Top Issue 1-2024

13 September 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Crancáin

Agus má ag bladaráil liom, tá an Ghréig trí thine agus Stiofán Staunton ag foghlaim conas Béarla a labhairt os comhair na gceamaraí.
An fear bocht tá sé dall ar fad ar an scéal – ba chóir dó iarraidh ar an Athair Ian cuidiú leis ós rud é nach mbeidh mórán le déanamh aige ón bhliain seo chugainn ar aghaidh. Tá trua agam do na ‘guys’ tar éis an taispeántais in aghaidh na foirne pinsinéirí ón Namaib – cad é an scéal leis an Namaib – cén fáth a bhfuil achan duine ar an foireann bán, iarshaighdiúirí ón Afraic Theas agus dream smuigleálaithe ag éalú ón Rialtas.
Déarfainn go raibh na ‘guys ar an piss - roight’ agus cad é an scéal leis na geansaithe nua teanna atá  ceangailte lena gcorp – ní bheadh leathchuid den tír in ann iad a tharraingt thar a mbolg agus ní bheadh an leath eile in ann iad a cheannach ar ochtó euro.
Cad atá ag tarlú don tír – Máirtín Mac Aonghusa ag cur fáilte roimh fhoireann cruicéid agus Protastúnaigh ag imirt iománá – tá caint anois faoi leagan Pháirc Windsor agus séipéal a chur ina háit.
Ar a laghad beidh Celtic agus Rangers againnn - beidh muintir sacair caillte mura mbeidh namhaid ceart acu.
Bhí na mílte ‘guys’ in Bordeaux i gcomhair an chéad chluiche mór sa Chorn Domhanda agus leath díobh gléasta suas mar leipreacháin agus féasóg rua orthu, ag slogadh siar an Guinness agus Bacardi ar son na hÉireann agus ar thóir ‘Brístí Oráiste’  agus ‘an bhfuil aon seans Frauline?’
Ní raibh mórán ón Namaib le feiceáil - déarfainn go bhfuil siad gafa le Cogadh Cathartha nó coup nó ag maireachtáil ar fiche punt sa mhí.
Bhíomar ag súil le bua mór ag Brian agus Peadar Beag ach ba bheag gur scrios muintir na hAfraice an chóisir – an bhfuil a fhios ag éinne cá bhfuil an Namaib ar an léarscáil?
Tá an chéad chluiche eile in aghaidh na Georgia – ní bheidh aon fhadhb ansin mar níl ach cumann amháin in Atlanta agus ta 90% den daonra ag maireachtáil ar
Taco Bell agus Rí na mBurgar agus ag féachaint ar Jerry Springer.
Cé go bhfuil sé deacair a rá tá mé den bharúil go bhfuil rugbaí agus Peil na hAstráile níos fearr ná an pheil ghaelach mar chluiche – seasann iomáint ar a chosa féin mar an spórt is fearr ar domhan.
In ainneoin an bhruscair ar Sky Sports agus na gruaigairí ag pógadh a chéile ar an talamh, níl aon dul as ach go bhfuil an Premiership strambánach agus i gcomhair  daoine ata ag lorg leithscéal éalú ón bhean chéile agus alcólaigh.
Cad faoi Thír Eoghain bhocht agus iad gafa leis na madraí fíochmhara ag ithe a chéile, ós rud é gur chaill siad amach ar Sam go luath sa Samhradh.
Chaill mé go leor airgid ar an teorainn ag féachaint ar throid na gcoileach agus na feirmeoirí ag marú a chéile ach tá sé níos suimiúla ná titim i do chodladh ag féachaint ar Chiarrai ag marú Chorcaí sa pheil agus ag cur seachtó punt amú.
Is mithid do CLG cosc iomlán a chur ar an pheil agus díriú isteach ar an iomáint agus í a chur ar an churaclam i ngach scoil sa tír in ionad an chaint sin faoi na fir le sciatháin, an Spiorad Naofa, Hocus Pocus agus sagairt ag  pósadh a mná tí.
Ar aon nós tá mé ag díríu ar dheisceart na Fraince ar mo luamh agus beidh mé ag súil nach mbeidh muintir Olé-Olé ann  – agus casfaidh mé le  AJ  agus a chara Eoghan Harris agus is breá liom na fir leis na  liathróidí aite – an léann éinne an t-alt seo nó an féidir liom masla a chaitheamh anuas ar leath na tíre.
Ar aon nós, beidh mé ag éirí as go luath agus tá me ag súil le gearán ó chancrán éigin roimh an deireadh.
Má tá tú ag iarraidh clú agus cáil mar scríbhneoir ar an leathanach seo cur dhá mhíle euro chugam agus is leatsa e.
Oíche mhaith.

Foclóir

Cancrán...crank (half of Dublin)
Taispeántas...display
Namhaid...enemy
Brístí Oráste...Fanta Pants
Strambánach...boring
troid na gcoileach...cock fighting
in ainneoin...in spite of
luamh...yacht


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland