Top Issue 1-2024

1 November 2007 Edition

Resize: A A A Print

Dallmullóg Fianna Fáil

LE PEADAR de BLUIT

An seachtain seo chaite tháinig an tAire Iompair chugainn le moltaí chun an ráta báis ar na bóithre a srianadh. Go hiontach!  I ndeireadh na dála reachtaíocht chun ciotrúin ar bhóithre Éireannach a coimeád síos. Bhuel b’shin an céad rud a tháinig isteach i mo cheannsa ar chor ar bith. Tar éis an iarracht go léir atá déanta ag Ógra i dtaobh an fheachtas Moilligh Síos le déanaí, bhíos breá sásta go raibh an teachtaireacht faighte ag an rialtas. Ansin áfach chuaigh mo chroí go tonn poill ar chloisint dom cad a bhí á mholadh ag an Aire Dempsey. Sean reachtaíocht ar fad a bhí ann, beagnach, gan ach rabhadh ceithre laethanta do chomh maith! B’éigean dom fiafraí cén fáth a bhí sé á dhéanamh rud éigin chomh hait le sin.
Ansin rith sé liom go raibh daoine áirithe sa rialtas tar éis ardú pá fíochmhar mhór a fháil cúpla lá roimhe sin, agus dár ndóigh, bhí raic ollmhór maidir leis an rud céanna sa mheán cumarsáide. Anois leis na moltaí seo, bheadh an Taoiseach féin imithe ós na soilse, agus an buachaill beag Dempsey (atá siad ag iarraidh fail réidh leis ar aon nós is dócha) ag fáil íde béil óna na meáin. Ó Bertie, dhein tú athuair é! Maith an fear, ach ní éalóidh leis an ceann seo tá do deiseanna ar fad ídithe agat nó sin a mheas mé féin. Ach an rud is annamh is iontach a deir siad agus faraor a mhalairt de sin atá fíor sa chomhthéacs seo.
I ndáirire, b’fhéidir gur buachaillín óg soineanta mé, ach caithfidh mé a rá go raibh mé cinnte, nach gcasadh na meán cúl ar scéal Bertie agus go gcífidh siad an sean-chluiche á imirt aige arís. Ní fhaca faraor agus le teacht an deireadh seachtaine bhí Bertie fágtha siar sa chúlra, agus Noel á ionsaí ag na meáin. Cén saghas amadáin atá iontu in aon chor. Shíl mé gur daoine cliste a bhí iontu, daoine proifeisiúnta, oilte, le hard-chaighdeán oideachas, ó coláiste ar bith ar mhiste leat a lua. Conas nach bhfeiceann siad na cleasaithe céanna ag teacht ón bhfeallaire seo uair ar bith a tharlaíonn rud éigin.
Agus mo náire go deo é an Taoiseach sin. Tuigim go pointe áirithe má tá sé ag iarraidh rud beag airgid sa bhreis a dhéanamh dó fhéin, bhuel ní thig go macántá ach glac leis an uair seo. Scaoilfinn leis an t-airgead, tá sé i go leor troiblóid ó thaobh an airgeadais de cheana fein. Ach cén saghas slí é seo a choischéimeanna a clúdach. Tá sé ag baint úsáide as an sláinteachas bóithre. Tá daoine ag fáil bháis gach aon lá ar bhóithre na tíre seo toisc nach bhfuil fios a gnó ag an rialtas i dtaobh an ábhar seo. Níos measa ná sin, níl na moltaí seo ró-olc, ach amháin an rabhadh ceithre lá, sin ar mire go hiomlán.
Táimidne sa phairtí seo ag glaoch ar an rialtas súil níos géire a chaitheamh ar an ábhar seo agus seo mar a iompaíonn siad. Ag baint úsáide as mar clúdach ar a bpá coiriúlach nach bhfuil teorainn ar bith ag muintir na tíre seo? Nach bhfuil pointe ar bith go ndéarfaidh siad STAD?
Is fada liom go dtiocfaidh an lá sin...


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland