Top Issue 1-2024

4 October 2007 Edition

Resize: A A A Print

Todhchaí na Gaelscolaíochta in Éirinn?

LE PEADAR de BLUIT 

I ndiadh an cinneadh is déanaí ón Roinn Oideachas neamhshuim a dhéanamh de phleananna Gaelscoileanna Teo., tionóladh Cruinniú Ginearálta Urghnách in Áth Luain. Tá pobail na Gaeilge mórthimpeall na tíre ar buile leis an bhfreagra a tháinig ón Aire agus ón Roinn le déanaí. Léiríonn sé go bhfuil suim caillte acu go hiomlán (más rud é go raibh sé ann in aon chor) ar chur chun cinn na Gaeilge anseo.
Labhair painéal de shaineolaithe ag an gcruinniú agus cleachtóirí dhúchasacha ar shaintréithe agus ar shainriachtanais an chórais tumoideachais luaith. Léiríodh do na toscairí na dea-chleachtais atá i bhfeidhm agus dea-thorthaí an chórais tumoideachais luaith a bhfuil ardchaighdeán oideachais le baint amach ann i ngach ábhar an churaclaim, sa Bhéarla ach go háirithe. Ardaíodh imní géar faoi impleachtaí tromchúiseacha an chiorcláin d’fheidhmiú éifeachtach an chórais agus do shealbhú na Gaeilge mar mheán teagaisc agus cumarsáide na scoileanna.
Thug Bláthnaid Ní Ghréacháin,  Ardfheidhmean-nach na heagraíochta aitheasc don toscaireacht inar chuir sí síos ar an éagóir atá déanta ar an earnáil agus ar na scoileanna tríd an chiorclán atá ag baint na rogha ó na gaelscoileanna faoi mhúnla ar leith den tumoideachas a chur i bhfeidhm a bhfuil an-rath agus ardchaighdeán aitheanta ag baint leis, is é sin córas an lán-tumoideachais luaith in Éirinn. Baineadh an rogha seo, a deir sí, trí chur chuige neamheolaíoch, aineolach agus frith-oideachasúil - is é sin, mar “gur dóigh” leis an Aire nach ndéanfaidh an cinneadh seo aon dochar don Ghaeilge. Chuir sí tús lena hóráid le cur i gcuimhne ar  phríomhthosaíocht ó chlár an Rialtais comhaontaithe ina ndearnadh geallúint do neartú na gaelscolaíochta agus ina fhianaise sin, d’ardaigh sí an cheist cé a shílfeadh gur céim in aghaidh na Gaelscolaíochta a ghlacfadh Aire Rialtais mar chéad sprioc d’fheidhmiú Chlár an Rialtais nua?
Soiléiríodh na bearta atá le glacadh ag an eagraíocht mar chuid dá bhfeachtas i seisiún dúnta do na comhaltaí san iarnóin. Ritheadh rúin ag deimhniú sheasamh agus chur chuige na heagraíochta sa bhfeachtas poiblí atá curtha sa tsiúl agus ag éileamh go ndéanfaidh an tAire an ciorclán a aistarraingt láithreach agus feidhmiú de réir mholtaí an CNCM chun tús a chur le clár taighde cuimsitheach faoi cheist an lán-tumoideachais luaith. Glacadh leis na rúin d’aonghuth.
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 168 bunscoil agus 43 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht (ar bhonn 32 contae) ag cur oideachas lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.
Níl an t-iompar seo ón rialtas sásúil in aon chor. Taispeánadh do phobal na Gaeilge nach bhfuil an rialtas tugtha do chur chun cinn na teanga anois agus nach raibh siad riamh. Is mithid don rialtas teacht amach i bhfabhar nó i gcoinne chur chun cinn na Gaeilge. Ag an stad seo is cosúil nach bhfuil siad agus níl mórán dóchais ag pobal na Gaeilge iontu a thuilleadh ach an oiread.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland