Top Issue 1-2024

6 December 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint Le Séarlas De Geailf

An Phatagóin

Cha raibh a dhath níos measa agus mé i mo thachrán nó fiú mé i mo ghlas-stócach  – nuair a chaithfinn dul chun an phortaigh. Dá mbeifeá ag tiontú na móna fliche, bheinn i gcónaí ag ceistiú mo athar  “an bhfuil muid chóir a bheith réidh, tá na míoltóga mo mharú!”
Bhí a fhios agam i gcónaí an freagra – “níl mórán eile le deánamh, deán suas go dtí barr an chéad bharta eile!” Ach bhí a fhios agam go raibh i gcónaí barta eile ag fanacht liom!
Ach nuair a bheinn thuas ar phortach na nArdadh, atá míle nó dhó taobh amuigh de Ghort an Choirce thuas ag bun an chnoic, bhí radharc galánta de shléibhte Dhoire Bheatha agat, nuair a ghlacfadh muid sos lenár gceapairí a ithe agus uisce a bhruith d’amharcfadh mo sheanathair i gcónaí suas ar na cnoic agus bhí ard amháin i measc na gcnoc a bheadh paiste ceo á chlúdach i dtólamh – “tá uaimh ansin” a deireadh sé, “ar chúl an cheo agus tá cuid de Fhianna Fhionn mhic Cumhaill ina luí ina gcodladh inti agus má thagann tú  riamh orthu tá  an dord Fiann ina luí ansin ag fanacht le duine é a shéideadh agus iad a
mhúscladh.”
Char smaoinigh mé ar an seanscéal seo le blianta mar cha raibh mé ar an phortach le fada anois ach ag teacht a fhad le Ushuia in Terra del Fuigeo tá sraith sléibhte de na hAindéis ina sheasamh gualainn le gualainn mar fhórsa cosanta ag coinneáil an namhad amuigh nó achan duine anseo sábháilte istigh! (Chuirfeadh siad na príosúnaigh anseo fada riamh ó shin.)
Ach smaoinigh mé ar an scéal nuair a chonaic mé na sléibhte seo lena mbairéid bhána agus iad chomh suaimhneach le sléibhte Dhoire Bheatha; ó bhun na gcnoc tá na coillte agus paistí glasa de thalamh féarach ag rith síos a fhad leis an fharraige mhór agus na tithe ina luí thíos thart ar an chuan ata níos mó cosúil le loch sléibhe ná cuid den fharraige gharbh.
Tá mise ag siúl ar mo chosán féin, níl mé cinnte lá ar bith cá mbeidh mé an chéad lá eile agus corruair deirim liom féin – an mbeinni riamh ábalta suí síos agus plean seachtaine a dhéanamh amach cosúil le cuid de na daoine a chastar orm, ach creidim go bhfuil a bhealach féin ag achan duine le siúl. ach le tamall anois téann mo chroí amach do na thaistealaithe atá ag brath go huile agus go hiomlán ar na leabhair taistil agus nach bhfuil sásta seasamh, agus cluas éisteachta a thabhairt do bhoic eile atá ag moladh áiteacha eile nach bhfuil sa ‘Bhíobla’ taistil m.sh. Lonely Planet.
Nuair a éisteann tú leis na daoine seo - tchíonn tú nach bhfuil a fhios acu cá bhfuil siad ina seasamh  ar chosán mór an tsaoil, níl a fhios acu an ag teacht nó ag imeacht atá siad, an chuid is mó den ám.
Mura  ndéanaim a dhath ach an t-alt seo a scríobh tá rud inteach scríofa agus déanta  agam dom féin agus don phobal agus tá seans ann go mbeidh duine inteacht, áit inteacht á léamh, agus ag tabhairt amach faoin litriú srl – ach ag an am céanna nár chuidigh mé iad seo a mhúscladh?
Fuair mé réitigh de leabhar mo chara agus chaith mé isteach sa BBQ é agus leis an chéad am le cúpla mí chonaí mé go raibh sé beo – bhí a fhios agam leis an athrú a tháinig ar a ghlór agus an dóigh ar amhrac sé orm faoina shúil gur mhúscail mé laoch, b’fhéidir gur bheir mé ar an dord Fiann agus go dtug mé séideadh maith dó!
I ndiaidh tamaill ag amharc isteach sa tine rinne sé gáire mór amach óna chroí – ar sé “thig liom ceann eile a fháil amárach”.
“Thig cinnte,” arsa mise “tá na hoícheanta ag éirí fuar, bí cinnte go bhfaighe tú ceann atá tiubh go maith! Char dhúirt sé a dhath i gceann cúpla bomaite eile, go dtí sa deireadh mhothaigh mé é ag rá –
“Cá háit a bhfuil an boc sin a bhí ar an bhád inné, nach bhfuil eolas maith aigesean..
Chonaic mé anois go raibh an dord fiann á iompar aige ar a dhroim agus lá ar bith anois tá mé cinnte go mbeadh sé réidh le hé a shéideadh agus laoch eile a mhúscladh.
An  oíche sin agus na laethe ina dhiaidh an dó mhóir thug mé fá deara go raibh sé ag feiceáil níos mó agus ag caint níos mó le hachan rud ina thimpeallacht, fiú anois agus mé ag déanamh mo mhúin amuigh faoi iomlán gealaí agus scáth na gcnoc - nach bhfeicim é féin – Caoilte Mac Ronain II ag séideadh an doird Fiann i dtreo girsí (nó b’fhéidir piongain, cha dtig liom bheith róchinnte!) a bhfuil sábháil de chineál inteacht de dhíobháil uirthi, go mbeannaí Dia muid uilig.

 

Foclóir

  • Glas-stócach      innocent boy
    Míoltóga      flies
    Gualainn le gualainn      shoulder to shoulder
    Timpeallacht      environment
    Taistealaithe      travellers
    Fuair mé réitigh      I got rid of
    Cha/r  - níl/níor      negative verb
    Thig liom - is féidir liom      I can
    Faoi iomlán gealaí      under the moonlight
    Faoi scáth na gcnoc     under the shadow of the mountains
    Piongain      nuns

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland