Top Issue 1-2024

18 October 2007 Edition

Resize: A A A Print

Dara Scéim Bhliantúil Scoileanna 'GLEO' seolta

Caitríona Ruane

Caitríona Ruane

LE hÉAMANN Mac MÁNAIS

Tháinig an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Máire Ní hAinifín T.D. agus Aire Oideachais na sé chontae, Caitríona Ruane C.T, le chéile iar na maillaibh chun scéim Fhoras na Gaeilge, ‘GLEO’ a sheoladh i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Is í príomhaidhm na scéime aitheantas a thabhairt do na cleachtais is fearr maidir le cur chun cinn na Gaeilge labhartha ar bhealaí cruaitheacha, nuálacha i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna ar fud Oileán na hÉireann a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla.
Díríonn an scéim, a thosaigh Foras na Gaeilge mar scéim phíolótach anuraidh, ar aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla chun an Ghaeilge labhartha a chur chun cinn, agus chun na hiarrachtaí seo a cheiliúradh. Tugann an scéim seo, a d’fhorbair Foras na Gaeilge, aitheantas don timpeallacht uathúil atá á soláthar i scoileanna maidir le cur chun cinn na Gaeilge labhartha i measc na n-óg.
Ceiliúrann GLEO scoileanna ar oileán na hÉireann atá tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge labhartha laistigh agus lasmuigh den seomra ranga. Scrúdóidh sainphainéal moltóirí na hainmniúcháin, agus tabharfar cuairt ansin ar na scoileanna a bhaineann amach an gearrliosta. Is í Dé hAoine, 9 Samhain, an spriocdháta le haghaidh iarratas ó scoileanna.
Tacaíonn Ruane leis an scéim;
Ag labhairt dó ag seoladh na hócáide, dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, PF Fhoras na Gaeilge, “Is cúis bhróid dúinn é i bhForas na Gaeilge go bhfuil an tAire Ní hAinifín agus an tAire Ruane ag tabhairt tacaíochta don scéim agus iad inár dteannta inniu. Ní fhéadfadh an scéim tacaíocht níos fearr a fháil ná an bheirt seo a bheith i láthair ag a seoladh.
Thar ceann Fhoras na Gaeilge ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Ní hAinifín as a tacaíocht, agus táimid ag súil go mór le bheith ag obair i gcomhar léi féin agus lena hoifigigh air seo agus ar thionscadail tacaíochta eile. Agus ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Ruane go Baile Átha Cliath. Tá súil agam go mbeidh neart deiseanna eile comhoibrithe againn amach anseo.”
An Ghaeilge ag dul ó neart go neart;
Dúirt Aire Oideachais sna sé chontae, Caitríona Ruane, “Tréaslaím leis an tionscnamh seo ó Fhoras na Gaeilge, agus táim cinnte go dtabharfaidh sé spreagadh do scoileanna an Ghaeilge a chur ar fáil do pháistí ón aois is luaithe. Tá méadú le feiceáil san sé chontae anois i líon na ndaoine ar mhaith leo an Ghaeilge a labhairt, méadú atá á léiriú in éileamh tuismitheoirí ar mhaith leo go bhfaigheadh a bpáistí oideachas trí mheán na Gaeilge.
Tá fás suntasach tagtha ar an earnáil seo, ó dhornán páistí ag freastal ar an gcéad Ghaelscoil i mBéal Feirste sna 1970idí chuig breis agus trí mhíle anois ag gabháil don churaclam trí mheán na Gaeilge. Anuas air sin, tá a thuilleadh páistí againn ag foghlaim na Gaeilge i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla, agus is sa réimse seo nach mór dúinn úsáid na teanga a spreagadh agus a chothú. Fáiltím roimh an spéis athnuaite seo inár dteanga agus inár gcultúr atá tairbheach don phobal iomlán. Trí phobail Ghaeilge a fhorbairt rachaidh an sochaí sna sé chontae chun cinn.”
 
Scéim ar fud an Oileáin
Ag labhairt faoi GLEO, mhínigh Tomás Ó Ruairc, Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais, “I ndiaidh dúinn a bheith ag obair go forleathan le scoileanna ar fud an Oileáin, tuigimid go rímhaith i bhForas na Gaeilge cé chomh tábhachtach agus atá sé aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí scoileanna chun úsáid na teanga a spreagadh.
“Tugadh GLEO isteach anuraidh mar scéim phíolótach. Bhíomar thar a bheith sásta le rath na scéime, agus bhíomar chomh sásta céanna leis an aiseolas a fuaireamar uathu siúd a bhí páirteach inti. Táimid ag iarraidh na teicnící agus na modhanna is fearr atá in úsáid a thabhairt chun suntais chun gur féidir iad a roinnt le scoileanna eile timpeall na tíre.”
“I ndiaidh dóibh aiseolas cuimsitheach a lorg agus a fháil ó earnáil an oideachais i dtaobh scéim na bliana seo caite, d’fhógair Foras na Gaeilge sonraí na scéime athbhreithnithe ‘GLEO’ le haghaidh 2007/2008.
“Glacfar le hiarratais faoin scéim seo ó bhunscoileanna nó iar-bhunscoileanna ar bith ar oileán na hÉireann a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla agus ina múintear an Ghaeilge. Cuirfear fáilte faoi leith roimh iarratais ó scoileanna i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste a dhéanann dul chun cinn suntasach maidir le cur cinn na Gaeilge le linn na scoilbhliana. Bronnfar €3,000 (£2,000) ar scoileanna rathúla, a roinnfear mar seo a leanas: €1,750/ £1,200 don scoil le haghaidh áiseanna teagaisc Gaeilge, €1,250/£800 mar mhaoiniú le haghaidh tionscadal nó ócáidí a chuireann an Ghaeilge chun cinn sa scoil.”

Maidir le Foras na Gaeilge
Bunaíodh Foras na Gaeilge, an comhlacht atá freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, ar an dara lá de mhí na Nollag 1999. Bunaíodh Foras na Gaeilge, comhlacht forfheidhmithe Thuaidh-Theas, faoi Chomhaontú Bhéal Feirste Aoine an Chéasta. I measc na bhfreagrachtaí sin tá labhairt agus scríobh na Gaeilge sa saol poiblí agus sa saol príobháideach sna sé chontae is fiche. Tá an fhreagracht chéanna ann i leith sna sé chontae, sa chás go mbíonn an t-éileamh cuí ann. Tá ról ag Foras na Gaeilge i dtaca le comhairle a chur ar lucht rialtais, Thuaidh agus Theas, agus ar chomhlachtaí poiblí agus ghrúpaí eile sna hearnálacha príobháideacha agus deonacha i ngach gnó a bhaineann leis an nGaeilge. Ina theannta sin, cuireann siad tionscadail tacaíochta ar bun agus tugann siad cúnamh deontais do chomhlachtaí agus do ghrúpaí ar fud oileán na hÉireann.
GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland