Top Issue 1-2024

18 October 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint Le Seán Ó Donaile

 Deasún Breathnach agus Misneach

Tugann bás Dheasún Breathnach chun cuimhne stailc ocrais i 1966 a rinne sé féin agus a chairde  i Misneach, chun aire an phobail a dhíriú ar neamhaird an Rialtais agus poiliteoirí ar an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.  B’é Máirtín Ó Cadhain a bhunaigh Misneach eagraíocht bríomhar a bhí dírithe go diongbhálta ar athbheochaint na Gaeilge.  Triúr déag fear agus cailín amháin a chuaigh ar stailc ocrais a mhair seachtain agus a chríochnaigh le preas agallamh ag Óstán an Gresham.
Sliocht ón ráiteas a thug  Misneach do na meáin roimh an stailc :
“Leath chéad bliain tar éis Cáisc 1916 níl dhá theach as a chéile taobh amuigh den Ghaeltacht in a dteallaigh Gaeilge fós.  Agus gur bás nó beo teanga achar leathchéad bliain. Ag comóradh na Cásca- ba é sás a comórtha é- a bhí an Cac-Pháipéar Bán siúd, céad slán dó !  Ag comóradh na Cásca a bhí Rialtais agus an tArd-Breitheamh, i láthair dóibh, agus ocastóireacht seo
 sár-shamhail Chomóradh na Cásca.
Na daoine uilig a raibh sé ar a gcumas le leathchéad bliain an Ghaeilge a shlánú ach ar a shon sin mharaigh í, tá siad ag comóradh na Casca ag Ard Oifig an Phoist anois. Taoiseach gan Gaeilge. Stát-sheirbhísigh gan Gaeilge. Breithiúin gan Gaeilge. Scoláirí gan Gaeilge.
An Gall McCourt. Dr. “Ireland of the welcomes” O’Driscoll. An Dr. Electricity...Iadsan Éire 1966. Go maire tú do chomóradh,
 a Uachtarán, leath chéad bliain tar éis dhuit a bheith i do Cúchulainn cródha ar Áth Foraire Shráid an Mhóta. Eire na staire,
Éire an chian-thnútháin chun saoirse agus chun a bheith in a hÉire, Éire na Gaeilge........Anocht is uaigneach Eire.......” Aithnímid na fadhbanna agus na coinníolacha céanna i bhfeidhm sa lá tá inniu, eagraíochta Gaeilge ag streachailt de Rialtas
atá naimhdeach don Ghaeilge, Roinn Oideachais nach dtugann aird ar bith ar an Ghaeilge agus Taoiseach a dhiúltaíonn ár
 dteanga féin a labhairt.
Ráiteas ‘66 ar lean:
“Da dtéadh an Piarsach isteach in Ard-Oifig an Phosta ar láthair na huaire ní fhéadfadh sé suim airgid a athrú i
 nGaeilge i mBanc Taisce na hÉireann istigh ann. Tá na foirmeacha Gaeilge - le leathchéad bliain is
 cosúil- dhá n-ullmhú i mBeggars Bush. Dhá mbeadh sé tuineanta ar a cheart reachtúil a éiliú, déarfadh
 Stát-sheirbhíseach dualgas-dhilís leis an Rubar Stampa d’Aire in a chúl-toraic aige nach raibh riocht geilleagair
na tire in achainn......Mar mhúinteoir i Scoil Éinde, ní fhéadfadh an Piarsach fógra pinsin i nGaeilge a fháil ó Roinn an
 Oideachais cúpla céim taobh thall.....”
I 1966 bhí Comóradh Oifigiúil an 50 Bliain ar siúl ag an Rialtas le paráideanna agus imeachtaí móra agus
 bhí tuairiscí forleathan ar RTE agus na meáin. Le linn sin bhí imeachtaí speisialta agus paráiteanna da gcuid féin
 ag Poblachtaithe agus Gaeil agus iad ag cur in iúl a ndíomá leis an Rialtas fán neamairt i gcúrsaí náisiúnta,
cultúir agus Teanga.
Ráiteas ‘66 ar lean :
“Ag comóradh diol ár máthar an Cháisc seo i 1966. Marab ea, céard tá muid a chomóradh ?
Ní hí Éire Cháisc 1916 atá muid a chomóradh, Éire “ní hé amháin saor ach Gaelach, ní hé amháin Gaelach ach saor”
Tá an oiread baint ag comóradh seo 1966 le  Cáisc 1916  is a bhí ag Iomarbháigh na bhFilleadh i dtús an 17ú le saol a linne féin,
Iomarbháigh nach raibh dhá mhaíomh    inti ach rudaí uilig a bhí in ainm is tarlú na mílte bliain roimhe sin.”
Seo leanas sliocht ón bpreas agallamh sa Gresham :
“Má leanann meath na Gaeltachta mar a léiríodh sa daonáireamh a fhoilsíodh le gairid-titim 30% i 15 bliana-ní bheidh Gaeltacht ar bith fanta i gceann 30 bliain eile. Ní raibh fhios ag an bpobal céard a bhí ar siúl ag an gComhlacht Comhairleach a bunaíodh tar éis fhoilsiú an Pháipéir Bháin- níor eisíodh aon ráiteas toisc nach raibh aon rud á dhéanamh chun a gcuid moltaí a chur i bhfeidhm.”
Seo mar a rinne “Inniu” tuairisc san am:
D’fhógair duine de na stailceoirí é seo ag an nuacht – agallamh a tionóladh tráthnóna Dé Sathairn seo caite in Óstlann Gresham  sula dtáinig an stailc ocrais chun críche.  Ag freagairt ceisteanna ó iriseoirí dúirt na stailceoirí gur theastaigh uatha
 go dtuigfeadh daoine nach ar son an teanga amháin  a chuaigh siad i muinín na stailce.
Thug Cian Ó hÉigeartaigh aitheasc gairid uaidh agus ghlac an slua le Mionn an Phiarsaigh. Proinsiasa Nic Uait a léigh é. Chuir sin deireadh leis an stailc agus chuaigh na stailceoirí ar ais chun na hÓstainne chuig a gcéad, bhéile-anraith de ghlasraí agus torthaí.
Tá chuid de dhream na stailce ‘66 ar shlí na fírinne anois. Cuimhnímis ar Dheasún agus an grúpa sin agus bímis buíoch
go raibh agus go bhfuil a leithéid de dhaoine fíreanna beo in ár measc.

 

Foclóir

  • misneach      courage
  • neamhaird      neglect
  • eagraíocht      organisation
  • mhair sé      it lasted
  • aithniú      to recognise
  • naimhde      enemy
  • daonáireamh      census
  • foilsiú      to publish
  • aitheasc      to address
  • ar shli na fírinne      passed away

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland