Top Issue 1-2024

6 September 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

POIT

Oh mo Dhia!  Tá na daoine beaga istigh i mo chloigeann le casúir agus druil ag obair go dian.
Gheall mé go mbeidh deoch amháin agam agus mé lánsásta i ndiaidh cúpla míle rith sa pháirc leis na bomáin.
Ní raibh aon dochar i ceann breise agus bhí mé in ann ceathair nó cúig phionta a láimhseáil go dtí gur thosaíomar ar an Zambúca agus an tequila le muintir an Mheicsiceo, bhí ar na hÉireannaigh an péist ag bun an bhuidéil a shlogadh siar agus cúpla chéad euro a chur ar an mbord pócar; bricfeasta ag a sé sa bhialann ardnósach sin Abrakebabra agus ar aghaidh go dtí an síbín luath agus deoch an dorais.
Ar obair anois agus ag geallúint dom féin nach ndéanfainn seo ríamh arís, ach amháin ar son na hÉirinn agus nuair a bhuann An Chlár an Chraobh arís – l’imeachtaí i mbliana tá cuma ar an scéal nach dtarlóidh sin go dtí an 22ú chéad – ó shiúl Davy Fitz ón phairc imeartha i Mí Eanair tá cursaí CLG sa chondae cosúil le scéal ó Eastenders – bhí cainteanna síocháin idir an bainisteoir agus an cúlbaire ach ní bhfuair siad aon chomhairle ó Mairtín Mac Aonghusa roimh ré agus lean an scoilt; d’éirigh roghnóir nó dhó as  agus imreoir nó dhó agus bhí an tosaithe is fearr ag taisteall timpeall an domhain ar rothar in ionad bheith ag fáil bás ar son an gheansaí.
Bhuail Corcaigh agus Luimneach cac asainn agus d’eagraigh Bord an Chondae ‘Oíche na Scian Fada’, nuair a fuair siad réidh leis an bainisteoir agus é ar a laethanta saoire.
Ar bharr athann rud tá Ger Loughnanae fós sna cinnlíntí spoirt, deich mbliain i ndiaidh corn a bhuacaint agus ag troid le réaltaí Cill Chainnaigh agus duine ar bith atá ag lorg argóint – buafaidh an Chlar clár sobail na mbliana.
Ar an taobh eile bhí Cill Chainnaigh ag laimhseáil buacaint Liam Mac Carthaigh i mbealach uasal agus chuir siad i gcuimne dúinn go bhfuil rudaí eile tabhachtach sa domhain.
Tá cuma ar an scéal go mbeidh ar na chondae eile sa tír teacht le chéile agus foireann a chur le chéile nó beidh Cill Chainnaigh ag buacaint athann craobh go dtí 2050!
Beidh Ciarrai ag glacadh seilbh ar Sam ar an Domhnach taréis léasadh a thabhairt do Chorcaigh agus beidh Billy Morgan ag cur an cad thíos a bhríste arís agus na tuathaigh ag damhsa agus ag ól Zambúca in óstan Barry’s le Red Hurley agus an cúl catach gruaigeag bogadh ar a chloigeann.
Beidh muintir Chorcaigh ag caitheamh ceapairí ar an réiteoir agus ag glaoch droch ainm air; dúirt Ciarraíoch le deanaí nach bhfuil i  muintir Iarthar Chorcaí ach Ciarraíoch gan bróga!
Ba chóir do na tuathaigh cuairt a thabhairt ar na ‘Baile na tSínigh’ ar shráid Phairneill agus iad i mBarry’s – sé Ali Lang’s agus an Hop
House na cinn is deise ach níl fhios agam an Gaeilge ar ‘sú-sí’ agus ní dhíolann siad madra mairbh ach ba chuma leat tar éis cúpla Zambúca’s.
Má ta tú ríamh ar oiléan Valentia agus muintir Chiarrai ag plé cursaí peile ó mhaidin go hoíche- tá áit darbh ainm
‘Caife an Teach Solais’ ar an taobh eile den oiléan – tabhair cuairt air mar s’é an bialann is fearr sa tír agus tá tú i bhfad ón chathair gruaimeach, óstan Barry’s agus na deabhal Zambucas!

Foclóir

poit...sore head
péist...worm
síbín...pub
roghnóir...selector
clar sobail...soap opera
cad...football
baile na tSínigh...Chinatown
Barry’s...nightclub for Mullahs
sú-sí...sushi
bialann...restaurant


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland