus mé ag éilimh na n-acmhainní riachtanacha maidir leis an Ghaeilge mar theanga oibre den AE agus agus ag leibhéal an dáilcheantair fosta agus mé ag tacú leis an fheachtas ar son Acht na Gaeilge, reachtaíocht atá de dhíth go géar i dTuaisceart na hÉireann chun cearta Gaeilgeoirí a chosaint.”
Tarlaíonn seo i ndiaidh ionsaí eile ar an nGaeilge ó Edwin Poots agus an scéal a thainig amach as freagra a thug an tAire ar cheist Chomhthionóil a chuir Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams faoi thodhchaí Chiste Craoltóireachta na Gaeilge.
Dúirt an tUasal Adams;
“Maíonn an tAire nach bhfuil an t-airgead aige don chiste ach ag an am céanna, tá gannchaiteachas £10m ag a Roinn. Is léir go bhfuil na hacmhainní aige. Geallaim brú leanúnach ó SF ar an cheist seo.”
Ba chóir do dhuine éigin a chur in iúl d’Edwin Poots go bhfuil an bhliain seo 2008 mar bhliain idirnáisiúnta do theangacha!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland