Top Issue 1-2024

18 October 2007 Edition

Resize: A A A Print

Seán Ó Ríordáin agus an Poblachtánachas

BY Mícheál MacDonncha

Áis ar leith is ea an cartlann nua ar shuíomh idirlíon an Irish Times – nuachtán nach moltar go minic ar na leathanaigh seo! Is féidir dul siar chomh fada le 1859 chun altanna a fháil.
Bhain mé úsáid as den chéad uair nuair a léigh mé alt ar an bhfile Seán Ó Ríordáin in Irish Times an Luan seo caite. Luaigh an alt go raibh colún seachtainiúil sa nuachtán sin ag an Ríordánach idir 1967 agus 1977, bliain a bháis. Luaigh sé leis an mhéid a dúirt staraí faoi na colúin: [The columns] are remembered by historian John A. Murphy as politically woefully under-developed and blazing with self-righteous indignation.” Ar aghaidh liom ansin go dtí na colúin sa chartlann. Is léir tar éis sracfhéachaint fiú, gur smaoinigh Seán Ó Ríordáin go doimhin faoin bpolaitíocht. Ní mórán meas a bhí aige do lucht cumhachta na Sé Chontae is Fichid. Agus scríobh sé go minic ar an ngéarchéim sna Sé Chontae. Tá clú agus cáil ar fhrith-poblachtánachas John A. Murphy. Mar sin ní haon ionadh gur dúirt sé mar a dúirt sé faoin Ríordánach.
Chomh maith le colúin Uí Ríordáin fhéin fuair mé rud eile sa chartlann. Sa cholún Tuarascáil ar 23 Eanáir 1975 foilsíodh cuid den agallamh idir Prionsias Mac Aonghusa agus an Ríordánach ar chlár RTÉ Féach. Seo sliocht as:
Proinsias: A Sheáin, agus tú ag scríobh san Irish Times, cheapfá scaití go bhfuil tú ar son na Provos. An bhfuil tú ar a son?
Seán: Deinim amach...táim ar a son. Táim ar a son sa mhéid gur throideadar... Chuireadar iad féin i mbaol. Ní maith liom iad a bheith ag pléascadh buamaí i siopaí agus ag cur sibhialaigh i ndainséar. Ní maith liom é sin. Ach an prionsabal atá taobh thiar díobh, troid ar son pobal go raibh éagóir á dhéanamh air agus nach raibh ceart le fáil ag an bpobal seo i mBaile Átha Cliath, i Londain, ná ós na Náisúin Aontaithe. Do throid na Provos ar a son súd. Dá bhrí sin, molaimse iad...Níor mhaith liom an cáineadh mhór a rinneadar ar na Provos ach ar a shon san is snáth eile de shaol na tíre iad agus tá siad i bhfad níos fearr ná aon pháirtí sa Dáil ar aon chuma...

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland