16 August 2007 Edition

Resize: A A A Print

Slógadh Shinn Féin

Sheol Uachtarán Sinn Féin Gerry Adams MP MLA Slógadh bliantúil Shinn Féin i mBaile Átha Cliath (19-21 Deireadh Fómhair) de Máirt agus mhol sé do Ghaeilgeoirí agus do fhoghlaimeoirí a bheith páirteach agus sult a bhaint as na himeachtaí éagsúla.
Dúirt Adams:
“Tá Sinn Féin ar thús cadhnaíochta i dtábhacht na teanga agus an chultúir Ghaelaigh a chur chun cinn agus a háit a chosaint le linn na hidirbheartaíochta a raibh Comhaontú Aoine an Chéasta agus Comhaontú Chill Rímhinn mar thoradh uirthi ar bhonn uile-Éireann.
“Is iad Sinn Féin an t-aon pháirtí polaitiúil a eagraíonn comhdháil bhliantúil Ghaeilge.
“Tugann an Slógadh Gaeilgeoirí le chéile le haghaidh díospóireachta, ceoil agus craic.
“Tá sé oscailte do chách.
“Is í maireachtáil agus athbheochan na Gaeilge scéal bhua cultúrtha ár dtíre. Tá níos mó daoine ag úsáid na Gaeilge in aghaidh an lae. Tá páistí óga go háirithe á n-oiliúint trí mheán na Gaeilge in uimhreacha atá ag dul _i méad agus caithfear a dtodhchaí agus a gcearta a chaomhnú.
“Molaim go gach duine, idir óg agus aosta freastal ar an taispeántas seo ar chultúr na hÉireann agus le leanstan ar aghaidh ón deireadh seachtaine thar barr anuraidh i mBéal Feirste.”

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland