Top Issue 1-2024

20 December 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cogadh na Saoirse i gConamara


An tIomaire Rua - Cogadh na Saoirse i dTuaisceart Chonamara
Leis an tOllamh Tomás Ó Máille
Eagrán nua ag Mairtín Ó Cadhain
An Gúm €10.
Reviewed by Mícheál MacDonncha

Mar a deireann Geaoróid Ó Tuathaigh sa réamhrá nua is seod beag é an leabhar seo. Is beag atá scríofa i nGaeilge ar Chogadh na Saoirse, fiú amháin sna Gaeltachtaí. Ach seo cuntas áitiúil a mbeidh suim ag alán daoine timpeall na tíre ann.
Fuair an tOllamh Tomás Ó Máille bás i 1938 agus foilsíodh an leabhar seo den cheád uair i 1939. Anois tá Máirtín Ó Cadhain, nia leis an scríobhneoir cáiliúl, tar éis an eagrán nua seo a chóiriú. Tá an cuntas lonnaithe i nGleann an Mháma agus sa cheantar máguaird idir na blianta 1918 agus 1921. Is é príomhphearsa an scéil é Pádraic Ó Máille, deartháir leis an tOllamh.
Óglach ab ea Pádraic Ó Máille a bhí gníomhach i 1916 agus a toghadh mar Teachta Dála i 1918. Sular toghadh é bhí sé ar a dteitheadh tar éis gur tháinig fórsaí na Breataine chuig teach Uí Mháille i Muintir Eoghain i mí Bealtaine 1918. Bhí Pádraic agus a chomrádaithe ar a gcoimeád sna sléibhte idir sin agus samhradh 1921.
Nuair a crochadh Thomas Whelan (duine de ‘Deichniúr Mountjoy’) as an gClocán i 1921 rinne na hÓglaigh ionsaí ar an RIC sa Chlochán agus mharaigh siad beirt acu. Ar an 3 Aibreán 1921 chuaigh siad go Scríb le luíochán a dhéanamh ar an RIC agus ar na Dúchrónaigh agus ar an 23ú lá  den mhí sin bhí cath timpeall tí Uí Mháille i Muintir Eoghain. Maraíodh ball den RIC agus chuir an fórsa sin agus na Dúchrónaigh an teach trí thine. Tá cúntais ar eachtraí eile sa leabhar, Cath Thuar Mhic Éadiagh, mar shampla.
Tá sár-obair déanta ag Máirtín Ó Cadhain agus ag An Gúm leis an leabhar seo. Cé nach bhfuil ach céad go leith leathanach ann tá sé lán de shuim agus den eolas. Tá griangrafanna dena hÓglaigh nár foilsíodh riamh, chomh maith le dhá léarscáil deas a chuidíonn go mór leis an téacs.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland