6 December 2007 Edition

Resize: A A A Print

An bhfuil dearmad déanta ar an lucht oibre?

le Peadar de Bluit
    
Is dócha gur oiriúnach an t-am anois é comhrá a thosú faoi stad na gnáth oibrithe sa tír seo. Tá dhá buiséad idir lámha ar an oileán beag seo againne faoi láthair, agus ceachtar acu ag déanamh mórán maitheasa do lucht oibre na tíre seo, in aineoin go bhfuilimid féin sa rialtas ó thuaidh. An rud is náirí áfach ná go bhfuil na polaiteoirí go léir (muid féin san áireamh arís) á rá go bhfuil an réiteach is fearr faighte sna coinníollacha atá ann faoi láthair. Níl le déanamh againn anois, a deirtear linn, más rud é go bhfuilimid gann fós, ach an crios a theannú beagainín níos mó.
Ó theas, ach go háirithe, caithfear a admháil go bhfuil fás borb feicithe againn san eacnamaíocht le deich mbliana anuas. Anois, is cuma sa tioc cad a deir an rialtas níl an saibhreas seo tar éis filleadh ar an gnáth. Tá gealltanaisí Fianna Fáil ag teacht salach. Tá rud níos measa in ann áfach. Tá slí amháin go dtig leo íoc as a pleananna ar fad – príobháidiú. Gan dabht tá siad tar éis obair maith a dhéanamh de cheana le Aer Lingus, Eircom agus Greencore, is dóigh áfach go bhfuil níos mó in ann. Níl todhchaí ar bith dearfach ag teacht chugainn má leanann an scéal seo. Má táimid chun éirí i gceart arís ba cheart go mbeimid ag spreagadh Éireannaigh chun a ghnó féin a thosú, ag réitiú an bealach do pobail tógraí comh-oibriú a chur ar bun. B’fhéidir ansin go mbeadh sé níos furasta ar dhaoine marachtaint agus tabhairt ar ais don stáit.
Níos mó agus níos mó tá an lucht oibre á thostú i dhá slí éagsúil. Ar dtús, tá na íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Má tá rud ar bit cearr le duine tá siad i dteideal íocaíochtaí. Feictear dúinn go bhfuil beagnach lán-fhostaíocht againn a cruthaíonn an dara fadhb, ‘macalla an Fís Meiriceánach’. Seo an rud céanna a mheall an hEorapaigh chuig Meiriceá sa tosach, is a coimeádann na páirtithe coimeádacha i réim ann anois. Sé an cur i gcéill ná gur féidir le duine, nó gur gá leo fiú, iad féin a ‘fheabhsú’. Mar sea ní bhíonn daoine buartha, agus ní bhíonn siad sásta éirí aníos. Mar sóisialaigh caithfimid daoine a gríosú chun coinníollacha níos fearr a éiliú ón rialtas, torthaí a gcuid oibre a fháil agus an scéal a athrú sa tír seo.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland