13 December 2007 Edition

Resize: A A A Print

Ag ceol agus ag rince faoi scath dealbh Craigavon!

Gearóid Mac Ádhaimh agus Frances Black

Gearóid Mac Ádhaimh agus Frances Black

Le
hÉamann
Mac Mánais

Bhí Uachtarán Shinn Fein Gearóid Mac Ádhaimh MP MLA ag óstáil Cheiliúradh na Gaeilge i Mór-Halla Stormont/Cnoc an Anfa an Áoine seo caite, 7 Nollaig.
Bhí ionadaithe ó chomhlachtaí agus eagraíochtaí Gaeilge as achan chearn den tír i láthair agus chomh maith le sin ceol, damhsa  agus craic ó Des Bishop, cór na n-óg, Nollaig agus Áine Brolly; Máire Bean Uí Bhruadair agus Frances Black.

DUL CHUN CINN SUNTASACH
Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir leis an Ghaeilge le blianta beaga anuas. Is ón ghnáthphobal a tháinig an spreagadh agus an dul chun cinn seo, agus ba é dua, díograis agus dúthracht na múinteoirí, na dtuismitheoirí, gníomhaithe teanga agus cuid mhór daoine eile a choinnigh an Ghaeilge beo leis na blianta.
Sa lá atá inniu ann, tá an Ghaeilge ag fás as cuimse, agus tá méadú leanúnach ar an líon daoine óga atá ag iarraidh í a labhairt.
Is í an dóigh is fearr agus is éifeachtaí lena chinntiú go leanfar le fás agus forbairt na Gaeilge ná í a bheith ina cuid bhríomhar de ghnáthshaol na ndaoine. Tá sé rí-thábhachtach fosta go ndéanfaidh achan duine an méid atá bainte amach i gcothú agus i bhforbairt na Gaeilge le blianta beaga anuas, a cheiliúradh.
Bhí ceiliúradh an Aoine seo caite ina chuid thábhachtach de seo. Thug an ócáid deis do phobal na Gaeilge, do cheoltóirí, do ghníomhaithe pobail agus polaitiúla, do pháistí agus go leor eile an ceol s’againne, an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur i lár an aonaigh agus a thaispeáint don saol mór.
Dúirt an t-Uasal Mac Ádhaimh ag an ócáid:
“Mar is eol daoibh, nuair a bhí muid óg – agus anois tá mé ag caint faoi na daoine atá an aois céanna liom agus roinnt daoine atá niós sinne ná muid fiú!
“Bheul – daoine den aois sin – cé chreideadh go mbeadh imeacht mar seo ag titim amach san áit seo – siombal den droch clú agus droch chleachtais, áit a bhí mar siombal de gach rud a bhí mícheart leis an chuid seo den tír - amharc orainn anois, ag baint sult agus craic –
“Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir leis an Ghaeilge le roinnt blianta anuas.
“Is ón ghnáthphobal a tháinig an spreagadh agus an dul chun cinn seo, agus ba é díogras na múinteoirí, na dtuismitheoirí, gníomhaithe teanga agus cuid mhór daoine eile a choinnigh an Ghaeilge beo leis na blianta.
“Ba mhaith liom go raibh mile maith agaibh a rá libh anseo.
“Go raibh maith agaibh as bheith dílis don Ghaeilge agus as bheith ag obair go crua don Ghaeilge thar na blianta fada.
“Tá mé ag smaoineadh go hairithe ar daoine ón Ardscoil agus Cumann Chluain Ard agus níos deánaí muintir Bóthar Seoighe - a spreag Bobby Sands chun litir a scrióbh níos mó ná tríocha bliain ó shin faoi ag bunú Gaeltachtaí ar fud an tuaiscirt.
“Lean na daoine seo leis an obair, ag cur an Ghaeilge chun tosaigh agus á choinneáil beo.
“Luaigh mé faoi Béal Feirste ach bhí daoine mar sin fosta in aiteanna fud an tir.
“Choinnigh siadsan agus neart daoine eile go léir an tine beo.
“Sa lá atá inniu ann, tá an Ghaeilge ag fás as cuimse, agus tá méadú leanúnach ar an líon daoine óga atá ag iarraidh í a labhairt.
“An dóigh is fearr agus is éifeachtaí le chinntiú go leanfar le fás agus forbairt na Gaeilge ná í a bheith ina cuid bhríomhar de ghnáthshaol na ndaoine.
“Caithfidh daoine Gaeilge a labhairt má tá Gaeilge acú.
Beidh Act Ghailge againn.
Lean sé: “Ba mhaith liom rud eile a rá anocht agus taim cinnte faoi seo, beidh Acht Gaeilge againn, níl fhios agam cá huair ach beidh.
“Ach ní raibh Acht na Gaeilge de dhith chun Gaeltacht Bóthar Seoighe a bhunú, nó an Gaeláras, an Droichead nó an Chultúrlann.
“Ní raibh Acht de dhíth orainn chun Meánscoil a bhunú nó aitheantas a fhá il do Lá Nua nó don Ceathrú Gaeltachta.
“Bhí obair de dhíth agus chuaigh na daoine amach agus rinne siad an obair.
“Tá an Ghaeilge ina gné lárnach dár saol mar phobal, ach is le gach duine ar an oileán seo an Ghaeilge.
“Tá a lán obair eile le déanamh againn le taispeaint nach bhfuil bagairt ar bith sa teanga do dhuine ar bith sa tír seo.
Leanaimis ar aghaidh leis an obair seo anocht.”

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland