Top Issue 1-2024

11 October 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Ché Guevara

Ché Guevara

SÉ GUEVARA Ó LOINGSIGH 

Fuair  Ché Guevara Ó Loinsigh bás aréir, 40 bliain ó shin, nuair a mharaigh na Poncánaigh é, sa bhealach céanna inár mharaigh siad ceannaire Ghuatamala sna caogaidí agus an bealch céanna ina ndearna siad iarracht Castro a chur i leataobh sna seascaidí, ionas go mbeidh smacht iomlán acu ar Mheiricéa Theas, agus go mbeadh lámh shaor ag na comhlachtaí caife  agus bananaí agus go mbeadh siad in ann na tíortha sin a úsáid mar chlós súgartha i gcomhair ólacháin, striapach agus cearrbhachais.
Chuir siad ina leith ag am a bháis gur ‘sceimhlitheoir’ é, an cleas céanna a d’úsáid polaiteoirí Sasanacha nuair a maraíodh Pat Finucane agus an leithscéal céanna a bhíonn in úsáid ag na hIosraelaigh in aghaidh mhuintir na Palaistíne nuair leagann siad bailte chun spás a ullmhú do na Giúdaigh a thagann ón Rúis gach seachtain.
Tháinig muintir a sheanmháthar ó Ghaillimh, muintir Uí Loingsigh agus ghlaoigh a athair ‘an réabhlóidí Éireannach’ air agus é ina ógánach.
Thug sé cuairt ar Éirinn faoi thrí agus ar thuras amháin bhí fadhb ag an eitleán nuair a landáil sé i Sionna agus bhí air seal a chaitheamh sa Chlár – d’imir sé cluiche iomána leis na Junior B’s agus d’ól sé tríocha pionta i dteach tábhairne ‘Durty Nellys’!
Chas an t-ealaíontóir Jim Fitzpatrick leis i Cill Chaoi agus é ag canadh Spancelhill agus as sin tharraing Mac Ghiolla Phádraig an íomhá a chuir clú agus cáil air. Rinne Jim bocht dearmad é a chur faoi chóipcheart agus chaill sé amach ar na milliúin.
Bhí cúlra meánaicmeach ag Guevara ach le linn a thaistil trí Mheiriceá Theas agus é ina mhac léinn  d’oscail a shúile don éagóir a bhí á déanamh ar mhuintir na háite ar mhaithe le leas na bodach mór. Tá clú ar an scannán Motorcycle Diaries a léiríonn an seal seo ina shaol.
Tá cáil ar Shé mar réabhlóidí idirnáisiúnta agus chuidigh sé le Fidel saoirse a bhaint amach do mhuintir Chúba .
Lean sé bóthar William Brown agus Bernardo O’Higgins agus lean an Colombia 3 é nuair a bhí siad ag piocadh sú talún cúpla bliain ó shin.
Bhí sé ina Aire Airgeadais i Rialtas Castro ach níor oir sé don réabhlóidí óg agus d’fhill sé ar an streachailt agus é ag spreagadh chosmhuintir na Bolaive go dti go bhfuair na Poncánaigh réidh leis i 1967.
Fuair sé bás gan bróga fiú amháin ar a chosa agus tá a phictiúr in éineacht le Dia agus an Pápa in go leor tithe go fóill i Meiricea Theas.
Lean muintir Mheiriceá Láir a dhea-shampla sna hochtóidí nuair a saoraedh Nicaragua ar feadh tréimhse.
Bhí muintir na Slvadóire ar tí saoirse a fháil go dtí gur chuir na Meirceánaigh a ladar isteach.
Chaith mé tamall gearr i mbaile beag i dtuaisceart na tíre darbh ainm El Mozote i 1993; mharaigh arm an Rialtais achan fhear, bean agus páiste ar lá amháin i 1981 le linn a bhfeachtas ‘frithsceimhlitheoireachta’. Bhí na piléir fós ar an talamh i 1993, iad ar fad déanta sna Stáit Aontaithe agus an scríbhneoireacht ‘Por Dia et Patria’ ar na fallaí.
Mhair bean amháin nuair a chuaigh sí i bhfolach i loch, ag tarraingt anála isteach trí shoipín, ag éisteacht le screadaíl a bpáistí agus iad á ndó ag na saighdiúirí sa scoil.
Bhí fiosrúchán ann ina dhiaidh, ach cosúil le Domhnach na Fola i 1972, níor cúisíodh éinne.
Déanann na bodaigh mhóra aithris ar a chéile timpeall na cruinne ach do gach Guevara a fhaigheann bás, bíonn beirt eile ann chun a bhróga a líonadh.
Sa deireadh bhuaigh na bodaigh mhóra an cogadh sna tíortha sin agus muintir Nicearagaua, Ghuatamala  srl faoi chois ó shin ag maireachtáil ar euro nó dhó sa lá.
Is é ceann de na scannail is measa a tharla sa domhan riamh ná an bealach inar scrios na Stáit Aontaithe saol chosmhuintir Mheiriceá Theas agus is mór an náire ar Derek Davis agus a chairde a chuir fáilte roimh Reagan sna hochtóidí.
Bheadh sé bróidúl afách, faoin dea-obair atá ar siúl ag Chavez agus na ceannairí eile atá ag leanúint a dhea-shampla timpeall Mheiriceá Theas.
Agus muid tuirseach agus ciniciúil i ndiaidh an olltoghcháin, go háirithe toghchán inar thréig go leor daoine Larry O’Toole agus Dessie Ellis i ndiaidh na sclábhaíocht a rinne siad ar a son ar feadh na mblianta, caithfimíd smaoineamh ar Guevara agus ár bhfuinneamh a fháil ar ais agus leanúint ar aghaidh leis an streachailt.
Mar a dúirt Joe Hill  “ní bhfuair mé bás riamh”.

Foclóir

smacht...control
sceimhlitheoireacht...terrorism
cearrbhachas...gambling
faoi chóipcheart...under copyright
meánaicmeach...middle class
fiosrúchán...inquiry
faoi chois...oppressed
scannal...scandal
timpeall na cruinne...around the world
streachailt...struggle


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland