Top Issue 1-2024

30 July 2010

Resize: A A A Print

Cúlchaint


Baill Bhoird agus moltaí laga Fhine Gael

TÁ SÉ maíte ag Fine Gael go n-athróidh siad ballraíocht gach Bord Stáit taobh istigh de sé mhí ach iad a bheith ina rialtas i ndiaidh na gcéad toghcháin eile agus go bhfuighfidh baill nuacheaptha cáipéis ag míniú a gcuid dualgas agus go gceapfaí na baill ar bhonn fiúntais.
Ní théann na moltaí seo fada go leor. Ní mhíníonn siad, mar shampla, cad is fiúntas ann. Cé go bhfuil an polasaí molta seo dírithe ‘in aghaidh’ Fianna Fáil, d’oibreofaí ‘ar son’ Fine Gael mura bhfuil athrú sa chóras ceapacháin féin do Bhoird Stáit, agus athmhachnamh ar ról na mbord céanna.
Tá na céadta daoine ceaptha ar bhoird stáit ar fud an oileáin seo, ar an tuiscint go gceaptar iad ar leas an phobail. De ghnáth ní bhíonn aon fhadhb daoine a aimsiú atá toilteanach a bheith ar bhoird lena n-íoctar táillí cé go mbíonn deacrachtaí, uaireanta, daoine a aimsiú do bhoird deonacha (boird bhainistíochta scoileanna mar shampla).
Go stairiúil, áfach, déantar cuid de na ceapacháin ar bhoird mar aisíocaíochtaí polaitiúla (iarrthóirí nár éirigh leo i dtoghcháin, daoine a chuidigh ‘leis an pháirtí’, baill teaghlaigh pholaiteora agus araile). Níl sé sin le rá nach mbíonn daoine cumasach i measc na gceapachán seo ach leis an chóras mar atá níl aon bharántas go gceaptar na daoine is fearr ar bhoird, nó, go gceapfar na daoine cuithe do na boird éagsúla.
Thiocfadh le duine a bheith an-chumasach i réimse amháin gan a bheith chomh héifeachtach i réimse eile. Agus ní réiteach é an scuab glan atá á mholadh ag Fine Gael ar an fhadhb áirithe sin, le hathrú pearsanra ó lucht tacaíochta Fianna Fáil go lucht tacaíochta Fine Gael ach gan aon tagairt do chóras roghnaithe a bheadh bunaithe ar chumas (seachas fiúntas). Agus deirim sin mar dhuine atá, faoi láthair, ina bhall de bhord trasteorann.
Tá bealaigh éagsúla in úsáid i dtíortha eile le boird stáit a líonadh ach ba chóir ar a laghad, go mbeadh córas trédhearcach ann. Thiocfadh, mar shampla, go mbeadh próiséas ar bhun a ligfeadh don ghnáth shaoránach a (h)ainm a thairiscint ar liosta feithimh d’áiteanna ar bhoird stáit. Bheadh ar an stát a chinntiú go mbeadh ionadaíocht leathan agus cothrom ar an liosta ó thaobh bán, óige, agus aicme de agus sin a dhéanamh tríd folúntais ar an liosta a fhógairt sna meáin ar fad.
Chuirfí scrúdú/agallamh ar iarrthóirí le scileanna an duine a fhiosrú (scileanna sa saol, cáilíochtaí acadúla, taithí praiticiúla, díograis srl) le critéir trédhearcach réamhaontaithe in úsáid ag an bhord agallaimh agus bunaithe ar sin déanfaí gearrliosta, nó gearrliostaí, a bheadh beo i gcónaí ba chuma athrú rialtais nó athrú páirtithe i gcumhacht. Bheadh ar iarrthóirí a léiriú go raibh spéis acu san ábhar/réimse sular éirigh an folúntas ar an bhord agus go mbeadh saineolas, nó sainscileanna nó fís acu chomh maith le tuiscint ar spriocanna agus cuspóirí an bhoird féin. Ní bheadh ballraíocht páirtí polaitiúil ina míbhuntáiste ar ndóigh ach ní bheadh sé ina bhuntáiste ach oiread - rud nach bhfuil soiléir fós i moltaí Fine Gael.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland